Tús ‘Ulysses’ i nGaeilge –  ‘Seo amach an Boc beathaithe stáidiúil Mulligan…’

Agus Lá Bloom á cheiliúradh inniu, tá aistriúchán nua againn ar thús ‘Ulysses’, sár-úrscéal James Joyce a foilsíodh 100 bliain ó shin

Tús ‘Ulysses’ i nGaeilge –  ‘Seo amach an Boc beathaithe stáidiúil Mulligan…’

(Aistrithe ón mBéarla ag Máire Ní Fhinneadha)

Seo amach an Boc beathaithe stáidiúil Mulligan ag barr an staighre, mias sobail ina láimh agus scáthán agus rásúr leagtha trasna os a cionn. Bhí séideán beag d’aer na maidine ag séideadh a fhallaing seomra scaoilte bhuí siar uaidh. Chroch sé in airde an mhias agus d’aithris:

-Introibo ad altare Dei.

Stop sé, bhreathnaigh sé síos an staighre lúbach dorcha agus ghlaoigh sé amach go garbh:

-Tar aníos, a Kinch. Tar aníos a íosánaigh chruthanta!

Seo leis anonn go stáidiúil gur sheas sé ar thaca an ghunna. D’iompaigh sé thart agus go sollúnta bheannaigh an túr, an tír máguaird agus sléibhte na maidine trí huaire. Ansin ar fheiceáil Stephen Dedalus dó, chrom sé ina leith agus rinne comhartha na croise san aer go gasta, glogarnach ina scornach agus a chloigeann ag crith.

Míshásta agus codlatach a bhí Stephen Dedalus agus scaoil sé a ucht isteach ar bharr an staighre agus stán go doicheallach ar éadan plobarnach creathach an té a bheannaigh é, éadan fada capaill faoi ghruaig scáinte ina raibh ribí agus paistí beaga ar ghile na darach scaipthe tríthi.

Thug Boc Mulligan amharc beag faoin scáthán agus chlúdaigh an mhias arís ar an bpointe.

-Ar ais go dtí an bheairic, a deir sé go fiata.

Ansin lean sé air i nglór an tseanmóirí:

-Seo é, a phobal ionúin, an fíor-Chríostaín: corp agus anam agus fuil agus créachta. Ceol mall, le bhur dtoil. Dúnaigí bhur súile, a fhearaibh. Nóiméad amháin. Trioblóid bheag leis na coirpíní bána sin. Bígí ciúin, chuile dhuine.

Bhreathnaigh sé i leataobh agus lig sé glao d’fhead fhada, stop sé ansin go haireach, goibíní óir ag lonrú anseo is ansiúd ina chuid fiacla geala. Chrysostomos. Cloiseadh dhá fhead ghéara á fhreagairt sa gciúnas.

-Go raibh maith agat, a chomrádaí, a gháir sé go haibéil. Déanfaidh sin cúis go breá. An múchfá an sruth, maith an fear?

Léim sé de thaca an ghunna agus thug amharc dáiríre ar an té a bhí ag breathnú air, agus é ag tarraingt a fhallaing bhuí thart ar a chosa. Easpag, pátrún ealaíon na meánaoiseanna, a mheabhródh a éadan beathaithe scáthach agus a phus de ghiall ubhchruthach duit. Tháinig meangadh fáilí ar a bhéal.

-A leithéid d’áiféis! ar sé go sásta. An t-ainm áiféiseach atá ort, seanGhréagach.

Gan chealg shín sé a mhéar go magúil agus anonn leis go dtí an t-uchtbhalla, is é ag gáire leis féin. Go támáilte a tháinig Stephen Dedalus aníos leath bealaigh ina dhiaidh gur shuigh ar cholbha thaca an ghunna, é fós ag faire ar an mBoc fad a shocraigh seisean a scáthán ar an uchtbhalla, sháigh a scuab sa mias agus chlúdaigh a leicne agus a mhuineál le sobal.

Bhí Boc Mulligan breá sásta leis féin agus é fós ag caint.

