Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, an giolcaire Gaeilge is déanaí ar Twitter

Tá a chéad tvuít seolta ag Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. Labhair Tuairisc.ie leis faoi cén fáth gur i nGaeilge a bhí sé agus céard a bheidh ar bun aige ar an suíomh meáin shóisialta

Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Cathal Noonan
Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Cathal Noonan

Is trí mheán na Gaeilge a chuir Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, a chéad tvúit amach agus cuntas nua Twitter cruthaithe aige.

“Áthas orm mo chéad tweet a chur amach inniu tar éis seoladh clár forbartha d’oifigí na gclubanna! #GAA #Gaeilge”, a deir Ó Fearghail sa ghiolc, a sheol sé inné óna chuntas oifigiúil, @uachtaranclg.

Tá moladh faighte ag Ó Fearghail cheana féin ar Twitter toisc gur i nGaeilge a bhí a chéad teachtaireacht ar Twitter. Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Fearghail gur ag iarraidh léargas “nádúrtha” a thabhairt ar an nasc atá ann idir CLG agus an Ghaeilge a bhí sé. “Ba rud nádúrtha é mo chéad ghiolc a sheoladh i nGaeilge. Tá mé féin agus Cumann Lúthchleas Gael bródúil as an teanga agus beidh sí á húsáid agam go rialta ar Twitter agus mé ag obair ar son an Chumainn ag taisteal na tíre.” Tá an tUachtarán gníomhach cheana féin ar an suíomh meáin shóisialta agus pictiúr foilsithe aige óna chuairt chuig Scoil Cholmcille i gCnoc Liamhna, Baile Átha Cliath, maidin inné.  

Dar leis an Uachtarán, tugann Twitter ardán eile dó dul i dteagmháil leo siúd atá bainteach le CLG.

“Táim breá sásta ceangal a dhéanamh lenár mbaill ar bhealach difriúil – ní hamháin iadsan in Éirinn ach iad siúd atá ar fud na cruinne.

“Tá súil agam go mbeidh mé in ann an dea-obair atá ar siúl i ngach cumann a thaispeáint agus muid ag baint úsáide as an teicneolaíocht is nua chun é seo a dhéanamh. Beidh deis agam scéalta agus daoine a chur chun cinn nach mbíonn sna meáin go ginearálta,” a deir Ó Fearghail.

Ní hé seo an chéad uair ag Ó Fearghail, ar cainteoir líofa Gaeilge é, an teanga a chur chun cinn i gCLG. Bhíodh sé ina Oifigeach Gaeilge ag Bord an Chontae i gcontae an Chabháin ar feadh tamaill, agus thug sé seal freisin ar Choiste na Gaeilge, CLG.

Fág freagra ar 'Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, an giolcaire Gaeilge is déanaí ar Twitter'