DRÁMAÍOCHT
Ceoldráma nuascríofa, Gobnait, ar stáitse i mBéal Átha an Ghaorthaidh
Beidh ceoldráma nua-scríofa Gaeilge ‘Gobnait’ le Alan Kiely, Kevin Connolly agus Seán Óg Ó Duinnín ar stáitse ag Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh thar sé oíche i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gcontae Chorcaí. Suite in aimsir na dTuatha in Éirinn thart ar an mbliain 550 AD, tá ar bhean óg teitheadh óna háit dúchais i gCúige Chonnacht agus a bealach a dhéanamh go dtí an áit ina bhfaighidh sí naoi gcinn d’fhianna geala.
Tagann sí i gcabhair ar na Múscraígh ar bhruacha abhainn an tSuláin agus seasann sí le muintir na háite. Maireann éachtaí Ghobnait i seanchas na ndaoine sa lá atá inniu ann agus déantar ceiliúradh agus athinsint orthu sa saothar nua seo.
Tagann an ceoldráma nua seo sna sála ar Tuairín Dubh a chuir an cumann ar stáitse i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus san Everyman i gCorcaigh sa mbliain 2023. Tháinig thart ar 2,700 duine ag breathnú ar an léiriú sin a bhí ocht n-oíche ar stáitse .
Tá ticéid ar fáil do Gobnait ar Eventbrite anseo.
CEOL
An Veidhlín Muimhneach le Andrea Palandri á sheoladh ag Scoil Cheoil an Earraigh
Beidh seoladh ar albam nua le Andrea Palandri agus leabhar filíochta le Dairena Ní Chinnéide ar cheann d’imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh a bheidh ar bun i mBaile an Fheirtéaraigh ón 19-23 Feabhra. Seolfar An Veidhlín Muimhneach, le Palandri agus Ruairí McGorman á thionlacan, i dTigh Bhric Déardaoin, an 20 Feabhra ag a 4pm.
Is é seo an chéad albam aonair ó Andrea agus tugann an ceirnín ómós do thriúr veidleadóirí ó Shliabh Luachra, Pádraig O’Keefe, Denis Murphy agus Paddy Cronin, triúr a chuaigh i bhfeidhm go mór ar stíl Andrea féin. Tá taifeadadh déanta ag Andrea ar cheol a luaitear leis na fidléirí seo chomh maith le ceol a d’aimsigh sé i bhfoinsí éagsúla Muimhneacha ón 19ú agus ón 20ú haois. Is é an t-ealaíontóir Liam Ó Néill a tharraing an pictiúr ar chlúdach an albaim ‘O’Keefe ag siúlóid’.
€15 atá ar an albam An Veidhlín Muimhneach agus tá sé le fáil i bhfoirm dhigiteach nó ar CD ar shuíomh idirlín Andrea Palandri.
Ag an ócáid sin freisin seolfar an leabhar Teacht Aniar: Meascra Dánta agus Dánta Nua le Dairena Ní Chinnéide, cnuasach dánta leis an bhfile aitheanta as Corca Dhuibhne atá foilsithe ag Éabhlóid. Seinnfidh an t-amhránaí agus an cruitire aitheanta Síle Denvir píosaí ceoil ag an seoladh agus beidh Dairena ag léamh ón gcnuasach nua.
Tá léirmheas Tuairisc ar Teacht Aniar: Meascra Dánta agus Dánta Nua anseo.
Tá clár mór imeachtaí agus ranganna leagtha amach do Scoil Cheoil an Earraigh agus tá tuilleadh eolais agus ticéid le fáil anseo.
CAINT
Caint leis an sléibhteoir Dermot Somers ar son Chumann Tarrthála Sléibhe na Gaillimhe
Beidh Dermot Somers, sléibhteoir, scríbhneoir agus craoltóir ag caint ar son Chumann Tarrthála Sléibhe na Gaillimhe (CSS) ag ócáid in Óstán an Chósta sna Forbacha ar an Déardaoin, an 6 Feabhra. Is mar chuid de shraith chainteanna Geimridh an CSS a bheidh an ócáid á reáchtáil. Tabharfaidh sé caint faoina chuid eachtraí mar dhreapadóir sléibhte sna hAlpa, mar thaistealaí sa tSibéir agus i bhfásach an Sahára, i measc ábhar eile.
Is as contae Ros Comáin do Dermot agus tá cónaí air i nDroichead Átha, Co. Lú anois. Is iomaí clár taistil agus eachtraíochta atá curtha i láthair aige i gcomhpháirt le Crossing the Line Productions agus tá saothair leis curtha i gcló i mBéarla agus i nGaeilge agus gradaim gnóthaithe aige sa dá theanga. I measc na leabhar atá scríofa aige tá an leabhar ficsin Buaic (Cois Life, 2006) agus an leabhar is deireanaí leis atá i gcló ná Uncommon Ground: Adventures with Outsiders in Remarkable Terrain (Choice Publishing, 2024).