-Ainm áiféiseach atá ormsa freisin: Malachi Mulligan, dhá dhachtal ann. Ach tá blas Heilléanach air, nach bhfuil? Aerach suairc mar atá an boc féin. Caithfimid dul go dtí an Aithin. An ngabhfaidh tú ann má éiríonn liom scór punt a mhealladh ón aint?

Leag sé i leataobh an scuab agus ag scairtíl le spleodar, bhéic:

-An dtiocfaidh sé? An t-íosánach saonta.

Stop agus thosaigh á bhearradh féin go cúramach.

-Abair liom, a Mulligan, a dúirt Stephen go réidh.

-Céard sin, a stór?

-Cén t-achar eile a fhanfas Haines anseo sa túr?

Chas Boc Mulligan a leathleiceann bearrtha ina threo.

-A Dhia nach uafásach an mac é? a dúirt sé gan fiacail a chur ann. Sacsanach fadálach. Ceapann sé nach bhfuil aon mhúineadh ortsa. A Dhia, na Sasanaigh dhamanta seo. I gcruth a bpléasctha le hairgead agus tinneas boilg. Mar gheall gur as Oxford a tháinig sé. An bhfuil a fhios agat a Dedalus, is leatsa atá bealach ceart Oxford. Tá tú ag gabháil ó mheabhair air. Ó is agamsa atá an t-ainm is fearr duit: Kinch, lann scine.

Bhearr sé a smig go cáiréiseach.

-Chaith sé an oíche ag rámhaillí faoi phantar dubh, a dúirt Stephen. Cá bhfuil cás a ghunna leagtha?

-Gealt mhire chráite. An raibh tú scanraithe?

-Bhíos, a deir Stephen le fuinneamh agus a chuid faitís ag neartú. Mé amuigh anseo sa dorchadas le fear nach bhfuil aon aithne agam air agus é ag rámhaillí agus ag cneadach leis féin faoi phantar a mharú. Thug tusa fir slán óna mbá. Ach níl aon laochas ionamsa. Má fhanann seisean anseo buailfidh mise bóthar.

Chuir Boc Mulligan strainc air féin agus é ag breathnú ar an sobal a bhí ar lann a rásúir. Léim sé anuas dá sheastán agus thosaigh sé ag cuardach i bpócaí a threabhsair faoi dheifir.

-Buinneach, a deir sé go doiléir.

Seo anall leis go dtí taca an ghunna agus shac a lámh síos i bpóca uchta Stephen agus dúirt:

-Tabhair dom do cheirt sróine go nglanfaidh mé mo rásúr.

Lig Stephen dó an naipcín brocach rocach a tharraingt aníos agus é a chrochadh san aer. Ghlan Boc Mulligan lann an rásúir go cúramach. Ansin, bhreathnaigh sé ar an naipcín, is dúirt sé:

-Ceirt sróine an fhile. Dath ealaíonta nua d’fhilí na nGael: smaoisghlas. Is beag nach bhféadfá a bhlas a fháil, nach bhféadfá?

Suas leis ar an uchtbhalla arís agus bhreathnaigh amach ar Chuan Bhaile Átha Cliath, corraí beag ina chuid gruaige a bhí ar fhinne na darach gile.

Fág freagra ar 'Tús ‘Ulysses’ i nGaeilge –  ‘Seo amach an Boc beathaithe stáidiúil Mulligan…’'

  • Eilís Ní Anluain

    Is mór an spórt é sin, a Mháire, bhfuil tuilleadh agat? Radharcanna sa teach – Bloom ag réiteach bricfeasta nó smaointe Mholly ar a leaba

  • Brendan Keane

    Beidh muid ag léamh an t-aistriúchán seo ar Zoom ar a 7. Fáilte romhaibh go léir. https://www.facebook.com/groups/urbangael/permalink/1187150022071550/?sfnsn=mo&ref=share

  • Darach Ó Scolaí

    Thar barr!

  • Tom Bolster

    Tá an leagan seo thar barr. Comhchairdeachas!
    Ach aon seans go gcuirfear athchló ar fáil in aon imleabhar amháin den téacs iomlán a tháinig amach I mBëal Feirste ‘sna 80aidí nó a ghealladh cúpla bliain o shoin mar iarsma do “Sea! Sea! Sea!” (Imramm)?