Bhí mé ag léamh le gairid nach gcaitheann Kate Middleton aon vearnais dhaite ar a hingne ar chúis amháin – is cosúil nach n-aontaíonn seanmháthair a fir chéile lena leithéid.
Shílfeá nach mórán de leithscéal é sin ach b’fhéidir más í banríon Shasana an tseanmháthair chéanna go gcreideann an lucht ríoga go gcaithfear géilleadh di. Ceadaítear vearnais ingne ach í a bheith ar dhath neodrach nó pincbhéasa ach thairis sin níl mórán fáilte roimpi ar na méara galánta i bpálás Buckingham, de réir na dtuairiscí.
Tá faitíos orm gur strainc nó grainc a bheadh ar an mbanríon chéanna dá bhfeicfeadh sí cuid de na vearnaisí ingne atá roghnaithe agamsa ach ní chaillfidh mé codladh na hoíche dá bharr sin!
Barry M ‘Peel It! Peel Off Basecoat’ ar fáil ar €4.04
In áit bunchóta a chaitear an ceann seo agus tá sé ar fheabhas ar fad don té gur maith léi an dath a athrú go minic. Ní theastaíonn aon ghlantóir vearnaise ingne lena bhaint díot agus is féidir é a scamhadh díot ar iompú do bhoise.
Orly Colour Blast ‘Nude Crème’ ar fáil ar €12.95
Seo branda iontach a úsáidtear in go leor salón áilleachta agus dath neodrach nó pincbhéasa air. An-oiriúnach dá mbeifeá ag dul ar bhainis i bpálás Buckingham!
Essie ‘94 Lapiz of Luxury’ ar fáil ar €12.99
Is breá liom féin an dath álainn gorm seo ó Essie. Tá sé deas éadrom anois teacht an earraigh.
Sally Hansen Miracle Gel ‘Adrenaline Crus’ ar fáil ar €13.49.
Bhíodh cáil mhór roinnt blianta ó shin ar bhranda Sally Hansen as na táirgí donnaithe bréige ach seo anois vearnais ingne mhiotalach uathu atá an-deas.
WAH London ‘An Even Bigger Splash’ ar fáil ar €11.00.
An saothar ealaíne le ‘A bigger splash’ le David Hockney a bhí ina inspioráid do dhath deas seo an mhiontais.
Barry M Coconut Infusion Gel Nail Paint ‘6 Flamingo’ ar fáil ar €7.49
Dath lonrach oráiste atá ar an gceann seo agus tá sé lán le hola agus le huisce ón gcnó cócó chun leas a dhéanamh do na hingne.
Nails inc ‘Mayfair Market Mews’ ar fáil ar €14.00
Don té nach bhfuil iontach ag cuir vearnais ingne orthu féin, seo rogha eile – vearnais ingne ar sprae é agus dath ór an róis air.
Ciaté ‘Antique Brooch” ar fáil ar €12.16
Seo ceann don té ar maith léi a cuid ingne a bheith ag lonrú go glioscarnach. Dath órga atá i gceist agus ní theastaíonn mórán cótaí den cheann seo.
Seche Vite ‘Dry Fast Top Coat’ ar fáil ar €12.99
Seo an brat uachtair is fearr a d’úsáid mé riamh. Triomaíonn sé go sciobtha agus fágann sé na hingne an-lonrach ar fad.
Carraig
‘Táim ar aon aigne le banríon Shasana’! Anois tá sé ráite agam agus níor cheap mé go ndéarfainn a leithéid go deo. Dath atá lán de cheimiceáin urchóideacha a chur ar do ingne! Fastaím! Sciomar maith a thabhairt orthu go rialta mar is fúthu istigh is fearr le frídíní lonnú agus pórù. Gan a bheith á mealladh le tuilleadh bréantais. Nach sibhse atá rabairneach!