TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tonn teasa ar fud na tíre, ach tonn foréigin ag déanamh tinnis do dhaoine in áiteanna

Bhuail teas aisteach an chuid is mó den Bhrasaíl an tseachtain seo agus san aon áit amháin nár bhain an teocht 30 céim amach chuaigh an lasair sa bharrach ar fad sa chogaíocht drugaí leanúnach

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tonn teasa ar fud na tíre, ach tonn foréigin ag déanamh tinnis do dhaoine in áiteanna

Níl an t-earrach ach díreach tosaithe sa leathsféar theas, ach i dtús na seachtaine seo bhí an teas chomh hard le 43 chéim Celsius i gcathair Cuiabá, i lár na Brasaíle, agus le seachtain anuas, tá an teocht i bhfad os cionn an 30 céim sa chuid is mó den chuid eile den tír.

An téamh domhanda mar aon leis an bhfeiniméan aimsire El Niño, a mbíonn tionchar láidir aige ar an aimsir i Meiriceá Theas, is cúis leis an tonn teasa seo, de réir na meitéareolaithe.

Tagann an teas aisteach sna sála ar chás eile adhaimsire a raibh dlúthbhaint aige leis an athrú aeráide. I dtús na míosa seo, bhuail cioclón an dá stát is faide ó dheas sa Bhrasaíl, Rio Grande do Sul agus Santa Catarina. Fuair 49 duine bás de bharr na stoirme sin agus sna tuilte a lean í agus tá deichniúr eile fós ar iarraidh; chaill beagnach 5,000 duine a gcuid tithe. Níorbh é an cioclón sin an chéad stoirm dá leithéid a tharla sa chuid sin den tír i mbliana; i mí an Mheithimh maraíodh 30 agus i mí Iúil maraíodh triúr in dhá chioclón eile.

Tá cathair Salvador i bhfad níos gaire don mheánchiorcal ná mar atá Rio de Janeiro agus São Paulo, mar a raibh an teocht chomh hard le 39 gcéim i dtús na seachtaine. Ach toisc go mbíonn tionchar láidir ag an Atlantach ar an aeráid i gcathair Salvador níor bhain an teocht an 30 céim féin amach.

Tá ‘tonn’ de chineál eile ag déanamh tinnis do mhuintir na cathrach áfach: tonn foréigin.

Ach oiread le mórchathracha eile na Brasaíle, tá cleachtadh na mblianta ag muintir Salvador ar an gcogaíocht leanúnach idir na buíonta drugaí éagsúla iad féin agus idir na buíonta drugaí agus na póilíní.

Ar thaobh na bpóilíní, go hiondúil is iad ‘cosmhuintir’ na bpóilíní míleata a bhíonn i mbun na cogaíochta sin ach ar an 15 Meán Fómhair maraíodh oifigeach de chuid na bpóilíní feidearálacha a bhí páirteach in oibríocht frithdhrugaí in Valéria, bruachbhaile bocht ar imeall thuaidh na cathrach, agus chuaigh an lasair sa bharrach.

Ó shin i leith, ní théann lá ar bith thart nach mbíonn an choimhlint in Valéria sna ceannlínte náisiúnta. Maraíodh ar a laghad 46 duine cheana féin agus Dé hAoine seo caite maraíodh 15 duine san aon lá amháin.

In iarracht drochmhisneach a chur ar na buíonta drugaí agus muinín sna fórsaí póilíneachta a chothú in athuair i measc an phobail cuireadh trí charr armúrtha ar geall le tancanna iad agus os cionn 400 póilín míleata agus feidearálacha chomh fada le Valéria.

Idir an dá linn bhí scoileanna an cheantair dúnta ar feadh seachtaine agus dhiúltaigh na tiománaithe bus dul isteach sa bhruachbhaile, agus cé gur cosúil go bhfuil an gnáthshaol ag filleadh anois de réir a chéile, beidh le feiceáil cé chomh fada a sheasfaidh sin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tonn teasa ar fud na tíre, ach tonn foréigin ag déanamh tinnis do dhaoine in áiteanna'