Turas ar bhóithrín na smaointe i nGaeltacht Mhaigh Eo, cos ar chois leis an gCoirnéal Kane…

Bhí saoire ghearr ag ár gcolúnaí i Maigh Eo le déanaí agus an té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach

Turas ar bhóithrín na smaointe i nGaeltacht Mhaigh Eo, cos ar chois leis an gCoirnéal Kane…

Poll na Seantoinne i dTuaisceart Mhaigh Eo

Chaith mé féin agus bean an tí cúpla lá i gCathair na Mart le gairid. Turas siar ar bhóithrín na smaointe a bhí ann dhomsa mar gur chuir mé cúig bliana isteach ar an mbaile sin nuair a bhí mé óg alluaiceach.

I gclólann Fhoilseacháin Náisiúnta Teoranta a bhí mé fostaithe. Acusan a bhí an Mayo News ag an am agus ansin freisin a chlóbhuailtí an nuachtán Gaeilge Inniu.

Clóbhuaileadh leabhair Ghaeilge ann chomh maith. Ar cheann acu bhí Cré na Cille.

Is ríspéisiúil an cur síos atá ar an gclóbhualadh céanna sa leabhar a scríobh Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt dar teideal Sáirséal Agus Dill 1947-1981.

Thaithnigh an tsaoire ghearr go breá linn, go mór mór an lá ar thug cara dílis linn, Gearóidín Ní Ghruinéil, ar thuras eolais muid ar fud thuaisceart Mhaigh Eo.

Iarmhúinteoir scoile í Gearóidín agus Gaeilgeoir maith. I Maigh Cuilinn a rugadh í ach tá an chuid is mó dá saol caite aici i gCaisleán an Bharraigh.

Tá eolas barainneach aici ar shaol Gaelach Mhaigh Eo agus léargas thar na bearta ar thírdhreach an chontae.

Bean iontach siúlóidí í. Déarfá leat féin nach bhfuil cnoc ná gleann as Cunga go Cill Ala nach bhfuil siúlta aici, gan trácht ar bheanna maorga eile ar fud Éireann.

Ní bhíonn aon leisce uirthi ach oiread tabhairt faoi shiúlóidí fada thar lear nó dreapadh ar shliabh i dtír aineoil a mbeadh faitíos ar chuid againn breathnú suas air fiú amháin.

Ba mhór an t-ardú croí a bheith ag éisteacht le Gearóidín agus í ag trácht ar ainmneacha agus ar stair na gcnoc agus na sléibhte a raibh muid ag dul tharstu.

Thug sí síos go Ceathrú Thaidhg muid mar a raibh comhrá spéisiúil agus braon breá tae láidir againn i gcuideachta Threasa Ní Ghearraigh. Gael maith eile í siúd agus eolaí ar stair an cheantair.

Thaispeáin Gearóidín dhúinn cuid den tionscadal ar a dtugtar ‘Tír Sáile’. Is éard atá ann sraith de phíosaí dealbhóireachta ó áit go háit faoin aer ag léiriú stair agus áilleacht thuaisceart Mhaigh Eo.

Bhí Údarás na Gaeltachta ar cheann de na heagraíochtaí a thug airgead lena n-aghaidh.

B’fhéidir gur obair ealaíonta atá déanta ach creideann cuid mhaith de mhuintir na gceantar sin gur ag baint ón áilleacht atá na píosaí dealbhóireachta, gur ag milleadh an taobh tíre atá siad, agus gurbh fhearr as iad.

Is críonna an té a déarfadh, mar a dúirt an glór as Cré na Cille.

Tá obair amháin den chineál seo déanta in aice le Ceann Dhún Pádraig agus chuir muid an-suim go deo ann. Poll na Seantoinne a thugtar air.

Poll séideáin atá ann – uaimh mhór dhomhain ar chnocán in aice na farraige a líonann le sáile nuair a bhíonn sé ina lán mhara.

Fear darbh ainm Travis Price a tháinig anall as Ollscoil Chaitliceach Mheiriceá gur shocraigh sé go ndéanfaí obair nua ag Poll na Seantoinne. ‘Spirit Of Place’ a thug sé ar a raibh beartaithe aige.

