Coiste Oireachtais ag éileamh bunscoil lán-Ghaeilge do cheantar i mBaile Átha Cliath atá fágtha gan Gaelscoil

Tá molta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge gur chóir don Aire Norma Foley cead a thabhairt Gaelscoil nua a bhunú agus a thógáil i gceantar Bhaile Átha Cliath 10 agus 12 laistigh de thrí bliana

Coiste Oireachtais ag éileamh bunscoil lán-Ghaeilge do cheantar i mBaile Átha Cliath atá fágtha gan Gaelscoil

Tá sé ráite gur sárú ar chearta teanga an phobail in iarthar agus i ndeisceart Bhaile Átha Cliath nach bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge ar fáil ina gceantar agus tá éileamh déanta ar an Aire Oideachais an scéal a chur ina cheart.

Tá molta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge gur chóir don Aire Norma Foley cead a thabhairt Gaelscoil nua a bhunú agus a thógáil i gceantar Bhaile Átha Cliath 10 agus a 12 laistigh de thrí bliana.

Tá ceantar Bhaile Átha Cliath 10 agus 12, ina bhfuil bailte amhail Baile Bhailcín, Cromghlinn, Droimeanach, Baile Formaid agus Gort na Silíní, ar cheann den bheagán ceantair i mBaile Átha Cliath nach bhfuil Gaelscoil lonnaithe ann.

I bhfianaise a thug daoine a bhfuil baint acu le cur chun cinn an Ghaeloideachais sa gceantar don choiste Oireachtais níos luaithe i mbliana, dúradh go raibh naíonra i mBaile Formaid lán go doras ó osclaíodh é in 2017 ach gur fhág an t-éileamh mór a bhí ar na Gaelscoileanna is cóngaraí dóibh, in Inse Chór agus Cluain Dolcáin, nár éirigh le formhór na bpáistí ó Bhaile Átha Cliath 10 agus 12 áit a fháil sna scoileanna lán-Ghaeilge sin.

Bhí feachtas ann roimhe seo i gceantar Bhaile Átha Cliath 12 chun bunscoil lán-Ghaeilge a bhunú agus bhí suíomh aimsithe ach cuireadh stop leis an togra nuair a d’athraigh an Roinn Oideachais an próiseas maidir le bunú scoileanna nua.

I dtuarascáil nua atá seolta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, deirtear gur chóir don Aire Oideachais gníomhú chun oideachas bunscoile lán-Ghaeilge a chur ar fáil sa cheantar.

“Is ceantar ollmhór é seo, buailte ar a chéile tá dhá cheantar a bhfuil a seoladh poist i mBaile Átha Cliath agus gan oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do na páistí scoile,” a dúirt Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

“Is sárú ar a gcearta teanga agus a gcearta dlíthiúla an easpa seo, agus mar sin, tá an Comhchoiste ag iarraidh ar an Aire Oideachais Gaelscoil agus oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil sa cheantar láithreach.”

Tá an coiste ag moladh go dtógfaí an scoil nua roimh dheireadh 2027.

Is é barúil an choiste freisin, ach a gcuirtear achar agus líon ard daonra an cheantair san áireamh, gur chóir go gceadódh an tAire an dara Gaelscoil sa gceantar laistigh de dheich mbliana.

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais ag éileamh bunscoil lán-Ghaeilge do cheantar i mBaile Átha Cliath atá fágtha gan Gaelscoil'

  • Colette

    In ionad plean Stáit comhordaithe a bheith againn tá fás randamach an Ghaeloideachais ag brath ar bhrúghrúpaí tuismitheoirí áitiúla le os cionn 50 bhliain.
    Anois tá brú-ghrúpa eile (ach ón Oireachtais an t-am seo) ag cur a ladar sa scéal. Go n-eirí an t-ádh leo agus iad ag plé le Roinn an Oideachais.