Uasdátú déanta ar sheirbhísí leathanbhanda i gceantair Ghaeltachta

Deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh fáil ar leathanbhanda ar luas 30mb - 70mb sna ceantair Ghaeltachta san iarthar agus sa tuaisceart a ndearnadh uasdátú ar na seirbhísí iontu

Router

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an obair uasghrádaithe a rinne Eircom Wholesale ar mhalartáin i gceantair Ghaeltachta le tamall anuas.

Beidh an tseirbhís eVDSL ar fáil anois i gceantair áirithe Ghaeltachta san Iarthar agus sa Tuaisceart ar luas idir 30mb agus 70 mb. Deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh an tseirbhís seo ar fáil ar chostas ‘réasúnta’ sna ceantair sin agus go ngabhfaidh an t-uasdátú chun tairbhe na ngnólachtaí atá lonnaithe i bPáirceanna Gnó an Údaráis.

Dúirt Stiofán Ó Culáin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltacha, gur dea-scéala a bhí ann do phobal agus lucht gnó na Gaeltachta araon.

“Ciallaíonn sé go mbeidh riachtanais leathanbhanda mórchuid dár gcliantchomhlachtaí atá lonnaithe sna ceantair á shásamh.

“Fáiltím chomh maith roimh an obair uasghrádaiteh a bheidh le déanamh ar mhalartáin i gceantair eile Ghaeltachta sna míonna amach romhainn.

“Leanfaidh an tÚdarás air lena iarrachtaí chun a chinntiú go bhfuil seirbhís leathanbhanda ardluais ar phraghas iomaíoch ar fáil do Pháirceanna Gnó agus aonaid fiontraíochta an Údarás ar fud na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Ach dúirt oibrí de chuid Eircom le Tuairisc.ie nach mbainfeadh gach uile dhuine sna ceantair buntáiste as an uasdátú agus ‘nach aon leigheas’ é ar an bhfadhb mhór sa Ghaeltacht le leathanbhanda ceart.

Rinneadh an t-uasdátú ar mhalartáin sna háiteanna seo a leanas:

Co na Gaillimhe

An Cheathrú Rua

Casla

Tír an Fhia

Indreabhán

Maigh Cuilinn

Co Dhún na nGall

Gleann Cholm Cille

An Charraig

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

An Fhál Charrach

Anagaire

An Clochán Liath

Ailt an Chorráin

Fág freagra ar 'Uasdátú déanta ar sheirbhísí leathanbhanda i gceantair Ghaeltachta'