Thug sé scata mac léinn anall leis. Chuir siad fál de bharraí alúmanaim timpeall ar Pholl na Seantoinne agus réitíodh cosán suas go dtí é.

Fuair siad deontas €640,OOO leis an obair seo a dhéanamh. Bíonn airgead fairsing go maith scaití!

Ba mhór an chabhair dóibh ar ndóigh gurbh é Michael Ring a bhí ina Aire Stáit sa Roinn Turasóireachta agus Spóirt ag an am.

An tsuim is mó a bhí againne sa scéal gur bádh suas le tríocha óglach ansin a bhí ar a dteitheadh le linn Éirí Amach 1798.

Chuaigh siad síos i bhfolach i bPoll na Seantoinne ach thug feallaire fola a bhí san áit gadhar faoi deara ag sceamhaíl ar an mbruach agus thuig sé láithreach go raibh úinéir an ghadhair thíos.

Thug sé scéala do na “redcoats”. D’fhan siadsan thart chomh fada agus gur bádh na fir nuair a d’ardaigh an taoille.

Ar dhuine den dream a bádh bhí fear darbh ainm Diarmaid Cúipéar. Bhí cara aigesean, an Coirnéal Kane agus bhí seisean san Éirí Amach freisin.

Chum Donncha Cúipéar amhrán ag moladh do na daoine seasamh le Coirnéal Kane.

Bí cinnte go raibh an t-amhrán sin ar eolas ag Pádraig Mac Piarais agus eisean ag beartú muirthéacht eile blianta dár gcionn.

Bhí an t-amhrán ag an bhfear a bhí ina gharraíodóir ag an bPiarsach i Scoil Éanna, Micheál Mac Ruaidhrí.

I bhfoisceacht deich míle do Pholl na Seantoinne a rugadh Micheál Mac Ruaidhrí.

Ba é Donncha Cúipéar a shin-seanathair.

Deireadh Mícheál gur mhair leaganacha den amhrán go dtína linn féin mar go mbíodh na mná á rá agus iad ag sníomhachán.

Seo mar a bhí sé:

Tá na Francaigh i gCill Ala
B’fhada cabhair ó Chlanna Gael
Tógaí suas bhur gcroí is bhur misneach
Siúilí amach le Coirnéal Kane
Go feirc gach airm in bhur namhaid
‘tá a’ marú na bhfíorGhael
Nach mór an sólás a bhronn Dia orainn
Ár ndeoraí álainn Coirnéal Kane
In éineacht libh a Ghaela fíora
Bhur bpící in airde faoi fhaobhar géar
Bíodh gach amhas fíochmhar fuilteach
Sin í comhairle Choirnéal Kane.
Tá ár saoirse i mbéal an dorais
Má throideann gach ball de shliocht na nGael
I gcomhar leis na Francaigh bríomhar’ láidir
Faoi spraic is cúram Choirnéal Kane.
Anois nó go brách a ghaiscígh bríomhar’
Tá Dia ins na Flaithis in aghaidh an Pale
Beidh Íosa Críost in aingeal coimhdeachta
Cos ar chois le Coirnéal Kane.

Fág freagra ar 'Turas ar bhóithrín na smaointe i nGaeltacht Mhaigh Eo, cos ar chois leis an gCoirnéal Kane…'

  • Glór Í Eo

    “Ní ceantar suarach é Maigh Eo,
    Fiú in am an ghátair is an anró
    Níor díothaíodh faghairt an duine.
    Lár anama Fhódhla, Bhanba agus Éireann,
    Ó bharr Chruach Phádraig
    Go Cnoc Na Maighdeana Muire,
    Ó Iorras na Fiannaíochta agus Machaire Céide,
    Trí mhainistir ársa Bhaile an Tobair,
    Go reilig ríoga Chonga na Croise.”

  • Gearóidín Ní Ghrúinéil

    Maith thú, a Sheosaimh. Beidh lá eile ag spaisteoireacht i Maigh Eo ag Treasa agus tú féin.

  • léitheoir

    Leabhar eolais faoi na conairí is fearr le haghaidh siúlóidí i Maigh Eo le bhur dtoil. Dátheangach.