Ceardlann do chumadóirí amhrán, céilí ar an gCeathrú Rua agus Gáire as Gaeilge

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Ceardlann do chumadóirí amhrán, céilí ar an gCeathrú Rua agus Gáire as Gaeilge
PODCHRAOLTAÍ

Méabh agus Milène ar ais don dara séasúr ‘Bantracht’

Tá an tsraith podchraoltaí Bantracht ar ais ar an aer don dara sraith agus na cairde Méabh Nic Alastair agus Milène Fegan ag caint faoi na buaicphointí agus na híosphointí a bhaineann leis an mháithreachas. Ainmníodh an tsraith do dhuais i nGradaim Phodchraoltaí na hÉireann (Irish Podcast Awards) anuraidh.

Tá gach ceann de na 10 gclár nua ar fáil ar Spotify. Tugann an dara sraith seo den phodchraoladh Bantracht léargas níos doimhne ar mheabhairshláinte na máthar, ar an fhiontraíocht, ar bhealaí neamhchoitianta le bheith mar mháthair agus ar chéimeanna malla na tuismitheoireachta.

Éist le Bantracht ar Spotify anseo.

SEOLADH LEABHAIR

Tír Bheag á sheoladh ag Barzaz i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath

Beidh leabhar nua, Tír Bheag, atá aistrithe ón bhFraincis ag an scríbhneoir agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn á sheoladh ag na foilsitheoirí Barzaz an tseachtain seo chugainn. Cuirfear ócáidí ar bun i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste chun an saothar nua a chur i láthair an phobail.

Tá an leabhar bunaithe ar an mbunsaothar Petit Pays leis an scríbhneoir Francach-Ruandach, Gaël Faye. Amhránaí, rapálaí agus scríbhneoir é a bhog go dtí an Fhrainc lena mhuintir nuair a bhí sé 13 bliana d’aois le cogadh cathartha agus cinedhíothú a sheachaint. Is ansin a thosaigh sé ag scríobh agus ag cumadh ceoil.

Is as Co. Dhoire ó Dhúchas d’Antain Mac Lochlainn ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le fada an lá. I measc na saothar atá aistrithe aige, tá úrscéalta i sraith Nairnia le C.S. Lewis agus úrscéalta grafacha i sraith Asterix.

Seoladh Bhéal Feirste: Dé hAoine, 19 Deireadh Fómhair ag 1 i.n., Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Seoladh Bhaile Átha Cliath: Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair ag 6.30 i.n., Áras Scríbhneoirí na hÉireann.

RANGANNA
Acadamh na Gaeilge An Cheathrú Rua

Fiach Focail san Acadamh le Máire Feirtéir

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, (Seomra 103, Bloc 2 in aice leis an halla)

Dé Sathairn, 19 Deireadh Fómhair 11 r.n. go 12 r.n.

Chomh cinnte le duilleoga ag fuadach agus raithneach ag seargadh, bíonn sé ina fhómhar nuair a thosaíonn Coiste Cultúir agus Oidhreachta na Ceathrú Rua i gConamara ar a gcuid imeachtaí arís.

Aon duine a shantaíonn focail is leaganacha deasa cainte, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an áit le bheith maidin Dé Sathairn don Fiach Focal is deireanaí agus an Duine féin agus an teanga a bhaineann leis á phlé faoi stiúir mháistir na bhfocal, Máire Feiritéar.

DAMHSA

Céilí ar an gCeathrú Rua

Beidh ceilí i Halla Éinne ar an gCeathrú Rua ar an Aoine, 19 Deireadh Fómhair ag 7:30 i.n. Is iad an grúpa ealaíne Gliogar atá á eagrú.

Grúpa ealaíontóirí iad Gliogar a chuireann imeachtaí cultúrtha ar siúl, go háirid trí mheán na Gaeilge agus in éindí le healaíontóirí comhaimseartha Gaelacha. Tá siad lonnaithe i gConamara Theas.

Níl aon táille ar an doras. Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín Gliogar anseo: https://gliogar.ie/

FÉILTE

Oíche cheoil thrialaigh, rac-cheol agus ceol nuachumtha

Beidh tráthnóna ‘Fite Fuaite’ ar bun in Áras Mhic Reachtain ar an Aoine, 25 Deireadh Fómhair mar chuid de chlár Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste.

Oíche cheoil thrialaigh, ceol leictreonach, rac-cheol, ceol traidisiúnta agus ceol nuachumtha á léiriú ag ceoltóirí nuálacha i réimse an cheoil chomhaimseartha. Is buíon i ngluaiseacht an nuacheoil Ghaelaigh iad HHH nach mbaineann a saothar le haon seánra faoi leith.

Beidh Na Shan Vans i láthair freisin agus rac-cheol spreagúil á sheinm acu, chomh maith leis an gceoltóir ildánach Neil Ó Briain. Ticéid ar £15 ar fáil ag an nasc seo.

 

Hector agus Gaelgáirí ag Féile Grinn na Gaillimhe

Beidh sraith seónna ‘Gáire as Gaeilge’ á gcur i láthair ag Hector Ó hEochagáin i rith Fhéile Grinn na Gaillimhe a bheidh ar bun ó 22 go 28 Deireadh Fómhair. Ceann de na seónna sin an oíche i gCois Cuain sa Spidéal ar an Mháirt, 22 Deireadh Fómhair in éineacht leis na fuirseoirí Aideen McQueen agus Eddie Mullarkey. Doirse ag 7:30 i.n. agus €20 ar na ticéid, ar fáil anseo.

Aíonna eile a bheidh ag glacadh páirt i ‘Gáire as Gaeilge’ ná Al Porter agus Bernard Casey. Gach eolas agus ticéid anseo.

Cuirfidh Hector a leabhar nua The Irish Words You Should Know i láthair an phobail ag ócáidí beo i rith na féile freisin. Níl aon ticéad fágtha don seó a bheidh aige sa Ruby Room sa King’s Head, ach tá ticéid fós ar fáil don ócáid a bheidh aige lena chomrádaí Dylan Moran san Outset Gallery ar an Satharn, 26 Deireadh Fómhair.

Ticéid anseo.

CEARDLANN

Ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge

Tá ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Phádraig Ó hAoláin á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar an Satharn, 26 Deireadh Fómhair.

Beidh sé á stiúradh ag Ciarán Ó Fátharta, cumadóir amhrán agus iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht.

Cuirfear an cheardlann in oiriúint do chumadóirí amhrán, chomh maith le hagallaimh bheirte agus lúibíní.

Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa gceardlann, sampla dá saothar a sheoladh isteach roimh an 21 Deireadh Fómhair, 2024. Níl aon táille ar an gceardlann ach is gá clárú roimh ré.

Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'Ceardlann do chumadóirí amhrán, céilí ar an gCeathrú Rua agus Gáire as Gaeilge'