Uafás i ndiaidh uafáis agus gan aon cheacht foghlamtha

Tá teipthe go tubaisteach ar an gcóras a ceapadh chun an tsíocháin a choimeád

Uafás i ndiaidh uafáis agus gan aon cheacht foghlamtha

Tá uafáis dá bhfeiceáil againn ar ana saolta seo a chruthaíonn an fhadhb a bhíonn againn ceachtanna na staire a fheiceáil. Níl sé ach tamall de sheachtainí ó bhí tíortha iarthar na hEorpa ag comóradh 80 bliain ó tháinig deireadh leis an dara cogadh domhanda. Tá iarmhairtí an chogaidh sin, gráin idirchiníoch agus tromaíocht ar dhaoine bunaithe ar a gcreideamh sa treis arís faoi láthair agus is cosúil go dtuigeann ceannairí domhanda nach bhfuil muid i bhfad ón tríú cogadh domhanda.

Ar deireadh thiar an tseachtain seo thosaigh ballstáit an Aontais Eorpaigh ag cur brú ar Iosrael faoina bhfuil ar siúl acu i nGaza. Ní raibh lá caite ón uair gur rith siad rún le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Iosrael nuair a dhearbhaigh Benjamin Netanyahu níos diongbháilte ná riamh go bhfuil sé i gceist ag a thír agus a rialtas Gaza agus muintir na Palaistíne ansin a scrios. Tá siad ag ceilt beatha agus soláthairtí leighis ar an bpobal Palaistíneach le míonna. Ní bréag cinedhíothú a chur ina leith.

Léiríonn an stair gur ceapadh an téarma cinedhíothú le linn an dara cogadh domhanda agus an t-uileloscadh a rinne scrios ar an bpobal Giúdach. D’éiligh an pobal sin tír dhúchais don phobal Giúdach agus bunaíodh Stát Iosrael. Ó shin i leith tá fadhbanna sa Mheánoirthear agus tá sé dearbhaithe roinnt uaireanta go dteastaíonn dhá Stát a bhunú ansin chun go mbeidh a n-áit féin ag Giúdaigh agus Palaistínigh.

Tá téarmaíocht a bhaineann leis an dara cogadh domhanda agus uafáis na Naitsithe luaite go rialta ag Vladimir Putin ó d’ionsaigh an Rúis an Úcráin freisin. Cuireann úsáid an fhocail sceon ar dhaoine, ní áirím aon chomparáid leis an méid a tharla sa domhan ceithre scór bliain ó shin.

Is mar thoradh ar an gcogadh céanna sin a bunaíodh na Náisiúin Aontaithe agus a deineadh roinnt iarrachtaí le córas réiteoireachta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm. Tá teipthe go tubaisteach ar an gcóras, ní hamháin in Iosrael agus san Úcráin freisin. Tá na milliúin duine i mbaol gorta san Afraic chuile lá – tá cogaí agus aighnis réigiúnacha ar fud an domhain a fhágann na milliúin ar a dteitheadh agus gan dídean.

Deineadh iarracht síocháin a chinntiú san Eoraip trí aontas trádála agus airgeadais a bhunú. Tá an tAontas ag druidim beagán ar bheagán i dtreo polasaithe cosanta agus slándála. Ní mó ná sásta a bhí an Bhreatain leis na cearta a bhí acu a bhflaitheas féin a chosaint agus d’imigh siad as an Aontas. Bíonn an cinneadh sin a rinneadh beagnach naoi mbliana ó shin sa chúlra i gcónaí nuair a phléitear éiginnteacht agus corraíl ag leibhéal polaitíochta san Aontas.

An bhfuil na polaiteoirí atá i mbun eadrána faoi láthair ag smaoineamh ar na ceachtanna atá fós le foghlaim againn ón stair? An bhfuil aon mhachnamh dá dhéanamh ar bhealach nua le haighnis idirnáisiúnta a réiteach? Nó an bhfuil an aicme pholaitiúil ar fad anois ag leanacht sampla Donald Trump – abair an chéad rud a ritheann leat agus cuir do leas féin chun cinn.

Cén fáth nach mbíonn muid airdeallach ar na botúin a deineadh go stairiúil agus na ceachtanna atá le foghlaim againn má tá muid le maireachtáil i dteannta a chéile gan chogaí?

Fág freagra ar 'Uafás i ndiaidh uafáis agus gan aon cheacht foghlamtha'