Tugann conspóid Shinn Féin léargas ar chultúr rúnda agus páirtí ar fearr leo déileáil le ceisteanna achrannacha go hinmheánach

Tá an chuma ar an scéal nach raibh an oiread práinne agus ba cheart i gcónaí le tuairisciú líomhaintí, le reáchtáil fiosrúcháin agus le cur i bhfeidhm an chórais pionóis

Tugann conspóid Shinn Féin léargas ar chultúr rúnda agus páirtí ar fearr leo déileáil le ceisteanna achrannacha go hinmheánach

Ba cheart na páistí a chosaint thar aon ní eile. Tá deacrachtaí Shinn Féin ag neartú i rith na seachtaine agus ceisteanna go leo á gcur ag polaiteoirí agus an pobal trí chéile.

Tá líomhaintí agus cúiseanna, ráflaí agus leidí á scaipeadh ar fud na háite agus brú as cuimse ar cheannaireacht an pháirtí faoina ndearna siad nó nach ndearna siad agus na tréimhsí ama idir na heachtraí ar fad. Ceist an-simplí nach mór a chur ar gach polaiteoir agus gach duine go dtagann scéal ina dtreo faoi iompar míchuí i leith páistí – céard a rinne tú lena chinntiú go raibh cosaint ag na daoine óga?

Tá a fhios ag gach tuismitheoir agus go deimhin ag gach duine a bhíonn ag plé le cumainn spórt, nó go deimhin a mbíonn páiste leo ag freastal ar an Aifreann i saol na linne seo, nach mór a chinntiú go bhfuil grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána déanta agus cead maoirseachta faighte acu.

Tá an córas sibhialta agus coiriúil anois thar a bheith cúramach faoi chosaint leanaí – ní nach ionadh nuair a chuirtear san áireamh an méid dochair a deineadh i rith na nglúnta do pháistí. Tá an tuiscint ann anois go gcaithfear an ghlúin óg a chosaint thar aon ní eile.

Níl aon chruthúnas agam nach bhfuil córas ag Sinn Féin ó thaobh cosaint leanaí ag feidhmiú i gceart. Tá an chuma air go bhfuil fiosrúcháin déanta, daoine briste as a gcuid post nó curtha ar fionraí agus go bhfuil míshásamh le hiompar roinnt iarbhall de chuid an pháirtí.

Tá an chuma ar freisin, faraor, nach raibh an oiread práinne agus ba cheart i gcónaí le tuairisciú líomhaintí, le reáchtáil fiosrúcháin agus le cur i bhfeidhm an chórais pionóis. Ar ndóigh ní hionann scéalta a bhaineann le hiompar míchuí i leith daoine faoi aois agus na deacrachtaí eile sa pháirtí atá ag tarraingt airde orthu faoi láthair.

Deis atá san eachtra ar fad ag céilí comhraic polaitiúla an páirtí a ionsaí agus cé a thabharfadh milleán orthu an deis sin a thapú? Go háirithe agus muid i bhfoisceacht roinnt seachtainí d’olltoghchán.

Ní fios cén dochar a dhéanfaidh an chonspóid seo ar fad do pháirtí atá in ísle bhrí, sna pobalbhreitheanna ar aon nós. Tugann sé léargas ar chultúr rúnda agus páirtí ar fearr leo déileáil le ceisteanna achrannacha go hinmheánach.

Léiríonn sé freisin nach léir go bhfuil na ceachtanna ar fad atá riachtanach foghlamtha ag an gcóras polaitiúil. Is cuma cén tairbhe atá le baint anois as deacrachtaí agus mí-éifeacht páirtí eile, is cóir anois breathnú ar na rialacha a chaithfear a chur i bhfeidhm trasna an chórais ar fad.

Ceist inti féin is ea fiosrúcháin inmheánacha agus choiriúla – thar aon ní eile caithfear a chinntiú go bhfuil cosaint ag páistí na tíre, an chéad ghlúin eile agus ár n-oidhreacht, ach caitheamh mar is cóir leo.

Fág freagra ar 'Tugann conspóid Shinn Féin léargas ar chultúr rúnda agus páirtí ar fearr leo déileáil le ceisteanna achrannacha go hinmheánach'