‘Údar iontais a sheasmhaí is atá na figiúirí faoi scaipeadh an ghalair’ – NPHET

Caithfear fanacht go dtí an tseachtain seo chugainn go bhfeicfear i gceart cén tionchar a bhí ag scaoileadh na srianta ar scaipeadh an ghalair, ach tá na comharthaí go maith, a deir NPHET

‘Údar iontais a sheasmhaí is atá na figiúirí faoi scaipeadh an ghalair’ – NPHET

Údar ‘iontais’ agus ‘dóchais’ is ea “a sheasmhaí” is atá na figiúirí maidir le scaipeadh an choróinvíris ó tosaíodh ar scaoileadh na srianta dianghlasála.

An tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, a dúirt an méid sin agus é ag tagairt do na figiúrí is déanaí faoi scaipeadh an Covid-19.

Dúirt an tOllamh Nolan nach raibh aon fhianaise ann gur chuaigh scaipeadh an ghalair i dtreise ó scaoileadh na srianta dianghlasála de bheagán ar an 18 Bealtaine.

Dúirt sé go mbeifí ag súil go mbeadh “athrú” éigin sna figiúirí faoin tráth seo ach nárbh amhlaidh an scéal.

Chaithfí fanacht go dtí an tseachtain seo chugainn, áfach, go dtí go bhfeicfí i gceart cén tionchar a bheadh ag scaoileadh na srianta ar scaipeadh an ghalair.

Dúirt an tOllamh Nolan nach bhféadfaí a bheith lánmhuiníneach faoi chúrsaí go fóill ach gur dea-chomhartha a bhuaine is a bhí na figiúirí.

Dúirt sé go bhfuil líon na gcásanna nua sa phobal in aghaidh an lae seasmhach agus é faoi bhun 50.

Dúirt sé go raibh líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim seasmhach chomh maith agus é faoi bhun 50 leis agus go raibh líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu atá á gcur sna hospidéil agus líon na mbásanna ag laghdú i gcónaí.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh ráta scaipthe an ghalair seasmhach ag timpeall 0.5 ag tús na seachtaine seo caite. Thógfadh sé seachtain nó dhó eile le tionchar scaoileadh na srianta ar an ráta scaipthe a mheas, ar sé.

“Feicfimid an tseachtain seo chugainn figiúirí a thabharfaidh léargas dúinn ar an tionchar a bheidh ag Céim 1 ar na slata tomhais is tábhachtaí ó thaobh scaipeadh an ghalair. Táimid ag súil go bhfanfaidh an uimhir-r [an ráta scaipthe] faoi bhun a haon agus nach gcuirfear isteach ar an dul chun cinn atá déanta againn.”

D’fhógair an Roinn Sláinte go raibh naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 46 cás eile den ghalar deimhnithe.

2,157 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,639 duine ó dheas den teorainn agus 518 ó thuaidh di.

29,482 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,803 cás ó dheas den teorainn agus 4,679 cás ó thuaidh.

Fógraíodh go raibh baint le hionad cúraim ag 1,030 den 1,639 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 1,000 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Fág freagra ar '‘Údar iontais a sheasmhaí is atá na figiúirí faoi scaipeadh an ghalair’ – NPHET'