Tá “an-áthas” ar Chonradh na Gaeilge gur éirigh leis an iarratas Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Béal Feirste in 2026 agus tá “coimitmint” tugtha acu go mbeidh siad “rannpháirteach” i gcur chun cinn na Gaeilge le linn na féile sa chathair.
Diúltaíodh d’iarratas Bhéal Feirste an fhéile mhór cheoil a óstáil in 2024 agus luadh easpa soláthair don Ghaeilge ar na cúiseanna ar theip ar an iarracht. Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, go raibh “díomá mhór” ar an eagraíocht teanga nuair a dúradh nach raibh cúrsaí Gaeilge “láidir go leor” san iarratas sin ach go bhfuil “sceitimíní” ar an gConradh anois a bheith “lánpháirteach” i bhFleadh Cheoil na bliana seo chugainn.
“Ag an am, rinne muid neart plé mar phobal anseo. Dar ndóigh bheadh muid ag súil go mbeadh an Ghaeilge lárnach in aon Fhleadh Cheoil a bheadh ag teacht go Béal Feirste mar a bhíonn an Ghaeilge lárnach in achan Fhleadh Cheoil eile.
“Tá dualgas orainn mar phobal i gcónaí an Ghaeilge a thabhairt chun tosaigh sna spásanna seo, go háirithe spásanna atá chomh bainteach agus chomh hábhartha leis an Ghaeilge féin, is é sin an ceol s’againn féin,” a dúirt sé le Tuairisc.
Nuair a fógraíodh in 2023 gur theip ar an iarracht an Fhleadh a thabhairt go Béal Feirste dúirt Conradh na Gaeilge gur mhaith leo “dul i gcomhpháirt” le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le leigheas a fháil ar an scéal. Maíonn Ó Tiarnaigh go bhfuil “comhpháirtíocht thar a bheith maith” anois ag an gConradh leis an gComhairle Cathrach agus go bhfuil an Ghaeilge ag bláthú sa chathair dá barr.
“Tá comhghuaillíocht againn faoi láthair leis an gComhairle Cathrach agus tá siad ag tabhairt neart maoinithe do Sheachtain na Gaeilge trí Chonradh na Gaeilge. Bhí muid ábalta an gaol agus an caidreamh atá bunaithe againn leis an gComhairle le dornán beag blianta anuas a úsáid le cruinnithe a reáchtáil faoin bhFleadh.
“D’éirigh linn a a chur ina luí orthu an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge don Fhleadh Cheoil agus ní hamháin sin ach go mbeadh pobal na Gaeilge i mBéal Feirste lárnach ó thaobh soláthar seirbhísí Gaeilge agus ardán a chur ar fáil. Tá go leor spásanna Gaeilge sa chathair a chuirfear ar fáil le linn aon Fhleadh Cheoil a thiocfadh go Béal Feirste amach anseo,” a dúirt sé.
Thug Ó Tiarnaigh le fios go bhfuil “coimitmint” tugtha ag an gConradh don Chomhairle go mbeadh an eagraíocht teanga agus pobal Gaeilge na cathrach “iontach gníomhach” i bhFleadh Cheoil na hÉireann agus go gcinnteofar go mbeidh “na hionaid Ghaeilge, na grúpaí Gaeilge, agus an Conradh féin” i lár an aonaigh i mí Lúnasa 2026.
“Bhí muid ábalta é sin a chur ar an taifead go hoifigiúil leo agus tuigtear dúinn go raibh an gheallúint sin mar chuid den iarratas a chuaigh isteach. Bhí cruinnithe thar a bheith struchtúrtha ann agus beidh comhoibriú ann maidir leis an nGaeilge a chur i lár an aonaigh.
“Is gá a rá fosta go bhfuil muid ag súil go mbeadh polasaí láidir Gaeilge ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste féin faoin am sin. Bhí próiseas comhairliúcháin ann anuraidh agus tá muid ag súil go mbeidh an tuairisc dheiridh uaidh sin os comhair na Comhairle i mí an Mhárta agus go nglacfar leis go gairid ina dhiaidh,” a dúirt sé.
Níl aon fhógra oifigiúil déanta ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann ná ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste faoin bhFleadh Cheoil a bheith á hóstáil sa chathair ach tuairiscíodh go forleathan inné go raibh an cinneadh déanta í a thabhairt ó thuaidh den dara huair riamh. Bhí an Fhleadh Cheoil ar siúl i nDoire in 2013, an t-aon uair a raibh sí sa Tuaisceart ó bunaíodh an fhéile trí scór bliain ó shin.
Rinne Pádraig Ó Tiarnaigh comhghairdeas leis an gComhairle Cathrach agus “na grúpaí uilig a raibh baint acu leis an iarratas”. Dúirt sé go bhfuil Béal Feirste anois “ar an léarscáil ó thaobh na mór-imeachtaí náisiúnta cultúrtha agus teanga de” ó tharla go mbeidh Oireachtas na Gaeilge, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, agus Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl sa chathair taobh istigh de dhá mhí dhéag.
Breathnóir1
Sílim gur rud iontach a bheadh ann, agus chuirfinn fáilte roimhe ach níl sé fógartha ná deimhnithe go fóill.
Cén dóigh a bhfuil na meáin chomh cinnte sin faoi seo?