Úsáid bainte ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa as teanga Bhríd agus Phádraig le beannachtaí na féile a ghuí

Chas Roberta Metsola inné leis an Taoiseach Leo Varadkar agus thapaigh sí an deis beannachtaí na Féile Bríde a ghuí ar dhaoine ar na meáin shóisialta

Úsáid bainte ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa as teanga Bhríd agus Phádraig le beannachtaí na féile a ghuí

Ní rud annamh é ag polaiteoirí idirnáisiúnta mór le rá úsáid a bhaint as an nGaeilge ar Lá Fhéile Phádraig, ach d’fheadfadh go bhfuil nós nua bunaithe ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola a d’iompaigh ar an nGaeilge chun beannachtaí na Féile Bríde a ghuí ar dhaoine.

Chas Roberta Metsola inné leis an Taoiseach Leo Varadkar roimh chruinniú den Chomhairle Eorpach, agus thapaigh sí an deis beannachtaí na Féile Bríde a ghuí ar dhaoine ar na meáin shóisialta.

“Agus le gach dea-ghuí ar Lá Fhéile Bríde amárach,” arsa Metsola i dteanga Bhríd agus Phádraig.

Dúirt an nuachtán ar líne Politico gur léir go raibh Metsola ar a seacht míle dícheall ag iarraidh daoine a thabhairt léi agus í ag ullmhú do thoghchán Pharlaimint na hEorpa.

Fág freagra ar 'Úsáid bainte ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa as teanga Bhríd agus Phádraig le beannachtaí na féile a ghuí'