Údar imní ar bith ag daltaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

Ní raibh aon údar imní i scrúdú an lae inné ag daltaí na Sraithe Sóisearaí a raibh an obair déanta acu, dar leis na múinteoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc leo. “Dá bhfiafróinn de mo chuid daltaí féin cén chaoi ar éirigh leo i scrúdú an lae inné, Ardleibhéal T2, bheadh 90% acu sásta leis,” a […]

Údar imní ar bith ag daltaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

Ní raibh aon údar imní i scrúdú an lae inné ag daltaí na Sraithe Sóisearaí a raibh an obair déanta acu, dar leis na múinteoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc leo.

“Dá bhfiafróinn de mo chuid daltaí féin cén chaoi ar éirigh leo i scrúdú an lae inné, Ardleibhéal T2, bheadh 90% acu sásta leis,” a dúirt Jeff Neville, atá ag múineadh i Scoil Ghramadaí Dhroichead Átha i gcontae Lú.

Dúirt Neville nach raibh ach trí cheist ar an bpáipéar a d’fhéadfadh tuisle a bhaint as dalta “nach léifeadh an cheist i gceart” ach dá mbeadh an obair déanta roimh ré ag na daltaí agus na ceisteanna léite go cúramach acu nach mbeadh trioblóid ar bith acu leis na trí cheist sin féin.

“Ní raibh ach b’fhéidir trí cheist ann a bhí beagáinín ‘casta’, agus ní déarfainn gur ‘casta’ an focal ceart fiú – ceisteanna a mbeadh orthu smaoineamh orthu, abair. Sa chéad cheist faoin bhfilíocht, iarradh orthu na mothúcháin a spreag an dán ‘ionat féin’ a lua.

“Tá roinnt daltaí ann a léifeadh an focal ‘mothúcháin’ agus a léimfeadh isteach ag caint faoi na mothúcháin atá sa dán nó a bhí ag an bhfile. Ní bheadh fadhb ag duine a léigh an cheist i gceart.

“An cheist dheireanach a bhí sa léamhthuiscint, ba cheist léirthuisceana a bhí inti agus b’fhéidir go mbeadh daltaí laga ardleibhéil ag streachailt leis sin. Ach na ceisteanna eile, A go D, bhí siad sin go breá, agus na ceisteanna faoin úrscéal, bhí siad sin éasca agus ginearálta go maith,” a dúirt Neville.

Dúirt múinteoir eile, Gearóid Breathnach atá ag múineadh i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gcontae na Mí, go raibh “dúshlán áirithe” sa léamhthuiscint agus go raibh “cuid den ábhar casta” ann ach go mbeadh formhór na ndaltaí a thug faoin scrúdú inné in ann aige.

“Bhí an chuid eile den pháipéar go maith, bhí an cheist faoin ngramadach an-ábhartha don rang agus ní fhéadfainn aon cháineadh a dhéanamh uirthi sin. Bhí meascán tuairimí ann maidir leis an gcluastuiscint [ag na daltaí] ach sin mar a bhíonn, ní raibh aon rud as an ngnáth sna ceisteanna a bhain léi.

“Dá mbeadh scrúdú mar seo ann gach bliain bheimis an-sásta. Bhí dúshlán ann ach bhí rochtain ag na daltaí air, bhí sé ábhartha do shaol na linne seo. Bhí scéalta atá sa nuacht sna léamhthuiscintí agus bhí na ceisteanna faoin litríocht go deas. Dá mbeinn i mo dhalta bheinn an-sásta i ndiaidh an scrúdaithe sin – dá mbeadh an obair déanta agam!” a dúirt Breathnach le Tuairisc.

Dúirt sé go raibh an scrúdú gnáthleibhéil “an-deas” freisin agus nach raibh aon fhadhb leis.

“Fiú an cheist dheireanach sin, an eachtra a tharla ag an dioscó, bheadh na heochairfhocail ar fad ar eolas ag na daltaí agus sin an méid a bhíonn ag teastáil leis na freagraí a aimsiú. Bhí sé an-chóir mar scrúdú,” a dúirt sé.

Bhí Neville ar aon tuairim gur scrúdú “an-fhéaráilte” a bhí ann inné agus go n-éireodh go maith leis na daltaí a thug faoi.

“Bhí roinnt de na páipéir shamplacha a rinne muid i gcaitheamh na bliana deacair go maith agus níos deacra ná seo. Is cuimhin liom ceist ar pháipéar shamplach inar iarradh ar na daltaí dul siar go ceist a tháinig roimpi le freagra a thabhairt.

“Bhí sé [scrúdú 2025] féaráilte go maith. Ní raibh ceist ann faoin ngearrscéal, ach an rud faoin tSraith Shóisearach nua, is cuma cén litríocht a ndéanann tú staidéar uirthi, ní thugtar aon gheallúint go mbeidh sí sin ar an bpáipéar, sin an rud is deacra,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Údar imní ar bith ag daltaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí'