Bhí go leor cruacheisteanna á gcur agus faraor á seachaint i dTeach Laighean le seachtain anuas.
D’fhág na freagraí ar cheisteanna éagsúla a thug lucht ceannais Shinn Féin, go drogallach nó go déanach, an páirtí sin faoi bhrú ar dhóigh a thuilleann gach eagraíocht a cheileann an fhírinne.
Níor thug Mary Lou McDonald míniú fós mar shampla ar an bhfáth gur mhol sí “díograis” agus “saothar luachmhar” an tSeanadóra Niall Ó Donnghaile nuair a d’fhógair sé i mí na Nollag 2023 go raibh sé ag éirí as an Seanad.
Níl freagra inchreidte tugtha aici ach oiread ar cheisteanna faoin bhfáth nár áitigh sí air an Seanad a fhágáil trí mhí roimhe sin. Is i Meán Fómhair 2023 a d’éirigh sé as an bpáirtí nuair a fuarthas amach gur chuir sé teachtaireacht neamhoiriúnach chuig ógánach agus go raibh an PSNI ag fiosrú an scéil.
Níl lán-fhaisnéis ar fáil faoin ngearán ná faoin bhfrithghearán a thug ar an Teachta Dála Brian Staanley, a d’ainmnigh Mary Lou McDonald mar chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, cúl a thabhairt leis an bpáirtí.
Ní léi féin amháin a bhaineann ceisteanna faoin achrann – níl a leagan féin den scéal tugtha go hiomlán ag Brian Stanley – ach is tábhachtaí easpa eolais nuair a bhaineann an easpa leis an té atá i gceannas ar pháirtí.
Thapaigh an Taoiseach agus go leor Teachtaí Dála eile ar thaobh an rialtais den Dáil an deis chun caighdeáin eitice Shinn Féin a cheistiú agus a cháineadh. Ar ndóigh chuadar thar fóir uaireanta ach ba léir le seachtain nach bhfuil an dá cheacht is tábhachtaí foghlamtha go hiomlán fós ag Sinn Féin maidir le soláthar faisnéise faoi dhrochscéala.
Déanann páirtí nó polaiteoir ar bith a leas féin agus leas an phobail in éineacht nuair a nochtann siad an fhírinne gan mhoill agus nuair a fhreagraíonn said ceisteanna go hiomlán. Rud nach ndearna Sinn Féin arís le tamall.
Tugadh sampla breá den dá cheacht sin nuair a sheas Mairéad Farrell in ionad cheannaire Shinn Féin sa Dáil agus an Tánaiste á cheistiú go géar agus go héifeachtach aici Déardaoin.
Rinne Micheál Martin síor-iarracht a ceist faoi chur amú airgid i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a sheachaint.
D’iarr Teachta Dála Shinn Féin i nGaillimh Thiar air cúig uaire a ceist a fhreagairt in ionad labhairt ar ábhair eile. Nuair nár éirigh sé as a leadrán seachantach chuir sí ina leith, agus an ceart aici, go raibh an t-am á chur amú aige d’aon ghnó.
Ní bheidh ach achar gairid roimh an olltoghchán ag Mairéad Farrell mar chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí ach thug a teacht i láthair agus an t-eolas follasach a léirigh sí údar misnigh dá páirtí. Ní leor é chun teacht as an duibheagán amhrais ina bhfuil Sinn Féin faoi láthair ach ní vótálann gach duine ar bhonn amhrais.
Chuir Noel Grealish, Teacht Dála eile as Gaillimh Thiar, ceist nach mian le mórán Teachtaí a chur ná a fhreagairt. Nach léir, a dúirt sé leis an Aire Paschal Donohoe Dé Céadaoin, gur chóir deis a thabhairt do na vótálaithe a shocrú cé mhéad ionadaí ba chóir a bheith sa Dáil?
Bhí an tAire Caiteachais Phoiblí á cheistiú aige tar éis do phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin Art O’Leary an tionchar a bheidh ag méadú an daonra ar Dháil Éireann amach anseo a phlé ar RTÉ (anseo: https://www.rte.ie/player/series/the-week-in-politics/SI0000001936?epguid=IH10002378-24-0026). Dar leis gur léir ón bhfás ar an daonra atá á thuar go mbeidh trí shuíochán Dála sa bhreis ag teastáil gach bliain chun cloí leis an mBunreacht.
Mura leasaítear an Bunreacht (a deir in airteagal 16.2.2 nach cead líon na dTeachtaí Dála a bheith faoi bun comhalta in aghaidh gach 30,000 duine), a dúirt Noel Grealish, ní 160 Teachta a bheidh sa Dáil in 2040, mar atá faoi láthair, ach 240 Teachta beagnach. Bheadh seomra Dála nua de dhíth dá bharr, a dúirt sé, chomh maith le foireann agus oifigí breise.
Dúirt Paschal Donohoe, a bhí ag labhairt thar ceann an Taoisigh, leis go raibh an scéal á bhreithniú ag an gCoimisiún Toghcháin ach go raibh an riail atá i bhfeidhm faoi láthair riachtanach. Bheadh drogall air, a dúirt sé, uasteorainn ar bith a chur ar bhallraíocht na Dála.
Chuir Noel Grealish i gcuimhne dó gur vótáil móramh 70% in 2020 i bhfabhar laghdú a dhéanamh sa dá theach i bparlaimint na hIodáile. Níor mhol sé uasteorainn áirithe abhus ach dúirt sé gur chóir an rogha a fhágáil faoi na vótálaithe seachas faoi Theachtaí Dála.
Caolseans go reáchtálfar reifreann dá leithéid. Mar sin féin, aontaíonn an colún seo le Noel Grealish.
Fág freagra ar 'Níl a gceacht foghlamtha ag Sinn Féin agus iad fós ag seachaint ceisteanna crua'