Dá gcumfá an scéal déarfaí gur áibhéil dhochreidte é. Cruinniú idir Aire Oideachais Stormont agus daoine atá buartha faoin líon mór daoine óga nach n-éiríonn leo ar scoil. Ar chéad amharc níl tada cearr leis sin.
Ach nuair is ionadaithe na ngrúpaí paraimíleatacha dílseacha, an LCC, iad na ‘daoine buartha’ ar chríonna an mhaise don Aire Paul Givan bualadh leo? Agus más ag iarraidh oideachas do dhaoine óga i gceantair dhílseacha a fheabhsú atá an LCC cén fáth a mbeidís ag iarraidh bac a chur ar scoil?
Bunaíodh an LCC, an Chomhairle Pobail Dhílseacha in 2015 mar scátheagras don UVF, UDA agus Red Hand Commando chun cuidiú leo scor ó pharaimíleatachas nó claochlú mar a tugadh air. Naoi mbliana ina dhiaidh sin níl d’athrú le sonrú ach go bhfuil sé fógartha ag an LCC nach dtacaíonn siad le Comhaontú Aoine an Chéasta níos mó i ngeall ar an bPrótacal iarBhreatimeachta.
Bhagair siad cúpla bliain ó shin nach mbeadh fáilte roimh Leo Varadkar (Taoiseach na linne) agus airí rialtais na hÉireann sa Tuaisceart fad is a bheadh an prótacal i bhfeidhm.
Deir na póilíní go bhfuil daoine fós á n-earcú ag na paraimíleataigh agus a lán daoine a úsáideann lipéid an UDA agus UVF gníomhach mar mhangairí drugaí, ag sracadh airgid ‘chosanta’ ó lucht gnó agus coiriúlacht eile. Le déanaí dúirt an PSNI nach mbuailfeadh siad leis an LCC agus dúirt an Státrúnaí nua Hilary Benn an rud céanna.
Dé Máirt seo caite bhuail Aire Oideachais Stormont, Paul Givan leo chun an lag-chaighdeán oideachais ag fir óga i gceantair dhílseacha a phlé. Fadhb aitheanta sheanbhunaithe is ea í sin. I ndiaidh an chruinnithe d’fhógair an LCC gur chuir siad in iúl don Aire Givan nach raibh tacaíocht ar bith ag gaelscoil in oirthear Bhéal Feirste agus gur cheart don roinn bac a chur ar an togra. Dúradar freisin nach ndeachaigh lucht eagair Ghaelscoil na Seolta i gcomhairle leis an bpobal áitiúil.
Thug Comhairle na cathrach i mBéal Feirste cead pleanála do Scoil na Seolta i mí an Mheithimh tar éis próiseas comhairliúcháin. Tamall ina dhiaidh sin mhaígh roinnt daoine nár iarradh tuairimí an phobail in aice le láthair na scoile agus eagraíodh cruinniú le cur i gcoinne an togra.
Bhí roinnt oscailte faoi gurbh í an Ghaeilge an t-údar gearáin acu. Dúirt daoine eile gur theastaigh togra tionsclaíoch uathu ag an ionad a ceadaíodh mar áitreabh gearrthréimhseach don ghaelscoil.
Dúirt an blagálaí dílseach, Jamie Bryson gur éagóir é a bheith ‘ag brú comharthaíocht i nGaeilge, gaelscoil agus cumann lúthchleas gael’ ar dhílseoirí agus aontachtaithe oirthear Bhéal Feirste. Diúltú don Ghaeilge a bhí ar siúl ag an LCC freisin.
Dá mba ag díriú ar oideachas agus ar nósanna a fhorbairt i gcomharsanachtaí dílseacha ina dtabharfaí tacaíocht do dhaoine óga chun dul chun cinn a dhéanamh ar scoil a bheidís, nár bhreá an cor é; sa gcás sin ní bheidís ag iarraidh bac a chur ar scoil.
Cheistigh coiste oideachais Stormont cinneadh Paul Givan. Teastaíonn míniú uathu faoin bhfáth ar bhuail sé leis an LCC a bhfuil daoine atá bainteach lena bhallghrúpaí gníomhach i gcoiriúlacht sa lá atá inniu ann.
Fiafraíodh conas a d’fhéadfadh an t-aire bualadh leo i bhfianaise tuairisc a fuair an coiste le déanaí go raibh na paraimíleataigh dhílseacha ag baint mí-úsáide as páistí – chun drugaí a dháileadh nó le linn léirsithe mar shampla.
Tá éileamh an LCC go gcuirfí bac ar an scoil cáinte ag Doug Beattie, iar-cheannaire an UUP a dúirt nárbh é sin dearcadh an mhóraimh: bhí Naomi Long ceannaire an Alliance chomh maith le Sinn Féin agus SDLP ar aon intinn leis.
Ní léir go fóill an grúpa beag iad an lucht agóide; tharlódh gur mionlach ata ag cothú mioscaise. Deir Scoil na Seolta go raibh breis is 100 tuismitheoir i dteagmháil leo agus bíonn os cionn 600 duine ag freastal ar ranganna Gaeilge Turas in oirthear na cathrach.
Bhí alltacht ar Chonradh na Gaeilge gur bhuail an t-aire leis an LCC go háirithe ó dhiúltaigh sé do chruinniú leosan, gan mhíniú, breis is sé mhí ó shin.
Go luath ina théarma mar aire, dúirt Givan (a raibh cáil air mar an té a chealaigh deontas beag suarach do Líofa fadó) go gcaithfeadh sé le gaelscoileanna amhail gach earnáil eile. Tá an-chuid easnamh ar ghaelscoileanna agus obair mhór riachtanach. Méadófar an brú air i ndiaidh a sheisiúin leis an LCC – an é an sean-DUP frithGhaeilge a fhreagróidh nó an gcomhlíonfar an dualgas reachtúil?
Fág freagra ar 'Scoil na Seolta agus an sean-DUP frithGhaeilge'