Tuilleadh bileoga toghcháin i mBéarla á scaipeadh sa Ghaeltacht

Tá leagan Béarla agus leagan Gaeilge á seoladh chuig teaghlaigh Ghaeltachta ag triúr iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghlach Lár Tíre-an tIarthuaisceart

Tuilleadh bileoga toghcháin i mBéarla á scaipeadh sa Ghaeltacht

Tá tuilleadh bileoga toghcháin i mBéarla á scaipeadh ar theaghlaigh sa Ghaeltacht.

Níos túisce an mhí seo, dúirt Fine Gael le Tuairisc nach raibh aon rogha acu ach bileoga toghcháin i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht, ach is cosúil go bhfuil cur chuige éagsúil aimsithe ag Fianna Fáil agus dhá leagan de bhileog, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla, á seoladh acu go dtí lucht vótála sa Ghaeltacht.

Fuair teaghlaigh áirithe i nGaeltacht Chonamara bileog Bhéarla do thriúr iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghlach Lár Tíre-an tIarthuaisceart agus, roinnt laethanta ina dhiaidh sin, fuair siad leagan Gaeilge den bhileog chéanna.

Tá cúpla focal Gaeilge ar an leagan Béarla den bhileog chéanna agus an mana toghcháin ‘Europe Matters’ aistrithe go dtí ‘Tá an Eoraip tábhachtach’.

I mBéarla amháin atá an bhileog toghcháin a scaipeadh sa Ghaeltacht d’iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre sa toghlach céanna, Fergal Landy. Is cosúil nach bhfuil tús áite á thabhairt ag an bpáirtí nua Ireland First don Ghaeilge ach oiread agus i mBéarla amháin atá an bhileog a scaipeadh sa Ghaeltacht do Margaret Maguire atá ag seasamh dóibh sa toghlach Lár Tíre-an tIarthuaisceart.

Bileoga Béarla atá a scaipeadh sa Ghaeltacht chomh maith ag Rory Hearne iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta sa toghlach sin, cé go bhfuil leagan Gaeilge dá bhileog toghcháin ar fáil ar líne agus nasc chuige ar an mbileog Bhéarla a scaipeadh tríd an bpost.

Nuair a cheistigh Tuairisc Fine Gael an mhí seo faoin scéala nach raibh focal Gaeilge ar bhileoga a n-iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha, Maria Walsh agus Nina Carberry, dúradh nach raibh aon “rogha” eile acu.

Dúirt urlabhraí de chuid Fhine Gael go mbíonn iarrthóirí i dtoghcháin Eorpacha agus in olltoghcháin i dteideal bileog amháin a sheoladh saor in aisce go dtí gach teaghlach nó vótálaí – Litir um Thoghcháin.

Fág freagra ar 'Tuilleadh bileoga toghcháin i mBéarla á scaipeadh sa Ghaeltacht'

  • An Sléibhteoir

    Go bhfios dom, tá cead ag iarrthóirí an bhileog bheag san a dháileadh saor in aisce ach
    is féidir leo bileog A4 a dháileadh saor in aisce chomh fada is atá sé fillte fé thrí (ionas go mbeadh sé ar chó-mhéid leis an mbileog beag san a fhaighimid de ghnáth)
    Agus mar sin, más easpa spáis ar na bileoga is cúis leis an easpa Gaelainne, is féidir le Páirtí leathanach níos mó ná an gnáthmhéid a dháileadh orainn.