Ar na daoine féin seachas ar an bpolaitíocht a dhíríonn an saothar cumhachtach seo faoi Gaza

Tugann ceathrar daoine óga cuntas pearsanta ar uafáis na cogaíochta sa Phalaistín agus ar an gcaoi go bhfuil a saol curtha bunoscionn

Ar na daoine féin seachas ar an bpolaitíocht a dhíríonn an saothar cumhachtach seo faoi Gaza

Bliain nó mar sin ó cuireadh tús leis na huafáis is déanaí sa mheánoirthear tá cnuasach cláracha á gcraoladh ag an BBC. Ar an Luan thug an scannán faisnéise Life and Death in Gaza (BBC2) cuntais phearsanta chugainn ó cheathrar ar leith atá i láthair na cogaíochta. Chuir sé abhaile orainn arís eile uafáis na coimhlinte agus gurb iad na gnáthdhaoine, an chosmhuintir, a bhíonn thíos leis i gcónaí nuair a théitear i muinín na cogaíochta.

Ag tosach an tsaothair chonaiceamar seatanna de Ghaza mar a bhí; leanaí óga ag imirt sacair, capall ag iníor agus daoine ag ceannach is díol i margaí na cathrach. Faoi mar a dúirt rannpháirtí amháin linn ‘bhí sé go hálainn cé nach raibh sé foirfe’. Stráice talún é seo atá 25 míle ar fhad agus 7.5 míle ar leithead, é níos lú ná Corca Dhuibhne agus 2.3 milliún duine buailte fúthu ann.

Cuireadh saol gach duine díobh seo bunoscionn i ndiaidh shléacht Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair. Thosaigh slad Iosrael ar an bpointe agus is beag staonadh a bhí ann ó shin. Tá an saothar seo bunaithe ar fhíseáin phearsanta cheithre theaghlach faoi leith thar thréimhse bliana.

Is fisiteiripeoir é Khalid atá sé bliana déag ar fhichid agus cúigear clainne aige. Céimí dlí í Aya atá trí bliana ar fhichid agus a bhí ina cónaí lena hathair, a máthair agus beirt deirfiúracha. Oibrí óige é Adam, 29, a bhfuil beirt deirfiúracha aige in Gaza agus deartháir aige in Éirinn. Nuair a bhuaileamar leis ar dtús bhí a athair go dona tinn leis an ngalar Parkinson. Bhí Assel, 25, trom ar pháiste i ndeireadh 2023 agus í pósta leis an ngrianghrafadóir Ibrahim agus leanbh óg eile acu.

Tá cumhacht an tsaothair seo bunaithe ar scéalta pearsanta an cheathrair agus is beag tráchtaireacht pholaitiúil atá againn. Iad ar fad i mbláth na hóige, gealladh fúthu san áit álainn shuaite sin. A saol curtha bunoscionn ag uafás na cogaíochta is iad dul ó thearmann go tearmann ag iarraidh teacht slán as an gcogaíocht. Iad buartha faoin saol atá amach rompu mar tá fios maith acu go bhfuil an saol a bhí acu imithe. Chonaiceamar na huafáis trína súile siúd. Adam ag iarraidh cúram a dhéanamh dá athair agus na hospidéil ag cur thar maoil.

Nuair a bhásaigh sé (ceal cúram cuí is dócha) ní raibh Adam in ann glaoch ar a dhaoine muinteartha le bheith taobh leis nó lena athair a chur iúl óir go raibh cliseadh cumarsáide ann. Níl lá dá dtéann thart nach bhfuil uafás de shaghas éigin ann. Buamaí agus pléascadh mar ghnáthchuid den lá ach an sceimhle i súile na leanaí is na ndaoine fásta ina chuid den ghnáthlá chomh maith. Seilfeanna na n-ollmhargaí folamh, bia gann agus gan Assel in ann an brollach a thabhairt dá páiste ceal bídh. An stráice ina smionagar agus na mílte le híoc le héalú ón áit.

Saothar suaite, saothar ar leith.

Fág freagra ar 'Ar na daoine féin seachas ar an bpolaitíocht a dhíríonn an saothar cumhachtach seo faoi Gaza'