Turas tugtha ag muintir na hÚcráine chuig Árainn ar ‘Saoirse na Farraige’ 

Thug Aran Island Ferries ar thuras go dtí an t-oileán Gaeltachta 40 duine as an Úcráin a tháinig anseo mí Aibreáin chun éalú ó ionradh na Rúise ar a dtír

Turas tugtha ag muintir na hÚcráine chuig Árainn ar ‘Saoirse na Farraige’ 

Thug dhá scór Úcránach atá ar tearmann in óstáin i gCathair na Gaillimhe a n-aghaidh ar Árainn maidin inné ar bhád Aran Island Ferries, Saoirse na Farraige.  

Seo an dara bliain ag Saoirse na Farraige ag déanamh an turais lae nó an crús seo as dug na Gaillimhe. Chomh maith le lón, tugadh na hÚcránaigh ar thuras go dtí Dún Aonghasa, agus thugadar cuairt ar fheilm ghabhair cháiliúil Ghabriel Ó Flaithearta. Ar a slí abhaile san iarnóin tugadh anonn le taobh Inis Meáin agus Inis Oírr na paisinéirí agus as sin go cósta chontae an Chláir isteach faoi bhun Aillte an Mhothair.  

Bhí roinnt teaghlach ar an turas inniu – seanmháithreacha, máithreacha, déagóirí agus leanaí óga. Ceathrar fear a bhí leis an ngrúpa. Tá obair faighte ag cuid mhaith den ghrúpa ó b’éigean dóibh teitheadh as cathracha éagsúla san Úcráin agus tá an cleas óg ag freastal ar scoileanna. 

Na páistí Sophie agus Zlata lena máthair Natalia. Pic: Seán Ó Mainnín

 

Kseniiia agus Victoria. Pic: Seán Ó Mainnín

 

Valeria, Natalia, Olga, Alina agus Milena. Pic: Seán Ó Mainnín

 

An bád farantóireachta “Saoirse na Farraige”. Pic: Seán Ó Mainnín

 

Na hÚcránaigh ag deireadh a n-aistir ar bord ‘Draíocht na Farraige’, sásta agus traochta. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Turas tugtha ag muintir na hÚcráine chuig Árainn ar ‘Saoirse na Farraige’ '