I nGaeilge amháin a bheidh ainmneacha comhlachtaí poiblí nua as seo amach agus feidhm tugtha d’fhorálacha eile san acht teanga.
Chomh maith leis sin beidh ar chomhlachtaí poiblí aon lógónna nua a bheith i nGaeilge nó go dátheangach.
Beidh sé in aghaidh an dlí feasta chomh maith ag comhlachtaí poiblí gan freagra i nGaeilge a thabhairt ar theachtaireacht Ghaeilge a fhaigheann siad ar na meáin shóisialta.
Lena chois sin, caithfidh aon chomhfhreagras margaíochta a scaipeann comhlacht poiblí ar an bpobal a bheith i nGaeilge amháin nó go dátheangach.
Faoi fhoráil eile d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tiocfaidh gnéithe de na seirbhísí a chuireann an tríú páirtí ar fáil do chomhlachtaí poiblí faoin reachtaíocht teanga.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne inniu go bhfuil ordú sínithe aige ionas go dtiocfaidh feidhm le forálacha deireanacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ar an 21 Nollaig 2024.
Nuair a tugadh isteach na leasuithe ar an acht teanga ar an 21 Nollaig 2021, bhí dualgas reachtúil ann go gcaithfí feidhm a thabhairt do na forálacha go léir laistigh de thrí bliana.
Dúradh gur “caibidil nua” a bhí san fhógra in “aistear i dtreo seirbhíse poiblí dátheangaí in Éirinn”.
Fógraíodh chomh maith go raibh feidhm á tabhairt do na forálacha san acht a bhaineann le cosaint a thabhairt d’úsáid agus taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge, úsáid chruinn an síneadh fada san áireamh.
Tá céim sa bhreis i gceist le feidhm a thabhairt do na cearta teanga sin, áfach.
Faoin reachtaíocht leagfar dualgas i leith ainmneacha agus seoltaí daoine ar chomhlachtaí poiblí trí fho-orduithe a dhéanamh amach anseo agus chun fo-ordú dá leithéid a dhéanamh, chaithfeadh Aire na Gaeltachta cead a fháil ón Aire ar a mbeadh freagracht an chomhlachta phoiblí sin.
Dúradh go rabhthas ag súil le tús a chur leis an bpróiseas sin sa chéad leath de 2025. Dúradh go dtosódh an próiseas sin in 2025 “in éindí leis na caighdeáin teanga”, gné bhunúsach den reachtaíocht teanga nach bhfuil aon radharc uirthi trí bliana ó achtú an bhille leasaithe.
Bhí córas na gcaighdeán – an córas nua faoina gcuirfear dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil – le teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo caite, ach chuir an Rialtas an sprioc sin siar.
Dúradh inniu gur in 2025 a chuirfear tús leis an obair atá le déanamh chun córas na gcaighdeán teanga a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Faoi chóras na gcaighdeán, leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Mar shampla, bheadh níos mó dualgas ar an nGarda Síochána agus na Coimisinéirí Ioncaim ná mar a bheadh ar Oifig an Ard-Aighne nó Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ar beag an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal
Dúradh inniu gur “forbairt thábhachtach” a bheidh sna Caighdeáin Teanga nua “a leagfaidh dualgais shoiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal”.
Chuir Aire na Gaeltachta Catherine Martin fáilte roimh fhógra an lae inniu.
“Bliain mhór shuntasach don Ghaeilge a bheidh in 2025 a athróidh agus a neartóidh cearta teanga agus úsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí. Cuireann an tAcht bonn daingean faoi sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus tugann sé treoir shoiléir do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga,” a dúirt Martin.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne gur “obair stairiúil agus nuálach” a bhí ar bun ó thaobh na reachtaíochta.
“Tá an pobal ag súil le seirbhísí Gaeilge den scoth agus tá sé de cheart acu iad sin a fháil. Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh ó achtaíodh an tAcht leasaithe trí bliana ó shin,” arsa Byrne. Dúirt sé go gcuirfí “dlús” leis an obair sa chéad leath de 2025 chun a chinntiú “go dtosaíonn na píosaí seo go léir ag teacht le chéile idir an Plean Náisiúnta agus Gníomhaíochta, na Caighdeáin Teanga agus na forálacha seo”.
Siún
Tá lógó aonteangach Transport for Ireland scanallach.
Agus Sin Sin
Rinneadh iarracht comhfhiosach in Transport for Ireland a chinntiú nach mbeadh an lógó ná teideal an eintitis sin dsthean. Bhíodar ag iarraidh sin go sonrach, mar sin de chláraigh siad “Transport for Ireland” mar bhranda chun a chinntiú nach mbeadh orthu aon leagan Gaeilge dá ainm a chur aon áit. Ba shuarach an mhaise é.
An tEisreachtach
Agus ‘Electric Ireland’ gan leagan Gaeilge, agus gan cead ag na Gaeilgeoirí géilliúla in RTÉ ‘RTÉ a hAon’ a thabhairt ar RTÉ1 i bhfógraí Gaeilge.
An leagan Béarla (‘branda’ atá ann, tá a fhios agat!) a thugtar orthu a úsáid.
Tuilleadh buinní Gallda!