Bliain ó shin bhí an chosúlacht air ó na pobalbhreitheanna gurbh é Sinn Féin a bheadh go mór chun tosaigh ar na páirtithe eile – cé nach mbeadh sé éasca bealach i dtreo rialtais a chinntiú.
Mar sin i mí Mheán Fhómhair 2023, de réir Ipsos MRBI san Irish Times bhí tacaíocht 34% ag Sinn Féin, i gcomparáid le 18% ag Fine Gael agus 20% ag Fianna Fáil.
Ach i bpobalbhreith na míosa seo ag an gcomhlacht céanna ní raibh ach 20% ag Sinn Féin, 27% a bhí ag Fine Gael agus 19% ag Fianna Fáil. Agus ar ndóigh bhí figiúr níos ísle i bhfad acu sna toghcháin áitiúla.
Tugann na pobalbhreitheanna seo le fios go bhfuil roinnt den tacaíocht a chaill Sinn Féin sna toghcháin áitiúla faighte ar ais, ach mura dtagann feabhas mór ar chúrsaí dóibh, bheadh sé fánach a bheith ag ceapadh go bhféadfadh Sinn Féin a bheith i gceannas ar an rialtas, nó fiú a bheith sa rialtas.
Sea, tá an fócas polaitiúil imithe ó Shinn Féin, agus an fócas ar fad ar Fhine Gael.
Bhí Fine Gael agus Fianna Fáil in iomaíocht lena chéile i gcónaí, in ainneoin go raibh namhaid choiteann acu i Sinn Féin. Más fianaise ar bith iad na pobalbhreitheanna, is iad Fine Gael a bheidh chun cinn ar Fhianna Fáil.
Fágann an fhíric sin go bhfuil ceist bhunúsach le freagairt ag Fianna Fáil. Ní thaitneoidh sé le cuid mhaith de bhallraíocht ná de lucht tacaíochta an pháirtí go gcaithfidh siad tús áite a thabhairt d’Fhine Gael, ach ceist níos bunúsaí fós ná céard le haghaidh Fianna Fáil anois?
Ní hamháin go bhfuil an cheist faoi athaontú na tíre i seilbh Shinn Féin anois, ach tá ceannaireacht Fhine Gael níos láidre faoin scéal ná mar atá Micheál Martin. Mura bhfuil i ndán don pháirtí ach a bheith ina chrann taca ag Fine Gael, nó ina phludgharda acu, ní fheicim gur féidir leis an bpáirtí leanacht ar aghaidh rófhada eile.
Cheana féin tá caint ann faoin dá pháirtí a aontú le chéile. Ní inniu ná amárach a tharlóidh sé sin, ach más comhghuaillíocht an dá pháirtí sin atá le bheith mar bhunús ag rialtais feasta, agus toisc gan aon difear suntasach le tabhairt faoi deara idir dearcadh an dá pháirtí, ní fhéadfadh gur fada uainn an uair nuair a dhéanfaidh siad comhaontú eatarthu féin.
Sa bhfadtéarma is dócha gur scéal maith é sin do Shinn Féin. Ach amháin má ghéilleann siad don chathú iad féin a chur in oiriúint don Bhunaíocht mar atá.
Idir an dá linn caithfidh siad straitéis a oibriú amach do bheith mar fhreasúra fadtéarmach. Ní bheidh Sinn Féin ó thuaidh róshásta leis sin.
Go deimhin seo uair na cinniúna ag Sinn Féin. An páirtí é atá meáite ar athchóiriú a dhéanamh ar an stát ó dheas is ar an stáitín ó thuaidh? Tá siad ag fógairt go bhfuil siad ag filleadh ar na bunphrionsabail. Ach ní leor labhairt faoi seo, mura bhfuil siad go hionraic á dhéanamh – ó thaobh na ceiste náisiúnta agus ó thaobh na gceisteanna sóisialta is eacnamaíochta.
Ach maidir leis an dá mhórpháirtí eile, is léir faoi láthair gur mó d’Fhine Gael nó d’Fhianna Fáil a bheidh sa bpáirtí aontaithe. An céim rófhada é sin do leithéidí Willie O’Dea? Nó an céim rófhada é freisin do na daoine aosta arbh iad is mó a thugann vótaí don pháirtí iarphoblachtach?
Agus más mó d’Fhine Gael a bheidh ann, céard iad na himpleachtaí don pholaitíocht sa todhchaí?
Mar cé go bhfuil páirtithe an rialtais, seachas na Glasaigh, ag seasamh an fhóid, léiríonn na pobalbhreitheanna nach bhfuil an t-aos vótála róshásta leis an rialtas, go háirithe maidir le tithíocht is sláinte is cur amú airgead poiblí.
Feicfimid an mbeidh aon tionchar aige sin ar an olltoghcháin, ach más fíor do na figiúirí faoi thacaíocht na bpáirtithe, ní dóigh liom go gcaillfeadh an rialtas mórán.
Is fiú cuimhneamh go bhfuil na Glasaigh an-íseal sna pobalbhreitheanna le fada, agus is deacair aon athfhás a fheiceáil dóibh. Ach an bhfuil an páirtí nua, Éire Neamhspleách de chuid Michael Collins TD, réidh chun an bhearna a líonadh?
Ní fhaca mise mórán briseadh síos ar an tacaíocht atá acusan. Ach tá 20% ag neamhspleáigh i bpobalbhreith Ipsos MRBI, agus fuair an páirtí sin an líon comhairleoirí céanna is a fuair na Glasaigh.
Ní mór súil a choinneáil ar an bpáirtí sin, agus aon tionchar a bheadh acusan a d’fhéadfadh stop a chur le roinnt polasaithe aeráide atá molta ag an gComhaontas Glas.
Ach arís, feicfimid.
Faoi láthair Fine Gael atá in uachtar, is níl fonn orthu a ngreim a scaoileadh.
Fág freagra ar 'Tá Fine Gael i gceannas ar an bpolaitíocht anois'