Easpa aithne ar a chuid carachtar féin is cúis leis, uaireanta, nuair a bhíonn scríbhneoir i bponc le togra scríbhneoireachta. Gan a fhios aige céard a dhéanfaidh na daoine a chum sé féin sa chéad radharc eile.
Nuair a tharlaíonn a leithéid domsa – mar a tharla an tseachtain seo caite – is maith liom slám tástálacha síceolaíocha a dhéanamh ar na carachtair atá ag tabhairt trioblóide dom.
Blianta fada ó shin, cheannaigh mé leabhar iontach úsáideach i siopa athláimhe, What Would Your Character Do? – Personality Quizzes for Analyzing Your Characters le Eric agus Ann Maisel.
Sa leabhar sin, tugtar cuireadh don scríbhneoir carachtar a bheadh ag tabhairt trioblóide dó a shamhlú i gceann nó dhó de thríocha cás.
Céard a dhéanfadh do charachtar dá mbogfadh comharsa aisteach isteach béal dorais?
Céard a dhéanfadh do charachtar mura mbeadh sé in ann codladh?
Céard a dhéanfadh do charachtar dá mbuailfí bleid air i siopa gnéis?
Agus mar sin de.
Ansin, iarrtar ar an scríbhneoir sraith ceisteanna a fhreagairt mar a d’fhreagródh a charachtar iad. Tabharfaidh na freagraí sin léargas níos fearr dó ar phearsantacht a charachtair.
Ar ndóigh, ní gá do dhuine an leabhar áirithe sin a bheith ar a sheilf aige le go mbeadh sé in ann síocanailís a dhéanamh ar a chuid carachtar.
Tá Facebook lán tráthanna na gceist den sórt céanna. Ní gá ach ceistiúchán a líonadh isteach do do charachtar in ionad duit féin. (Buntaiste sa bhreis: cuirfidh tú an t-eolas pearsanta a bhailigh Facebook fút as a riocht!)
Cleas eile a mbainim úsáid as ó am go chéile chun aithne níos fearr a chur ar mo chuid carachtar ná a bpríobháideachas a shárú.
Ordaím dóibh a bpócaí a iompú amach nó a mála láimhe a iompú bunoscionn. Céard iad na hearraí a thitfeadh ar an urlár?
Ordaím dóibh a nguthán póca a thabhairt ar láimh dom. Céard í an uimhir dheireanach ar cuireadh glaoch uirthi? Cén saghas ceoil a bhí ar siúl go deireanach? Céard é ‘stádas’ an charachtair ar WhatsApp?
Ordaím dóibh a gcuid éadaí a bhaint díobh. Cén saghas fo-éadaí atá á gcaitheamh acu? Cinn stuama? Cinn gháifeacha? An bhfuil cuma nua orthu? Nó cuma chaite? Cén fáth go bhfuil an fobhríste nó an cíochbheart áirithe sin á chaitheamh acu?
An fáth gur oscailt súl don scríbhneoir a bhíonn i gcleasanna den chineál seo go minic, ná go dtugann siad deis dó aithne a chur ar a charachtar lasmuigh de chomhthéacs a scéil.
Ó am go chéile, spreagfaidh an tsíocanailís seo radharc, píosa cainte nó casadh sa phlota nach raibh coinne ag an scríbhneoir leis. Ach ar an mórgóir, níor cheart go rachadh an t-eolas a bhaileofaí ar an gcaoi seo isteach sa togra scríbhneoireachta féin. Is éard a bhíonn ann, dáiríre, ná an chuid sin de chnoc oighir cáiliúil Hemingway nach mbíonn le feiceáil.
Rabhadh eile mar fhocal scoir. Mar is eol d’éinne a líon isteach tráth na gceist pearsantachta ar an idirlíon riamh, caitheamh aimsire é a n-éiríonn duine an-tógtha leis. Is fiú don scríbhneoir tástálacha síceolaíocha a dhéanamh ar a chuid carachtar ó am go chéile, ach ná déanadh sé dearmad go bhfuil an scéal féin le scríobh aige!
Aine Ni Chleirigh
Suimiul.