Tús maith leath na hoibre do na hÉireannaigh tráthnóna san Eireaván

Caithfidh Éire an cluiche a bhuachan inniu chun seans a bheith acu áit a bhaint amach ag Corn an Domhain na bliana seo chugainn

Tús maith leath na hoibre do na hÉireannaigh tráthnóna san Eireaván

An Airméin v Éire – Staid na Poblachta, 17:00 (Beo ar RTÉ)

D’fhág cúl Adam Idah sa tríú nóiméad d’am cúitimh i gcoinne na hUngáire oíche Dé Sathairn nach bhfuil rás na hÉireann thart agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2026, ach mura n-éiríonn le foireann Heimir Halgrímsson an bua a fháil san Eireaván tráthnóna, beidh sé beagnach cinnte go mbeidh Éire díomhaoin an samhradh seo chugainn.

Bhí dóchas go leor ann an tseachtain seo caite go n-éireodh le hÉirinn tús maith a chur leis an bhfeachtas cáilithe ach ní raibh dhá nóiméad féin imeartha i gcluiche an tSathairn nuair a ghéill na hÉireannaigh cúl bog agus bhíodar 0-2 chun deiridh laistigh de cheathrú uaire. Tá moladh tuillte ag an bhfoireann as an teacht aniar a rinneadh sa dara leath. Fuair Evan Ferguson cúl sular cuireadh Rolland Sallai na hUngáire den pháirc, ach fágann an drochthús gur frustrachas agus aiféala is mó a bhí ar na himreoirí agus an lucht tacaíochta agus deis caillte na hUngáraigh, nach aon ghaiscígh iad, a chloí.

Níl aon mhaith in aon rud seachas bua anocht in aghaidh na hAirméine, foireann atá sa 105ú áit ar rangú domhanda FIFA. Bhuaigh an Phortaingéil 0-5 san Eireaván Dé Sathairn agus níor bhuaigh an Airméin sa mbaile le ceithre chluiche anuas. Ní hamháin sin ach níor scóráil siad cúl ar bith in aon cheann de na cluichí sin.

Ní hin le rá go gcuirfidh Éire aon fhaitíos orthu. Bhuaigh na hÉireannaigh trí cinn de na ceithre chluiche a imríodh idir na foirne ach chailleadar an cluiche is déanaí eatarthu, nuair a fuair an Airméin an ceann is fearr orthu 1-0 san Eireaván i mí an Mheithimh 2022.

Ábhar suime a bheidh ann do Halgrímsson gur tháinig an chéad dá chúl a d’aimsigh an Phortaingéil sa gcluiche in aghaidh na hAirméine ó phasanna a cuireadh isteach sa mbosca ón gcliathán, seift a thriail Éire arís agus arís agus arís eile Dé Sathairn.

Tá cosantóir Shamrock Rovers, Josh Honohan, tagtha isteach sa scuad in áit Sammie Szmodics, atá gortaithe agus tháinig sé chun solais gur imir Matt Doherty i gcoinne na hUngáire agus a rosta briste.

Is ag imirt ar thaobh na láimhe clé den chosaint a bhí Doherty i gcoinne na hUngáire, ach d’fhéadfadh Halgrímsson Ryan Manning a bhogadh siar ansin agus leithéid Mikey Johnston a thabhairt isteach chun gearradh níos fearr a chur in imirt na hÉireann i gcluiche a chaithfidh siad a bhuachan.

Fág freagra ar 'Tús maith leath na hoibre do na hÉireannaigh tráthnóna san Eireaván'