An bhfaca tú cat ag cac riamh?
(Brón orm má bhím ag cur isteach ort leis an íomhá sin an chéad rud ar maidin agus do chuid leite á hithe agat.)
Mura bhfaca: bíonn féachaint ar leith i súile cat agus iad i mbun uimhir a dó, meascán idir an náire agus rud éigin eile – pian sa tóin, gach seans.
Bíonn an dreach céanna go minic ar aghaidh Aire Cúrsaí Tearmainn agus Imirce na hÍsiltíre, Marjolein Faber.
Tá Faber ar dhuine de na daoine is faide ar dheis i rialtas atá i bhfad amach ar an eite dheis. Ball í de pháirtí an pholaiteora fhrithinimirce chonspóidigh Geert Wilders – go deimhin is í atá ceaptha a chuid polasaithe siúd a chur i bhfeidhm.
Ach shílfeá agus Faber ag déanamh gáire don cheamara go dtuigeann sí féin, ina croí istigh, go bhfuil a cuid pleananna frith-iarrthóirí tearmainn mínáireach agus go deimhin, lofa go smior.
An neamhréir sin idir a seasamh poiblí agus rud éigin eile – coinsias, b’fhéidir? – is cúis, ceapaim, leis an dreach aisteach sin a bhíonn uirthi i bhformhór na ngrianghraf a thógtar di.
Bhí orm guaim a choinneáil orm féin níos túisce an tseachtain seo agus colún á scríobh agam faoin gcaoi nach bhfuil ag éirí (ar ámharaí an tsaoil) le Marjolein Faber a cuid pleananna a chur i gcrích.
Ba bheag nár bhain mé úsáid as samhail an chait ag cac an uair sin, ach mheas mé nár cheart é sin a dhéanamh i gcolún polaitiúil. (Is minic a thugann tráchtairí san Ísiltír ‘Marjolein Finscéal’ agus ‘An tAire Cúrsaí Seineafóibe’ ar an mbean chéanna ina gcuid colún, ach sa tráchtaireacht pholaitiúil, tá líne idir a bheith ag caitheamh anuas ar pholasaithe duine agus a bheith ag spochadh faoina gcuma fhisiciúil.)
Cén fáth go bhfuil an chuma a bhíonn ar Marjolein bhocht ina cuid grianghraf á tarraingt anuas agam i gcolún faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, mar sin?
Toisc gur samhail mhaith atá inti, fiú más mé féin atá á rá.
Ceann de na dúshláin is mó a bhíonn roimh an scríbhneoir ná cur síos a dhéanamh ar thréithe fisiciúla a chuid carachtar ar bhealach nach bhfuil tur: ‘bhí súile gorma aici’ nó ‘stumpa fir a bhí ann’.
Léiríonn meafar an chait ag cac féachaint ar leith, uathúil – ach lena chois sin, léiríonn sé rud éigin faoi phearsantacht an charachtair atá faoi chaibidil. Nó ar a laghad ar bith, músclaíonn sé ceisteanna faoin gcarachtar sin.
Má ritheann samhail fhísiúil láidir leat i do chuid scríbhneoireachta, cloígh léi. Má bhíonn an t-ádh leat, spreagfaidh sí raidhse meafar eile nó fiú amháin móitíf, mar a tharla i gcomhfhreagras leanúnach idir mé féin agus cara de mo chuid ar WhatsApp faoi pholaitíocht na hÍsiltíre. Níor luaithe ‘cat ag cac’ tugtha agamsa ar Marjolein Faber nó thug mo chara ‘Easóg’ ar an Aire Sláinte agus bhaist muid ‘Fungas’ ar pholaiteoir lofa eile.
Agus cá bhfios nach spreagfadh samhail láidir amháin úrscéal iomlán?
Dream ainmhithe i mbun rialtais – cá bhfaca muid é sin cheana?
Fág freagra ar 'Is fiú míle focal meafar maith'