Uirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AI  

Tugadh taispeántas den uirlis nua ‘Fotheideal’ ag 'réamhsheoladh' a bhí ar siúl ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste

Uirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AI  

Tá uirlis nua ar fáil ó lucht Abair.ie a ligeann don úsáideoir físeán nó comhad fuaime i nGaeilge a uaslódáil agus tras-scríobh uathoibríoch a dhéanamh air. Tá ‘Fotheideal’ bunaithe ar na huirlisí intleachta saorga atá á bhforbairt le tamall de bhlianta ag foireann Shaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Tugadh taispeántas den uirlis nua ag ‘réamhsheoladh’ a bhí ar siúl ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. D’uaslódáil Liam Lonergan, duine d’fhoireann Abair.ie, físeán de bhuaicphointí cluiche iomána idir Tiobraid Árann agus Corcaigh. Rinne an meaisín tras-scríobh beo ar an méid a bhí á rá ag na tráchtairí go huathoibríoch. Bhí cúpla botún sa tras-scríbhinn ach dúirt Lonergan nach mbeadh le déanamh ach súil a chaitheamh air agus é a “ghlanadh”.

“Is féidir eagarthóireacht a dhéanamh ar na botúin, agus cabhraíonn na ceartúcháin sin leis an rud a fheabhsú. Seo ceann de na pointí is tábhachtaí, is féidir le pobal na Gaeilge cur le teicneolaíocht na Gaeilge. Is féidir a dheimhniú go bhfuil an tras-scríobh ceart [trí chnaipe a bhrú] agus is féidir linn é a úsáid arís sa phróiseas traenála,” a dúirt Lonergan.

Nuair a bhíonn an tras-scríbhinn déanta ag Fotheideal, is féidir é a íoslódáil mar chomhad.doc nó mar chomhad.srt (atá go maith le fotheidil a chur ar fhíseáin). Nuair a dhéantar an íoslódáil, bíonn an tras-scríbhinn ar fad ann, bíonn lipéid na gcainteoirí (‘Cainteoir 1’ go huathoibríoch nó ainm duine má chuirtear isteach é) ann, agus bíonn stampa ama le gach rud a dúradh.

Dúirt Lonergan gur léiriú ar a fheabhas is atá an uirlis le comhaid dheacra a bhí sa sampla a thug sé den chluiche iomána mar bhí gleo na páirce agus beirt chainteoirí a bhí ag labhairt go han-sciobtha san fhíseán.

Thaispeáin sé samplaí eile den uirlis agus taifeadtaí den chlár Ardtráthnóna le Máirtín Tom Sheáinín agus amhrán ar an sean-nós á chanadh ag Sláine Ní Chathalláin, a bhuaigh Corn na mBan in 2022, á dtras-scríobh ag an meaisín. D’éirigh go han-mhaith le Fotheideal na focail a bhí á rá agus á gcanadh a thabhairt slán i bhfoirm scríofa.

“Is córas é seo atá bunaithe ar an AI. Do mo PhD, tá mé ag obair ar an aithint cainte. Tá sé beagnach críochnaithe agus seo ceann de thorthaí an taighde. Baineann muid úsáid as, ní hamháin an aithint cainte ach teicneolaíocht intleachta saorga, leis an obair a dhéanamh.

“Tá an córas seo chun cinn ar na córais atá ar fáil ó na comhlachtaí móra Microsoft Azue, Speechmatic, agus Elevenlabs. Tá an teicneolaíocht seo chun cinn orthu ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt Lonergan.

Dúirt sé go mbeidh an uirlis nua úsáideach don deachtú, le fotheidil a chruthú, agus le horduithe ó bhéal a thabhairt do ghléasanna leictreonacha (dála Alex nó Siri).

Tá os cionn 400 uair an chloig d’ábhar fuaime Gaeilge tras-scríofa ag foireann Abair.ie agus iad ag obair ar na córais nua seo. Tá os cionn 9,000 uair an chloig d’ábhar bailithe acu nár tras-scríobhadh fós ach a chuirfidh go mór le cumas na teicneolaíochta nuair a bheidh sé déanta.

Chinntigh an fhoireann go mbeadh an córas chomh húsáideach agus is féidir agus go mbeadh a laghad oibre agus is féidir le déanamh ag an té a bheadh i mbun eagarthóireachta ar na téacsanna a chuirfeadh an uirlis ar fáil. Chuige sin, chinntigh siad go mbeadh poncaíocht agus ceannlitreacha á gcur go huathoibríoch ar na téacsanna, le go mbeadh an t-ábhar “i bhfad níos éasca a léamh”.

Beidh an fhoireann anois ag díriú ar thraenáil an chórais le dul i ngleic leis an gcódmheascadh – an t-athrú ó Ghaeilge go Béarla agus úsáid na bhfocal iasachta sa chaint – a bhíonn thar a bheith coitianta i measc cainteoirí Gaeilge. Ní féidir leis an gcóras déileáil ach le habairtí iomlána Gaeilge i láthair na huaire. Deir lucht Abair go bhfuil sé níos réadúla go mbeifí in ann tras-scríobh ar chomhrá Gaeilge a mbeadh focail Bhéarla ann nó comhráite ina mbeadh idir Ghaeilge agus Bhéarla á labhairt ag daoine.

Tá súil acu an teicneolaíocht a thabhairt chun cinn go dtí go mbeifear in ann ateangaireacht bheo a dhéanamh léi. Dúirt Liam Lonergan gur mhaith leis go mbeifí in ann duine a chur ar stáitse ag comhdháil ag labhairt i nGaeilge agus go mbeadh an lucht féachana in ann an méid a bhí á rá aige a léamh, díreach agus é á rá, ar tháibléad nó ar scáileán eile.

Dúirt sé freisin go bhfágfadh forbairt mar seo go mbeifí in ann fotheidil i mBéarla nó i nGaeilge a chur ar chláir bheo de chuid TG4.

Cháin an tUachtarán tofa, Catherine Connolly an cinneadh a rinne TG4 le linn an fheachtais toghcháin don uachtaránacht an mhí seo caite gan díospóireacht a dhéanamh i nGaeilge ar an stáisiún. Dúirt TG4 go ndearna siad an cinneadh sin mar gheall ar easpa cumais an iarrthóra eile, Heather Humphreys, sa Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Uirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AI  '