‘Véarsa salach nó dhó d’Óra Mháire Mhóir ag bord an bhricfeasta mar anlann leis an mbagún agus na huibheacha’ – Aodh Ó Coileáin

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, Aodh Ó Coileáin, Cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce agus léachtóir sa chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh.

‘Véarsa salach nó dhó d’Óra Mháire Mhóir ag bord an bhricfeasta mar anlann leis an mbagún agus na huibheacha’ – Aodh Ó Coileáin

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Trá Lí, 1982. Léirigh an tAthair Tomás Ó hIceadha seó ag an Oireachtas a ríomh an traidisiún scéalaíochta in Éirinn: Ón Seanchaí go Sam Beckett. Théimis trasna go Club na Féile in óstán an Brandon gach oíche tar éis an tseó. Bús ceoil agus an t-urlár brataithe le rinceoirí seit. Bhí gairleog ite ag seit amháin acu agus bhíodar ag broimneach ar nós an diabhail. Ba é sin an chéad uair a chuala iomrá ar ghairleog. Ní déarfad ach gur seit polcaí agus sleamhnán a bhí ann!

An rud is fearr faoin Oireachtas:

Fearacht na Nollag, ní tharlaíonn sé ach uair in aghaidh na bliana.

An rud is measa faoin Oireachtas:

Bíonn tú bliain iomlán ag feitheamh leis

Cill Airne arís?

Bog, bog, bog! Is leor bliain amháin in aon bhaile.

Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Mil agus líomóid a bhreith leat agus diabhal áit níos fearr ná seomra an allais chun a bheith ag cleachtadh. Braithfidh an úsáid a bhainfidh tú as an mhil agus an líomóid ar thoil do pháirtí.

Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Tá cuid de chroí an Oireachtais i gClub na Féile, is ag Corn Uí Riada atá cloigeann an Oireachtais. Is fearr liom croí an scéil.

Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Leithéidí Ry Cooder, Linda Perry, Dónal Lunny, WondaGurl, John Reynolds a fhostú chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhormáid, comhdhéanamh agus leagan amach an tseó beo ar a dtugtar Corn Uí Riada.

Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Véarsa salach nó dhó d’Óra Mháire Mhóir ag bord an bhricfeasta mar anlann leis an mbagún agus na huibheacha..

Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Úsáid a bhaint as an linn snámha san óstán.

Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Oireachtas an Daingin 1987. Bhí scata tagtha ón nGaillimh im theannta. D’fhágadar a gcuid málaí i dtigh lóistín mo mhuintire sa Daingean. D’fhilleadar ag 4.25am ag lorg a gcuid bagáiste. Bhí duine de na lóistéirí, fear ó Yorkshire Shasana, ina shuí ag úsáid an leithris. Nuair a chuala sé an clampar thíos staighre agus na daoine ar fad ag fágaint an tí le málaí, ghlaoigh sé ar na Gardaí. Garda ab ea m’athair, bhí sé sa tigh, d’fhan sé ina chnap codlata. Oireachtas an Daingin 1987: fonn, féile agus filíocht.

Fág freagra ar '‘Véarsa salach nó dhó d’Óra Mháire Mhóir ag bord an bhricfeasta mar anlann leis an mbagún agus na huibheacha’ – Aodh Ó Coileáin'