Tús oifigiúil curtha leis an tríú cás cúirte ag Conradh na Gaeilge in aghaidh Fheidhmeannas Stormont

Tá cás á thógáil san ardchúirt ag an eagraíocht teanga in aghaidh an Fheidhmeannais mar gheall ar ‘theip’ an straitéis Gaeilge a thabhairt isteach 

Tús oifigiúil curtha leis an tríú cás cúirte ag Conradh na Gaeilge in aghaidh Fheidhmeannas Stormont

Cuireadh tús ‘oifigiúil’ inniu le cás ardchúirte Chonradh na Gaeilge in aghaidh an Fheidhmeannais ó thuaidh agus an Aire Pobal Gordon Lyons. Tá an cás á thógáil mar gheall ar theip an Fheidhmeannais agus an Aire straitéis Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh.

Tugadh dhá chás eile ar an ábhar céanna chun na hardchúirte in 2017 agus in 2022. Sa dá chás sin dearbhaíodh gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas dleathach a chomhlíonadh.

Is é an Breitheamh Gerry McAlinden a bheidh ag plé leis an gcás is déanaí, an breitheamh céanna a bhí ann an tseachtain seo caite nuair a bhí cás eile a bhain leis an nGaeilge os comhair na hardchúirte. Sa chás sin, dúirt an Breitheamh McAlinden gur chóir treoir a lorg ón gCoimisinéir Gaeilge nua faoi cheist na comharthaíochta Gaeilge i Stáisiún Láir Bhéal Feirste.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge le Tuairisc go bhfuil díomá ar an eagraíocht teanga go “gcaithfidh” siad dul chun na hardchúirte arís eile leis an straitéis Gaeilge a gealladh den chéad uair beagnach fiche bliain ó shin a fháil.

“Dúirt Feidhmeannas agus ionadaí an Aire sa chúirt inniu go n-aithníonn siad go bhfuil dualgas reachtúil orthu, agus is rud maith é sin dúinne, ach níl siad sásta géilleadh sa chéad chuid eile den éisteacht, rud is deacair a thuiscint i ndáiríre.

“Beidh an chéad rud eile ag tarlú ar an 24 Deireadh Fómhair. Ach deimhniú a bhí ann inniu go bhfuil cás le troid agus go bhfuil an cás bailí. Tá an Feidhmeannas agus an tAire Pobal luaite go hoifigiúil leis an gcás anois,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Tiarnaigh gur “mór an díomá” atá ar Chonradh na Gaeilge gur “gá” dóibh dul chun na cúirte arís agus gur cheart go mbeadh pobal an Tuaiscirt ag súil anois leis an dara straitéis Gaeilge in áit a bheith ag troid ar son na chéad straitéise.

Gealladh an straitéis Gaeilge den chéad uair i gComhaontú Chill Rìmhinn, a síníodh beagnach fiche bliain ó shin in 2006. Rinneadh dualgas reachtúil den gheallúint sin in Alt 28d d’Acht Thuaisceart Éireann nuair a leasaíodh an t-acht in 2007.

Gealladh an straitéis arís cúig bliana ó shin nuair a tugadh isteach an comhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ i mí Eanáir na bliana 2020 agus tugadh geallúint an uair sin go dtabharfaí an straitéis isteach faoi shamhradh na bliana sin.

Bhunaigh an tAire Pobal Deirdre Hagey grúpa saineolaithe i mí Mheithimh na bliana 2021 le moltaí i leith na straitéise a dhéanamh agus foilsíodh toradh a gcuid oibre i mí Mhárta na bliana 2022. Críochnaíodh dréachtphlean gníomhaíochtaí don straitéis Gaeilge i mí na Samhna 2023.

Ó cuireadh an Feidhmeannas agus an Tionól ar bun arís i mí Feabhra na bliana 2024, níl aon dul chun cinn déanta ar an straitéis ag an Aire reatha Gordon Lyons.

Dúirt an Breitheamh Schoffield, a bhí ag plé leis an gcás in 2022, nach raibh moill 12 mhí “réasúnta”. Tá moill ocht mí dhéag i gceist an babhta seo.

Fág freagra ar 'Tús oifigiúil curtha leis an tríú cás cúirte ag Conradh na Gaeilge in aghaidh Fheidhmeannas Stormont'