Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath le fógraí Gaeilge a thabhairt isteach ar bhusanna

Níl an dualgas ar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath na fógraí Gaeilge a thabhairt isteach go dtí 2029 ach deirtear go dtabharfar isteach iad go luath an bhliain seo chugainn mar léiriú ar a thiomantas don Ghaeilge

Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath le fógraí Gaeilge a thabhairt isteach ar bhusanna

Tá fáilte curtha roimh an scéal go mbeidh teachtaireachtaí i nGaeilge le cloisteáil ar sheirbhís bus a fhreastalaíonn ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Faoi láthair, ní bhíonn na fógraí taifeadta ó bhéal ar an tseirbhís bus a théann idir na críochfoirt agus na carrchlóis ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le cloisteáil ach i mBéarla ach tá sé geallta ag údarás an aerfoirt go gcuirfear fógra i nGaeilge ar fáil gan mhoill.

An Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, a d’ardaigh an scéal leis an Aire Iompair agus tá sé ráite ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath anois go mbeidh an taifeadtaí i nGaeilge le cloisteáil ar na busanna go luath an bhliain seo chugainn.

I bhfreagra a cuireadh ar fáil don Teachta Ó Snodaigh, deirtear go bhfuil dualgas orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go bhfuil fógraí taifeadta ó bhéal ag an Aerfort inchloiste i nGaeilge ar an gcaighdeán céanna leo siúd i mBéarla. Tugadh le fios, áfach, nach bhfuil orthu an dualgas sin a chomhlíonadh go dtí 2029, nuair a thiocfaidh deireadh leis an gconradh don bhus tointeála atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ina ainneoin sin, dúirt an tÚdarás go rabhthas “tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn” agus cur le seirbhísí i nGaeilge agus go mbeadh na fógraí nua le cloisteáil i bhfad roimh 2029 chun an tiomantas sin a léiriú.

“Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath i mbun feithiclí leictreacha nua a chur in ionad an fhlít bus atá ann faoi láthair. Creidimid go dtugann an t-aistriú seo deis iontach chun fógraí Gaeilge a chur i bhfeidhm, agus táimid ag tabhairt tús áite don tionscnamh seo le seachadadh i Ráithe a 1 in 2026,” a dúradh.

Chuir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, fáilte roimh an scéal agus dúirt sé go bhféadfadh comhlachtaí poiblí eile eiseamláir Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath a leanúint agus iad ag cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.

“Ardaíodh an ceist seo liom agus tá mé breá sásta go bhfuil Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ag glacadh leis gur gá an Gaeilge a bheith ar a laghad ar comhsheasamh leis an mBéarla.

“Bheadh sé ar fheabhas dá mbeadh na comhlachtaí Stáit uilig chomh tapa céanna ag aithint ár gcearta mar Ghaeilgeoirí,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath le fógraí Gaeilge a thabhairt isteach ar bhusanna'