TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bundúchasaigh agus foraois na hAmasóine i mbaol ó ‘shraith buillí marfacha’ 

Tá ‘sraith buillí marfacha’ á beartú ag rialtas Jair Bolsonaro i gcoinne bhundúchasaigh na Brasaíle agus na foraoise ina bhfuil cónaí orthu

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bundúchasaigh agus foraois na hAmasóine i mbaol ó ‘shraith buillí marfacha’ 

Tá 6,000 bundúchasach ón mBrasaíl i mbun agóidíochta san ardchathair Brasília faoi láthair. @Fabio Rodrigues-Pozzebom / Agência Brasil

Le coicís anuas, tá tuairim is 6,000 bundúchasach ag campáil os comhair na Cúirte Uachtaraí Feidearálaí in ardchathair na Brasaíle, Brasília, mar agóid i gcoinne leasú ar an reachtaíocht a bhaineann le tearmainn na mbundúchasach atá á meas sa chúirt sin faoi láthair. Beidh tionchar millteanach ag an leasú sin, ní hamháin ar roinnt mhaith treibheanna ach ar an bhforaois bháistí ina bhfuil cónaí orthu freisin, foraois atá ríthábhachtach, mar is eol do chách, don phláinéad seo ina iomláine.

Tá an scéal casta, ach seo é go hachomair: faoi bhunreacht na Brasaíle, tá cearta ag gach pobal bundúchasach ar thearmann dá gcuid féin ina gceantar dúchais. Ach ar chúiseanna éagsúla, níl teorainneacha os cionn 300 tearmann marcáilte go hoifigiúil fós, rud a fhágann go bhfuil breis agus 300 pobal bundúchasach gan tearmann. Is éard atá sa leasú atá á mholadh ag rialtas an Uachtaráin Jair Bolsonaro ná nach mbeidh cearta ar a dtearmann féin feasta ach ag na pobail bhundúchasacha sin a bhí fós ina gcónaí ar a dtailte dúchais ar an lá ar fógraíodh bunreacht na Brasaíle, an 5 Deireadh Fómhair 1988. I bhfocail eile, buille an bháis a bheadh sa leasú do na héilimh ar thearmann dá gcuid féin ag pobail bhundúchasacha a díshealbhaíodh roimh an dáta sin.

@Fabio Rodrigues-Pozzebom / Agência Brasil

Lena chois sin, cuirfidh an leasú deireadh leis an gcosc atá faoi láthair ar neamh-bhundúchasaigh ‘gníomhaíochtaí geilleagracha’ a fhorbairt i dtearmainn na mbundúchasach, agus leis an gcosc ar theagmháil a dhéanamh le treibheanna nach ndearnadh teagmháil leo go fóill.

Ní hé an leasú thuas an t-aon athrú reachtaíochta atá á bheartú ag rialtas Bolsonaro faoi láthair a d’fhéadfadh pobail bhundúchasacha éagsúla agus an fhoraois bháistí ina gcónaíonn siad a chur i mbaol a mbáis. ‘Sraith buillí marfacha’, go deimhin, atá á tabhairt ag eolaithe agus gníomhaithe pobail agus timpeallachta araon ar an leasú atá á mheas ag an gCúirt Uachtarach Fheidearálach an tseachtain seo agus ar cheithre bhille eile atá á reachtú faoi láthair.

Is éard atá á mholadh sna ceithre bhille eile sin ná:

– mianadóireacht a cheadú i dtearmainn na mbundúchasach

– an reachtaíocht timpeallachta a bhaineann le hoibreacha infreastruchtúrtha agus le gníomhaíocht gheilleagrach i dtearmainn na mbundúchasach a éascú, nó a chur ar neamhní.

– deis a thabhairt d’fheirmeoirí a ghlac seilbh go mídhleathach ar thalamh bán roimh 2014 seilbh a fháil go dleathach ar an talamh sin

– ligean don earnáil phríobháideach teacht i dtír ar thograí athdháilte talún

@Fabio Rodrigues-Pozzebom / Agência Brasil

‘Is éard atá i gceist leis an death combo seo ná iarracht an reachtaíocht timpeallachta a lagú agus bunús dlí a thabhairt do phríobháidiú thalamh bán cheantar na hAmasóine agus talamh bán eile atá i seilbh an stáit, ar maoin choiteann iad,’ a mhíníonn Raoni Rajão, Ollamh le Staidéir Shóisialta na hEolaíochta de chuid Ollscoil Fheidearálach Minas Gerais, ar an suíomh nuachta G1. ‘Iarracht atá sa phacáiste reachtaíochta seo ceantar na hAmasóine a robáil ó mhuintir na Brasaíle,’ a deir Rajão.

Leanfaidh an Chúirt Uachtarach Fheidearálach ar aghaidh inniu leis an bplé faoin leasú ar an reachtaíocht a bhaineann le cearta na mbundúchasach ar thearmann dá gcuid féin, ach níltear ag súil le cinneadh go luath. Is maith an rud é gur cathair í Brasília atá leagtha amach go han-fhairsing, óir tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh 6,000 bundúchasach ag campáil inti go ceann tamaill eile.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bundúchasaigh agus foraois na hAmasóine i mbaol ó ‘shraith buillí marfacha’ '