Tweet Mother Language ag fáil faoi réir d’fheachtas na bliana seo

Níor seoladh ach 27 giolc i nGaeilge mar chuid den fheachtas anuraidh. Tá lucht a eagraithe ag fáil faoi réir d’fheachtas na bliana seo a bheidh ag tarlú ar Twitter ar 21 Feabhra

tweeting-150413_1280Tá na heagrais Rising Voices, Living Tongues agus Endangered Languages ag fáil faoi réir arís le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha Dé Domhnaigh. Tá feachtas Twitter beartaithe arís i mbliana don 21 Feabhra agus iarrtha ag an eagras ar chainteoirí mionteangacha giolcacha a chur amach ina máthairtheanga ar feadh an lae “chun éagsúlacht chultúrtha agus teangacha timpeall an domhain a cheiliúradh”.

Iarrtar ar dhaoine ar Twitter a bhfuil Gaeilge acu insint don saol mór cén fáth a gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a úsáid ar líne agus na nathanna cainte, seanfhocail agus focail is fearr leo a ghiolcadh.

“D’fhéadfá aistriúchán ar roinnt giolcacha a chur amach chun misneach a chur ar dhaoine ó phobail teanga eile, nó más fearr leath, giolcaireacht i do theanga féin amháin,” a scríobhtar ar shuíomh an fheachtais.

Beidh dhá haischlib in úsáid ar an lá agus moltar do Ghaelghiolcairí úsáid a bhaint astu agus iad á cheiliúradh ar Twitter; #MotherLanguage agus #Gaeilge. Beifear in ann giolcacha ar fud na cruinne i dteangacha dúchais an domhain a fheiceáil faoin haischlib #MotherLanguage agus iad sin a bhaineann le Gaeilge a fheiceáil faoin haischlib #Gaeilge. Táthar ag súil go gcuirfear cainteoirí mionteangacha in aithne a chéile timpeall an domhain le linn an fheachtais agus go n-ardófar feasacht ar theangacha atá i mbaol a mbáis.

Seo an tríú bliain den fheachtas Tweet Mother Language agus tá sé imithe i méid de réir a chéile. Tá suíomh an fheachtais ar fáil i mbeagnach 30 teanga – deich gcinn níos mó ná mar a bhí ar fáil anuraidh.

Bíonn an tOllamh Kevin Scannell ó Indigenous Tweets ag obair ar an bhfeachtas freisin, agus is é a bheidh ina mheasúnóir oifigiúil ar an lá.

Ba “údar díomá” do lucht na Gaeilge feachtas na bliana seo caite mar níor seoladh ach 27 giolc i nGaeilge mar chuid de. D’éirigh go maith le #MotherLanguage in áiteanna eile ar fud an domhain ach ní raibh na torthaí chomh spreagúil céanna i nGaeilge. Seoladh 805 giolc i nGaeilge ar 21 Feabhra 2015, ach ní raibh #MotherLanguage luaite ach le 27 acu sin.

Ní raibh deis ag Scannell breathnú ar líon na ngiolcairí nua i nGaeilge a ghlac páirt anuraidh ná anailís dhomhain a dhéanamh ar nósanna giolcaireachta i nGaeilge ar an lá sin mar bhí sé róghafa lena thograí eile ach tá súil aige anailís a dhéanamh ar an bhfeachtas i mbliana, má bhíonn an deis aige.

Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha sa bhliain 200 le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Roghnaíodh an 21 Feabhra in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis i 1952.

Fág freagra ar 'Tweet Mother Language ag fáil faoi réir d’fheachtas na bliana seo'