TurasG seolta in Inbhear Nis

Seoladh suíomh nua a chuirfidh turasaóireacht Ghaelach in Éirinn agus in Albain chun cinn.

Ag seoladh TurasG.com: Julie Fowlis,  Alasdair Morrison, Stiurthóír CeangalG agus Alex Graham, Probhóst Inbhir Nis
Ag seoladh TurasG.com: Julie Fowlis, Alasdair Morrison, Stiurthóír CeangalG agus Alex Graham, Probhóst Inbhir Nis

Sheol an t-amhránaí clúiteach Julie Fowlis suíomh TurasG  aréir.

Togra de chuid CheangalG is ea TurasG, a bhfuil sé mar aidhm aige an “turasóireacht chultúir” a chur chun cinn sa “mór-Ghaeltacht” – ceantracha Gaeltachta na hAlban agus na hÉireann.

I dTasglainn na Gáidhealtachd in Inbhear Nis a seoladh an suíomh.

Dúirt Alasdair Morrison, stiúrthóir CheangalG, gur tús nua sa turasóireacht chultúir in Éirinn agus in Albain is ea TurasG.

“Is é an suíomh idirlín is uaillmhianaí agus is spleodraí atá curtha ar bun é chun tacú le hobair na solathróirí turasóireachta cultúrtha agus cur le heispearais saoire na dturasóirí,” a dúirt sé.

Díríonn TurasG ar cheantair Ghaeltachta Iarthar na hAlban agus ceantair áirithe in Éirinn, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht.

Tá uirlis pleanála taistil á forbairt ag TurasG a chabhróidh le turasóirí a dturas a phleanáil agus eolas faoin “mór-Ghaeltacht” a roinnt.

Roinntear an suíomh ina shé chuid; an mhuir, an tír, an stair, an creideamh, an nádúr agus na healaíona. Tugtar léargas agus eolas ar na codanna sin den mhór-Ghaeltacht.

Tá aitheantas ar leith tugtha cheana féin ag Buidheann Turasachd Náiseanta na h-Alba (bord turasóireachta) don Gháidhealtacht agus do chultúr Gaelach na tíre sin.

Níl clár turasóireachta ar leith ag Fáilte Éireann do Ghaeltacht na hÉireann ná don turasóireacht Ghaelach ach thug urlabhraí an bhoird le fios go bhfuil ról mór ag an nGaeltacht i gcur chun cinn agus i bhforbairt na turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a shíneann aduaidh ó Dhún na nGall síos go Corcaigh.

Tá CeangalG urraithe ag an Aontas Eorpach agus cuireann sé an gnó Gaelach chun cinn i dTuaisceart na hÉireann agus in Iarthar na hAlban.