Tús á chur anocht le séasúr nua den tsraith ‘Fíorscéal’

An tóir ar ór, iarghúltacht agus uaigneas damanta na Grionnlaine, agus spiadóireacht rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá i measc na n-ábhar a scagfar sa séasúr nua

Screen Shot 2015-09-22 at 19.15.34

Cuirfear tús anocht le séasúr nua den tsraith ‘Fíorscéal’ ar TG4.

Tá an tsraith seo ar an bhfód le thart ar ceithre bliana déag anuas agus is gnách go dtugtar aghaidh ann ar mhórcheisteanna conspóideacha idirnáisiúnta gan aon fhiacail a chur ann. Is iad an comhlacht ROSG atá i mbun a léirithe.

Beidh sé le feiceáil ar an Máirt ag 10.30pm agus déanfar athchraoladh air oíche Déardaoin.

Ola San Artach’ is teideal do chlár na hoíche anocht, a bhaineann le comhlachtaí móra ola agus gáis atá ag iarraidh greim a fháil ar ola agus ar ghás an Aigéin Artaigh.

Anois agus na toibreacha ola ag triomú agus an leac oighir ag leá, tá na boic mhóra á bprapáil féin chun dul sa tóir ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire ar domhan. Féachfar sa chlár ar an margaíocht rúnda a bhíonn ar bun idir ollchomhlachtaí agus rialtais agus an chreach á roinnt acu eatarthu. Scagfar chomh maith an rian a fhágann a leithéid ar an tsochaí trí chéile.

Údar spéise a bpléifear sna cláracha amach anseo freisin. Féachfar, mar shampla ar an leas a bhaintear as córais suite dhomhanda (GPS) i réimsí éagsúla den saol sa chlár ‘Comhrac an GPS’ (6/10/15).

Is iomaí duine a théann i muinín an GPS céanna, idir thiománaithe a dteastaíonn treoir uathu le ceann scríbe a bhaint amach, bainisteoirí foirne spóirt atá ag iarraidh a fháil amach cé acu imreoir is faide a rith le linn cluiche ar leith, agus cheannairí míleata nó sceimhlitheoirí atá ag iarraidh diúracán nó sliogán a dhíriú ar sprioc áirithe.

Scrúdaítear sa chlár seo gné an-suntasach den teicneolaíocht seo – gur ar shatailítí atá faoi smacht agus faoi stiúir Stáit Aontaithe Mheiriceá atá na córais reatha ar fad ag brath. Bí ag súil le ceisteanna spéisiúla agus mionscrúdú dian a chuirfidh míshuaimhneas orthu siúd a bhfuil siad dírithe orthu.

I gclár na seachtaine seo chugainn, rachaidh an scannánóir aitheanta, Sarah Gavron, i measc trí scór duine atá ag cur fúthu i Niaqornot i dtuaisceart na Graonlainne, a ndeirtear faoi gurb é an baile beag is iargúlta ar domhan. Dá laghad an daonra ann, tá cuid de mhuintir na háite nach labhraíonn lena chéile agus caitheann Sarah roinnt ama ina dteannta, ag fáil amach conas a chuireann siad díobh ó lá go lá. Ar ndóigh, is mór idir saol dearóil Niaqornot agus an saol sócúil atá ag go leor eile againn sa taobh seo domhain.

‘An Baile Beag ar Chiumhais na Cruinne’ is teideal don chlár áirithe sin, a chraolfar Dé Máirt seo chugainn.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoin tsraith anseo.

Fág freagra ar 'Tús á chur anocht le séasúr nua den tsraith ‘Fíorscéal’'