Beidh ‘Eachtránaithe inár measc’ le Dermot Somers ar bun in Óstán an Chósta, Na Forbacha Déardaoin, an 6 Feabhra ag 8pm. Tá na ticéid ar fáil ar an doras ó 7:15pm. €10 do dhaoine fásta agus €5 do pháistí. Bronnfar na táillí a bhaileofar ar an doras ar Chumann Tarrthála Sléibhe na Gaillimhe. Tá tuilleadh eolais faoin gcumann le fáil anseo.
Is féidir agallamh a rinne Tuairisc le Dermot Somers a léamh anseo.
TEILIFÍS
‘Imbolg’, an dara clár sa tsraith Na Féilte Tine ar RTÉ 1
Craolfar ‘Imbolg agus Téama an Chreidimh in Éirinn’ an dara clár sa tsraith ceithre-chuid, Na Féilte Tine, Dé Luain seo chugainn, an 3 Feabhra ag 6:30pm ar RTÉ 1 agus ar sheinnteoir RTÉ. Tá an tsraith léirithe ag ROSG, do RTÉ agus Coimisiún na Meán, le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann. Scrúdaíonn ‘Na Féilte Tine’ na ceithre fhéile dhúchasacha Éireannacha, Samhain, Imbolg, Bealtaine agus Lúnasa, gach féile acu ag fáiltiú roimh shéasúr nua. Féilte iad atá á gceiliúradh in Éirinn leis na mílte bliain agus sa tsraith seo déantar iniúchadh cuimsitheach orthu.
San eagrán seo den tsraith scrúdaítear traidisiún an Chreidimh in Éirinn agus an t-athrú a rinneadh ó chreideamh dúchasach na mbandéithe chuig an Chríostaíocht agus an creideamh sa lá atá inniu ann. Tosaíonn an clár i gCill Orglan le Féile na mBrídeog, agus breathnaítear ar an traidisiún a bhaineann le déantús na mbrídeog agus an siombalachas a bhaineann le fáilte an phobail a chur roimh an Earrach le paráid, ceol agus rince.
Déantar scrúdú ansin ar léirithe comhaimseartha de na deasghnátha ársa a bhaineann le Bríd, bandia agus naomh, le grúpa Woman Spirit Ireland. Críochnaíonn an clár leis na féilte pobail i gCluain Dolcáin agus i sráidbhaile Chill Dara, agus téamaí an chreidimh in Éirinn á scrúdú.
Is féidir blaiseadh den tsraith a fheiceáil anseo.
FÉILTE
Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach an deireadh seachtaine seo
Beidh Éigse na Brídeoige ar bun in Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí ag tosú inniu agus ag dul ar aghaidh go dtí an 2 Feabhra. Déanfaidh Éigse 2025 comóradh ar an obair a rinne an bailitheoir béaloideasa Tadhg Ó Murchadha (1896 – 1961) nuair a bhí sé ag obair le Coimisiún Bhéaloideas Éireann in Uíbh Ráthach. Clár agus tuilleadh eolais anseo.
Imbolc á cheiliúradh i nDoire
Tá an fhéile cheoil idirnáisiúnta, Imbolc, ar siúl i nDoire ón Domhnach ón 26 Eanáir go dtí Lá’l Bríde, an Satharn beag seo. Tá clár mór imeachtaí leagtha amach d’fhéile na bliana seo – ceolchoirmeacha, ceardlanna, seisiúin cheoil agus imeachta damhsa. Clár agus tuilleadh eolais anseo.
Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn
Ag Tionól Nioclás Tóibín 2025 beidh ceolchoirm speisialta le Muireann Nic Amhlaoibh, Gerry O’Beirne agus Dónal O’Connor sa Rinn ar siúl anocht, an 31 Eanáir. Leanfar ar aghaidh le himeachtaí an tionóil i gcaitheamh an deireadh seachtaine go dtí an Luan an 3 Feabhra. Liosta na n-imeachtaí agus ticéid ar fáil anseo.
Tonnta i nGaillimh
Beidh an fhéile dhátheangach ‘Tonnta’ ar siúl i nGaillimh i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Cuirfear ceardlanna, ceolchoirmeacha, céilí agus neart eile ar bun ar fud chathair na Gaillimhe le linn na féile. Clár agus ticéid le fáil anseo.
Fág freagra ar 'Andrea Palandri agus An Veidhlín Muimhneach, Gobnait i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus caint le Dermot Somers'