Gaeltacht dhorcha. As an spás a tháinig an scéala sin chugainn. Ní dhéanann an tsatailít beagán ná áibhéil maidir le haon ní faoin spéir. Bhí súile na satailíte orainne le gairid ach ní mba léir di mórán. Ach bhí an méid seo soiléir di: tá ceantair Ghaeltachta ar na háiteacha is duibhe in Éirinn.
In iarthar agus i ndeisceart Chiarraí atá an duibheagán is suntasaí, agus tá Uíbh Ráthach sa réigiún sin. Níl ach 0.42 den aonad is lú solais ag éirí nó ag scairteadh as an taobh sin tíre san oíche. I gcás iarthar Mhaigh Eo, ceantair Acla agus Bhéal an Mhuirthead san áireamh, níl ach 0.45 den aonad is lú ag scaladh uathusan. Sa tríú háit atá Conamara atá taobh le 0.46 den aonad is lú solais.
I mBaile Átha Cliath atá na deich gceantar is mó as a gcuirtear solas amach san spéir san oíche. Cuireann cúpla ceantar, atá gar do lár na cathrach, solas atá comhionann le 70 aonad leictreachais san atmaisféar san oíche.
Nano-Watt an teideal atá ar an aonad is lú cumhachta – oiread na fríde den bhunaonad cumhachta ar a dtugtar vata [watt].
Ar ndóigh, is údar ceiliúrtha ag daoine áirithe sna ceantair thuaithe agus Ghaeltachta é scéal seo an dorchadais. Tá siad ann atá eagraithe mar chumainn na ‘spéartha dorcha’. Truailliú solais is cúis imní don dream sin, agus ar ndóigh tá daoine ann a bheadh ar aon fhocal leo, agus daoine a bheadh ina n-aghaidh.
Is iomaí sin leagan atá ar an scéal.
Ag éirí aníos dúinn chloisfeadh muid seanfhocal: ‘Mairg a d’íosfadh luach an tsolais’ nó ag daoine eile –‘“Mairg a d’ólfadh luach an tsolais’. Pé ar bith ceann acu é ba léir go raibh an solas molta ar comhchéim leis an ngreim a chuirfeá in do bhéal san aimsir a caitheadh.
Bhíodh bean sa gcuid seo den domhan a théadh amach ar an tsráid san oíche agus í ag breathnú uaithi go bhfeicfeadh sí na soilse sna tithe ar fud na tuaithe. Ní gá dúinn a bheith go domhain i réimse na síceolaíochta go dtuigfeadh muid an chúis a bhí leis sin – uaigneas.
Níorbh í an t-aon duine í.
Ba mhinic a dúirt an t-iarAire na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchóir as Acaill go raibh “solas i dteach nua cónaithe ar an ábhar dóchais agus misnigh is mó faoin tuath”.
Ní bheadh seisean ar an bport céanna le dream an dorchadais. Ach tá a n-inseacht féin acusan ar an saol dorcha, agus saol an tsolais.
Téann grúpa i gConamara chuig cúpla láthair nach bhfuil fiú solas as fuinneog amháin le feiceáil iontu agus iad ag ceiliúradh suaimhneas an dorchadais. Chaithfeadh go bhfuil cuimse spotaí mar seo i gConamara, i gCiarraí, in iarthar Mhaigh Eo agus i réigiúin eile ar fud na tuaithe. Ní mór dúinn iad a choinneáil mar sin, a deir gluaiseacht an dorchadais.
Chuir an scríbhneoir agus fear timpeallachta Tim Robinson fainic orainn freisin.
Bhain seisean trí leabhar as an ábhar faoin teideal Béarla The Last Pool of Darkness ina ndearna sé cur síos ar phúcaí, ar ghadaithe, ar ghaiscí móra, ar dhraíocht na timpeallachta agus ar dhraíocht an dorchadais, ar mhórán bealaí. Conamara a bhí i gceist aige. Ach sa deireadh thiar thall ní móide gur cheannaigh mórán de mhuintir na tuaithe agus na Gaeltachta, a chónaíonn sa gceantar 365 lá sa mbliain, mórán de na leabhair sin.
Tá contrárthachtaí i mórán chuile scéal.
Sa saol mór, is iad na ceantair thuaithe is lú solas is lú teacht isteach agus ioncam. Níl le déanamh ach súil a chaitheamh ar chás Chonamara, agus tosú ar an imeall thiar, an áit is duibhe oíche. Ansin atá an teacht isteach is lú in aghaidh an tí sa mbliain. Ag teannadh soir i dtreo Uachtar Ard, Chois Fharraige agus an Spidéil, éiríonn na soilse níos líonmhaire, agus an teacht isteach níos téagartha. Ansin i gcomharsanacht na cathrach, scalann na soilse aníos go mór geal sna nano-aonaid chumhachta, agus téann stádas, ó thaobh rachmas an tsaoil de, go spéir. Mar a chéile an scéal siar faoi Uíbh Ráthach agus leithinis an Mhuirthead: is ionann easpa solais agus easpa deiseanna eacnamaíochta.
An féidir an dá thrá a fhreastal, dorchadas agus deisiúlacht? Theastódh solas le dhul in éadan na ceiste sin.
Pádraig
Ach an solas, más lagsholas féin é, a thaitníonn sna ceantair chúlráideacha sin, an mbíonn a solas níos glaine, níos gléine, níos draíochtúla, níos mealltaí?
Solas a mheallfadh duine chun a cheann a thógáil ar feadh leathmheandair amháin d’fhonn lán na súl a bhaint as iontas agus as ….
suaimhneas leathan na firmiminte?
Solas a thógfadh a dhá shúil ón scáileán beag damanta, solas a thabharfadh air a mharana a dhéanamh ar Sholas na Soillse, ar úráilleacht íonghlan na hoíche, ar an tsíoraíocht?
Nó, b’fhéidir go raibh an ceart ag Beckett;
‘Tá deireadh le samhlaíocht, samhlaigh.’
Uinseann Ó hIfearnáin
Ní thuigim an seanfhocal I gceart
Mairg a d’iosfadh…..
Máirtín Ó Catháin
Uinseann,
Go raibh maith agat as an t-alt a léamh agus aird a tharraingt ar an seanfhocal seo.
Is é atá i gceist leis ná go raibh an solas chomh luachmhar sin san aimsir a caitheadh agus go mba dhithchéillí é an duine a cheannódh beatha i leaba an t-airgead sin a choinneáil le haghaidh an tsoláis – luach an tsolais.
B’shin é mo thuiscint sa air i gcónaí.
Dábraíodh mo mháthar “a d’íosfadh luach”. Cloisim ráite é i bhfad níos coiteanta gur “d’ólfadh luach”. Ach coinnim féin leis an gcéad leagan a chuala mé; ní shin le rá go go bhfuil an ceart agam ach tá cineál nádúr agam leis an bhfoclaíocht a bhí ag mo mháthair. Is dóigh go bhfuil ábhar cómhrá agus díospóireachta ann!
Go raibh maith agAt as aird a tharaingt air agus go ligfidh Dia an tsláinte duit.