TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua mór ag an ábhar deachtóra Bolsonaro i gcéad bhabhta an toghcháin uachtaránachta

Sa dara babhta, beidh an t-ábhar deachtóra nuafhaisisteach á fhéachaint le Fernando Haddad, fear ionaid an iar-uachtaráin chonspóidigh Lula

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua mór ag an ábhar deachtóra Bolsonaro i gcéad bhabhta an toghcháin uachtaránachta

Ba bheag nach raibh an bua glan ag Jair Bolsonaro, iarrthóir conspóideach na heite fíordheise, sa chéad bhabhta de thoghchán uachtaránachta na Brasaíle aréir.

Ach le 46.1% de na vótaí aige, beidh gá leis an dara babhta vótála ar an 28 Deireadh Fómhair.

An lá sin, beidh rogha ag muintir na Brasaíle idir ábhar deachtóra nua-fhaisisteach – Bolsonaro – agus fear a ceapadh ina iarrthóir ag an nóiméad deireanach ach a bhain amach 29.1% de na vótaí, Fernando Haddad.

Is é Haddad fear ionaid Lula, iar-uachtarán iomráiteach na Brasaíle, atá i bpriosún ó bhí mí Aibreáin ann agus caimiléireacht curtha ina leith.

Ceann de na cúiseanna gur éirigh chomh maith sin le Bolsonaro sa chéad bhabhta ná go bhfuil an ghráin shíoraí ag cuid mhór de mhuintir na Brasaíle, go háirithe sa deisceart, san oirdheisceart, san iarthar agus sa tuaisceart, ar Lula agus ar a pháirtí, Páirtí na nOibrithe (PT), atá fite fuaite leis an scanall caimiléireachta is mó i stair na tíre.

Ach tá meas mór fós ar Lula agus ar Pháirtí na nOibrithe san oirthuaisceart, agus ba é vóta láidir na heite clé sa réigiún sin, ina bhfuil cónaí ar go leor daoine, a d’fhág nár toghadh Jair Bolsonaro ina uachtarán sa chéad bhabhta inné.

D’éirigh le Ciro Gomes, iarrthóir ar chlé ón lár, 12.5% de na vótaí a fháil. Theip glan ar an iarrthóir glas Marina Silva, a tháinig sa tríú háit i dtoghchán uachtaránachta na bliana 2014. I mbliana, ní bhfuair sí ach 1% de na vótaí.

Beidh dúshlán nach mór dosháraithe roimh Fernando Haddad má theastaíonn uaidh an ceann is fearr a fháil ar Jair Bolsonaro sa dara babhta vótála. Le hoidhreacht ó Lula a fuair Haddad vóta láidir in oirthuaisceart na tíre; beidh air a chur ina luí ar mhuintir an réigiúin sin arís gurb ionann é agus Lula. Ach ag an am céanna, beidh air a chur ina luí ar vótóirí sa chuid eile den tír nach ionann é agus an t-iar-uachtarán.

É sin, nó beidh ar Haddad a chur ina luí ar mhuintir na Brasaíle – ar fud na tíre – gurb é féin an t-aon duine a shábhálfas an tír ó réimeas nua-fhaisisteach, taitníodh sé leo nó ná taitníodh sé leo.

Má éiríonn le Jair Bolsonaro sa dara babhta, beidh fear ina uachtarán ar an mBrasaíl a bhfuil dímheas aige ar mhná agus fuath aige do dhaoine dubha, do bhundúchasaigh agus do dhaoine LADT.

Fear é chomh maith a mbíonn an deachtóireacht dheireanach sa Bhrasaíl (1964 – 1985) á moladh go hard na spéire aige, agus fear é a bhfuil sé ráite go hoscailte aige nach nglacann sé leis an stát tuata.

Fear é atá ag iarraidh seilbh ghunnaí a cheadú i dtír ina bhfaigheann 64,000 duine bás go foréigneach gach bliain.

Fear é a dúirt ‘gurbh fhearr leis gur éigneoir a bheadh i mac leis ná duine aerach’.

Fear é a bhfuil ginearál de chuid an airm, Hamilton Mourão, ag seasamh gualainn ar ghualainn leis, mar iarrthóir don leasuachtaránacht, rud a d’fhágfadh go mbeadh ginearál de chuid an airm i gceannas ar an tír dá ndéanfaí Bolsonaro a tháinseamh amach anseo, sa chás go dtoghfaí é.

Tá sé deacair a rá ag an bpointe seo cén toradh a bheidh ar an scéal seo ar fad: is ionann trí seachtaine i saol polaitiúil craiceáilte na Brasaíle agus bliain i dtír Eorpach. Tá rud amháin cinnte: beidh an tír deighilte go smior as seo go dtí an 28 Deireadh Fómhair, agus cá bhfios go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua mór ag an ábhar deachtóra Bolsonaro i gcéad bhabhta an toghcháin uachtaránachta'

  • Pól Réamonn

    Is cosúil gur duine an-réasúnta, nua-aimseartha agus fulangach é.