TUSLA: Tá an teideal gan chiall i mBéarla ná Gaeilge ach tá tábhacht thar cuimse leis

Dá thábhachtaí gach a mbaineann le cás an tSáirsint Maurice McCabe, teastaíonn toradh gan mhoill ar fhiosrú a bhaineann le leas agus le cosaint pháistí

TUSLA: Tá an teideal gan chiall i mBéarla ná Gaeilge ach tá tábhacht thar cuimse leis

Laura Hutton/Photocall Ireland

Céard is brí leis? Do bharúil? Níl tuairim agat? Ná bí buartha. Níl tú i d’aonar.

Is í an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach an teideal fada oifigiúil atá ag TUSLA, nó i mBéarla an ‘Child and Family Agency’. Neosann an teideal fada a ghnó go soiléir. Ní féidir an rud céanna a rá faoin teideal gairid.

Mar is eol do mhórán Gaeilgeoirí, níl ciall ar bith leis an ngearrtheideal a baisteadh ar an bhforas nua a bunaíodh in 2014 chun seirbhísí stáit do pháistí agus do theaghlaigh a riaradh.

Ceapann go leor daoine, ar chloisteáil TUSLA dóibh, gur focal Gaeilge é, nó dhá fhocal b’fhéidir. Faraor, ní focal é i dteanga ar bith. Ní acrainm é ach oiread cosúil le CLG (Cumann Lúthchleas Gael) mar shampla, nó TUI (Teachers Union of Ireland).

B’fhéidir go mbeadh tuiscint níos fearr ag an bpobal ar thábhacht na gníomhaireachta seo dá mbaistfí teideal intuigthe air. CABHAIR b’fhéidir nó SLÁN dá mbeadh teideal simplí Gaeilge de dhíth, nó i mBéarla CHILD nó PROTECT. Faraor, níl aon dul as againn ach glacadh leis an teideal áiféiseach oifigiúil (féach ‘TUSLA: an leagan oifigiúil’ thíos).

Nuair a labhair príomhfheidhmeannach TUSLA Fred McBride le coiste leanaí an Oireachtais Dé Céadaoin, ghabh sé leithscéal le daoine ar chuir botúin a rinneadh isteach orthu. D’admhaigh sé freisin go mb’fhéidir go raibh muinín an phobail as an nGníomhaireacht ag dul i laige.

Tá cúrsaí inmheánacha TUSLA á n-iniúchadh faoi láthair ag binse fiosrúcháin Charleton agus ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA). Dá thábhachtaí gach a mbaineann le cás an tSáirsint Maurice McCabe, teastaíonn toradh gan mhoill ar fhiosrú a bhaineann le leas agus le cosaint pháistí.

An príomhriachtanas? Muinín a bheith ag páistí, agus ag cách go bhfuil a gcuid oibre á déanamh i gceart ag foireann agus ag riarthóirí TUSLA, agus muinín a bheith acu nach bhfuil mí-úsáid á baint as faisnéis thábhachtach, laistigh den fhoras nó lasmuigh.

Idir an dá linn, tá an chúis imní soiléir.

Tugann an eagraíocht ‘One in Four’ tacaíocht do dhaoine a thagann slán ó mhí-úsáid ghnéasach. Dúirt an stiúrthóir Maeve Lewis, agus tuairisc bhliantúil na heagraíochta á seoladh aici Dé Máirt, go raibh daoine a rinne cur síos ar chásanna áirithe tar éis éirí as an bpróiseas cheal muiníne.

Taobh amuigh den fhiosrú gan mhoill a theastaíonn mar réiteach ar an ngéarchéim mhuiníne, tá breis foirne de dhíth ar TUSLA lena liosta scanrúil feithimh a ghlanadh. Tugtar le fios ar líonláithreán na gníomhaireachta nach raibh aon oibrí sóisialta roghnaithe fós i mí na Samhna seo caite chun déileáil le 4,800 tuairisc a bhain le cosaint leanaí. Bhí 700 cás san áireamh, a dúradh, ar chóir ‘ardtosaíocht’ a thabhairt dóibh.

Ní beag an dualgas atá le comhlíonadh ag an Aire Leanaí Katherine Zappone – cibé duine a bheas i gceannas ar an rialtas ar ball, agus cibé achar ama a mhairfidh sé.

TUSLA: an leagan oifigiúil

Tá cur síos, i mBéarla amháin, ar an bhfáth gur cumadh an ‘focal’ TUSLA ar líonláithreán an fhorais (www.tusla.ie). Seo a leanas an cur síos iomlán.

Consideration was given to the aspirations for the agency and many themes emerged – A new beginning, an opportunity, a challenge. From debate and conjecture, the name Tusla emerged as a fitting logo for the Child and Family Agency. While the word borrows from the Irish words ‘tus’ (sic) + ‘lá’, Tusla is a completely new word reflecting a shared desire for a new beginning, forging a new identity. A new word, a new way of working.”

Dála an scéil, tá ‘tus’ (nach féidir a aimsiú i bhfoclóir Gaeilge ar bith toisc nach bhfuil a leithéid d’fhocal ann in aon chor) litrithe thuas díreach mar atá sé ar líonláithreán TUSLA.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'TUSLA: Tá an teideal gan chiall i mBéarla ná Gaeilge ach tá tábhacht thar cuimse leis'

  • SéamusKeane

    Bhuel, is mór an faoiseamh é nach bhfuil ciall ar bith le ‘Tusla’. Cheap mé féin go raibh mé I m’aonar…bhí mé ar nós an fear ar an mbus fadó agus é aineolach faoi céard is ‘tracker mortgage’ ann..