Urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais ar tí vótáil in aghaidh an mhargaidh rialtais

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais, Peter Kavanagh, gurb é is dóichí ná a mhalairt go vótálfaidh sé i gcoinne an mhargaidh le Fianna Fáil agus Fine Gael

Urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais ar tí vótáil in aghaidh an mhargaidh rialtais

Tá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais i measc na mball aitheanta den pháirtí sin ar dócha go vótálfaidh siad i gcoinne an Rialtais.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt urlabhraí Gaeilge an pháirtí, Peter Kavanagh, gur dóichí ná a mhalairt go vótálfaidh sé i gcoinne an mhargaidh le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Luaigh Kavanagh, ar comhairleoir contae do Chluain Dolcin é, trí údar ar leith lena dhoicheall roimh an bplean – an t-athrú aeráide, cás na teanga agus an chóir shóisialta. Dar le Kavanagh go bhfuil an clár rialtais an-lag agus doiléir i dtaobh na n-ábhar sin go léir.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais go raibh an Ghaeltacht fágtha san fhaopach cheana féin agus gur in olcas a rachadh an scéal dá nglacfaí leis an gclár rialtais. Thug sé le fios chomh maith nach raibh rian a pháirtí le feiceáil ar an mír faoin nGaeilge sa dréachtchlár rialtais.

“Tá an Ghaeltacht i gcruachás atá déanta níos measa ag COVID-19 agus ní dóigh liom go seasann an clár rialtais seo leis na geallúintí a thugamar le linn an toghcháin,” arsa Peter Kavanagh.

Dúirt Kavanagh, atá ag tacú le Catherine Martin in aghaidh Eamon Ryan sa chomórtas do cheannaireacht an pháirtí, gur “ar éigean” go n-éireodh le haon duine ina pháirtí tabhairt air a intinn athrú faoin gclár.

“Ní haon ribín réidh a bheadh ann ag pé duine ar mhaith leo breith ar an bhfón agus scairt a chur orm,” ar sé.

Is gá go dtacódh dhá thrian den Chomhaontas Glas leis an gclár rialtais chun go n-éireodh leis an rún go rachfaí i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.

 

Fág freagra ar 'Urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais ar tí vótáil in aghaidh an mhargaidh rialtais'