Bhí mé féin agus fear bhun an bhóthair sa sauna, ‘ionad folláine’ féinfhreastail i lár an bhaile mhóir. Cuireann tú sliotán ama in áirithe ar shuíomh idirlín agus osclaíonn tú an doras le cód; ar €17.50 in aghaidh an uair an chloig, ní drochmhargadh é.
Tar éis tamaill sa teas theastaigh folcadh oighir ó fhear bhun an bhóthair. Amach leis agus bhí an sauna fúm féin agam, rud nár mhiste, ó ba rud é gur theastaigh uaim roinnt machnaimh a dhéanamh.
Ach an chéad rud eile tháinig beirt bhan sna tríochaidí luatha isteach. Bheannaigh siad dom go tur agus ansin thosaigh siad ag caint ar phlacaintí.
Níl mé ag magadh. ‘Placaint’ an tríú focal a tháinig amach as béal an duine acu ba mhó a bhí i mbun cainte, agus lean mionchíoradh ar a taithí iarbhreithe.
‘Tá mé in ann labhairt faoin mbreith faoin am seo ach níl na focail agam a dhéanfadh cur síos ar an bpian!’
‘Tá matáin mo bhoilg fós as áit, agus an rud is measa ná go mbíonn mo mhún ag sileadh uaim. Ach thaispeáin siad bealach dom chun iatóir mo lamhnáin a chleachtadh le go n-éireoidh sé níos láidre; mura ndéanfaidh mé sin, deir siad go bhfuil an seans ann go mbeidh mé neamhchoinneálach don chuid eile de mo shaol.’
‘An bhfuil sé sin deacair, mar chleachtadh?’
‘Níl ar chor ar bith, a chailín, tá mé á dhéanamh anois féin!’
Faoin am sin bhí mé ag fiafraí díom féin an raibh mé tar éis éirí dofheicthe nó rud éigin, ach ní raibh an oiread sin gaile sa sauna. Lean comhrá na beirte ar aghaidh amhail is nach raibh aon duine eile i láthair.
Rith dhá fhéidearthacht liom.
B’fhéidir gur thuig an bheirt ar an bpointe boise, ar theacht isteach sa sauna dóibh, gur fear mise a bhfuil dúil aige i bhfir; b’fhéidir gurbh é sin an fáth gur mhothaigh siad ar a gcompord maidir le cúrsaí chomh pearsanta le feidhmiú inmheánach a mball giniúna a phlé agus duine nach bhfaca siad riamh roimhe sin i láthair.
Sin, nó b’fhéidir nach raibh siad ar a gcompord ar chor ar bith agus gur straitéis a bhí sa chomhrá chun an spás a dhéanamh sábháilte dóibh, is é sin le rá: an ruaig a chur ar an bhfear a bhí sa sauna rompu le hábhar cainte a scoithfeadh amach scun scan é.
Ní fútsa atá sé, a dúirt glóirín feimineach ar chúl m’aigne, tá lánchead ag beirt bhan a rogha rud a phlé cuma cá bhfuil siad agus cé atá i láthair!
Ach cas timpeall é, a dúirt glóirín eile ar chúl m’aigne ansin. Céard a bheadh le rá ag daoine dá siúlfadh beirt fhear isteach ar bhean a bheadh ina suí sa sauna léi féin, agus dá dtosóidís ar mhionphlé ar fheidhmiú a mbod?
D’fhan mé i mo shuí san áit a raibh mé go dtí go raibh an gráinnín deireanach den ghaineamh sa chuid uachtarach den uaineadóir ar an mballa sa chuid íochtarach.
‘Bíodh oíche mhaith agaibh,’ a dúirt mé, agus d’fhág.
Fág freagra ar 'Theastaigh uaim roinnt machnaimh a dhéanamh sa sauna, isteach le beirt bhan a thug ábhar machnaimh dom!'