Tugann Pádraig Standún idir ábhar machnaimh agus scéalaíocht bhríomhar dúinn an t-am ar fad

Sa mhír seo, moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An tseachtain seo, scéalaí den scoth as Conamara…

Tugann Pádraig Standún idir ábhar machnaimh agus scéalaíocht bhríomhar dúinn an t-am ar fad

N’fheadar an bhfuil aon téama nua-aimseartha nach bhfuil aghaidh tugtha ag Pádraig Standún air?  Feicim ar an tseilf uaim Cion Mná agus Coolbáire agus An tAinmhí agus Cíocras agus Na hAntraipeologicals agus Stigmata agus eile atá léite agam de réir is mar a foilsíodh iad, fara na cinn a thabhaigh clú dó ar dtús, go háirithe Súil le Breith. Ba dhóigh leat air gur bealach is ea na húrscéalta le ceisteanna reatha, le ceisteanna pobail, le ceisteanna creidimh a chur os ár gcomhair ina bhfeisteas scéalaíochta, agus ní mhaím nach séanfadh sé an méid sin.

Den chró céanna é Mac Dé, Cé hÉ? (CIC €10.00). Foireann scannánaíochta i gConamara arb í a mian scannán a dhéanamh ar bheatha Chríost. B’fhéidir gurb ait leat Gaililí sa Ghaillí ó thaobh na haimsire de, ach tá na clocha thar a bheith oiriúnach.  Bailíonn sé le chéile mar is dual, foireann de charachtair atá éagsúil agus barrúil agus neamhchoitianta, mar a dhéanfadh léiritheoir ar bith. Is é plean an stiúrthóra Nioclás Dowling, nó Mac an Diabhailín mar a bhaistear air, na haisteoirí a roghnú as measc an phobail agus ligean dóibh an script a chumadh iad féin.

Tá Margie Oifig an Phoist ann, a bhfuil gach rud ar eolas aici mar a bhíonn ag máistreásaí an phoist agus a bhfuil an dúil chraicneach aici sa tsaol idir chuairteoirí agus fhámairí oibre samhraidh; na Trí Migos, bligeaird cineál soineanta den óige áitiúil ach a théann thar fóir lena gcuid cleasaíochta; Taimín Dharach, seanduine as an áit a bhfuil an ghaois mhuinteartha ag lonnú ann; Edel, an t-iriseoir sárChaitliceach a dtagann athrú creidimh uirthi ar an mbóthar ón Spidéal (b’fhéidir); an sagart paróiste Éamonn Ó Sé, arb é an carachtar is iomláine ar fad díobh sa scéal, sagart idir dhá shaol, idir dhá thuairim, ach a bhfuil fios a aigne aige; Tadhg nach é Tadhg Ros na Rún é a bhfuil páirt Íosa sa scannán aige; Odhrán sleamhain an ghlicis a bhfuil páirt Iúdáis in áirithe dó; daoine eile agus miondaoine agus pobal leathan scaoilte ag faire is ag gliúcaíocht.

Sactar iad sin ar fad isteach sa phota, agus bíodh geall go mbeidh scéal agat. Máistir ar an saghas sin scéalaíochta é an Standúnach. Comhthalán teoranta, pearsana éagsúla, ceist sa phobal, suaitheadh dá réir, agus freagra a thuirlingíonn ar ball. Ach lena linn sin dúisítear na ceisteanna móra creidimh agus morálta. Ní féidir neamhaird a dhéanamh díobh, óir más sáite sa scéal atá tú, agus beidh, ní foláir aghaidh a thabhairt ar a bhfuil á mhúscailt i rith an ama. Ar leibhéal eile, is úrscéal é seo a bhaineann le húdarás aon-ghuth an phobail versus cead tuisceana an duine aonair, le críonadh chumhacht na sagart, le cinsireacht ar scannáin, le teorainn na pleidhcíochta, le hathrú creidimh.

Níorbh fhiú tada é sin, gan bhréig, mura mbeadh scéal bríomhar insuime á iompar. Arís eile, is máistir ar an gcomhrá idir daoine é an t-údar, comhrá a nochtann a meon is a n-iompar. Is ea, tá greann ann, leis, agus an t-úrscéal nach bhfuil greann ann ar éigean go bhféadfá a rá go dtuigeann an t-údar an saol.

Cé hé mac Dé mar sin? Ba mhaith leat toradh an scannáin a deineadh a fheiscint ar TG4, ach mar atá in abairt deiridh an leabhair ‘Ábhar machnaimh dúinn ar fad’ an méid sin.

Tugann Pádraig Standún idir ábhar machnaimh agus scéalaíocht bhríomhar lándéanta dúinn an t-am ar fad. Mura mbeadh é cá mbeadh úrscéalta an phobail a bhfuil éileamh seasta orthu?

Fág freagra ar 'Tugann Pádraig Standún idir ábhar machnaimh agus scéalaíocht bhríomhar dúinn an t-am ar fad'