Turas stairiúil den scoth go dtí an uair a deineadh ‘poblacht’ de ‘republic’

Sa mhír seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa

Turas stairiúil den scoth go dtí an uair a deineadh ‘poblacht’ de ‘republic’

Is minic go ndearmadaimid an nuacht agus an nuálaíocht a bhaineann le focail áirithe sa Ghaeilge. Bhí tráth ann nuair a bhítí ag magadh faoi lucht na Gaeltachta nár ghlac le nuathéarmaí ar nós ‘rothar’, agus gurbh fhearr leo ‘baidhsicil’ nó, mar a chuala an Cadhnach uair amháin, ‘baidhsilic.’

Nuair a d’airigh mé féin ‘rór’, nó a shamhail, ó sheanduine i gConamara, bhí a fhios agam go raibh an uain athraithe. Tá glactha go hiomlán anois le ‘idirlíon’, seachas aon cheann eile den iliomad téarma eile a bhí ag bogadh timpeall ar feadh tamaill, fág go gceapaim féin go bhfuil ‘idirmhogalra’ i bhfad níos fileata.

Ar an gcuma sin, leabhar thar a bheith suimiúil agus eolgaiseach é Ainm na Saoirse: Gaeilge Dháil Éireann 1919-22 le hAindrias Ó Cathasaigh.

Cé go bhfuil trácht thar a bheith léannta ann ar úsáid na Gaeilge sna Dála tosaigh, ráineodh gurb é an plé ar an téarmaíocht timpeall ar ainmneacha an stáit is díol suime ar fad. Ní heol dom go bhfuil cuntas mar seo le fáil in áit ar bith eile, agus is mór an t-easnamh gur dócha go mbeidh formhór de staraithe an Bhéarla dall go hiomlán air.

Tá taithí anois againn ar an bhfocal ‘poblacht’ ar ‘republic’ an Bhéarla ón Laidin via an Fhraincis agus eile, agus sin de thoisc é a bheith ar fhorógra na Cásca 1916. Níl chomh fairsing ar eolas gurbh é an file agus an foclóirí Liam Gógan a chum é cúpla bliain roimhe sin (‘On analogy of ríocht I formed the word poblacht’), agus gurbh é Luan Cásca sin an Éirí Amach an chéad uair go bhfacthas i gcló é.

Roimhe sin, taispeántar dúinn go raibh focail eile le fáil go fairsing i bhfoclóirí na Gaeilge – ‘puiblidheacht’, ‘comhfhlaitheacht’, ‘tír répoblachta’, ‘pobaltas’, agus eile – ach téarmaíocht í nach bhfuair puinn leathantais. Is dócha gur féidir a rá go lom gurbh é a d’éiligh muintir na hÉireann ‘Éire saor gan daoirse’ i bhfriotal Mhíchíl Óig Uí Longáin, agus nár bheachtaigh siad riamh cineál na saoirse sin.

Is le linn chogadh na saoirse a dúisíodh an plé maidir leis an téarmaíocht arís. Is mion go léir an scagadh atá déanta anseo ar an dá champa, ceann acu a lorg ‘saorstát’, agus an ceann eile ar son ‘poblacht’ (agus leaganacha éagsúla litrithe orthu), ach gurbh í an bhrí chéanna a bhí acu leo, ‘Irish republic’.

Go deimhin, i bhfoclóir oifigiúil a cuireadh amach ba é ‘saorstátán’ a bhí mar aistriúchán ar ‘republican’!

Ba dhóigh leat ar feadh tamaill gur aighneas téarmaíochta a bhí i gcogadh na gcarad, ach mar a mheabhraíonn Ó Cathasaigh dúinn ‘ní foclaíocht ba bhun leis an gcogadh’ sin.

Is de bharr clisteacht an ‘ghleacaí mhilis shleamhain’ úd, Lloyd George a bhain casadh as ‘saorstát’ chun ‘free state’ a dhéanamh as an mbrí ‘republic’ a bhí ag toscairí an chonartha air, a leithrigh an dá chiall ó chéile.

Is ea, turas staire agus foclóireachta atá sa leabhar seo ar chóir do gach duine a bhfuil leathdhúil leamh féin aige i stair na tréimhse seo a léamh go mion.

Tar éis an tsaoil, tá cónaí ar chuid againn i bpoblacht…de shaghas éigin.

Fág freagra ar 'Turas stairiúil den scoth go dtí an uair a deineadh ‘poblacht’ de ‘republic’'