TUAIRISC ÓN gCATALÓIN: An ghéarchéim sláinte agus eacnamaíochta ag dul in olcas arís

Tá an chosúlacht air go bhfuil an dara ráig den ghalar ar leic an dorais sa Chatalóin

TUAIRISC ÓN gCATALÓIN: An ghéarchéim sláinte agus eacnamaíochta ag dul in olcas arís

Chaith muid an tseachtain seo caite ar laethanta saoire i bPáirc Náisiúnta Montseny atá suite leath bealaigh idir Barcelona agus Girona.

Bhí seanteachín cloiche ar cíos againn le radharc breá amach ar na sléibhte a bhí mórthimpeall orainn. Ó tharla é a bheith ard os cionn leibhéal na farraige, bhí sé deas fionnuar san oíche, rud nach mbíonn an tráth seo bliana thíos ar an gcósta. Ní fhaca muid duine ná deoraí thuas ann den chuid is mó, cé is moite don turas a thug muid ar an sráidbhaile ag ceannach aráin agus glasraí úra nuair a bhíodh muid gann. Seachtain scíthe a bhí againn le béim ar an léitheoireacht, siúlóidí agus snámh san abhainn.

Ag filleadh abhaile sa gcarr maidin Dé Sathairn, is beag nach raibh dearmad glan déanta againn ar ghéarchéim sláinte ár linne. Ní túisce a bhí bóithríní casta an chnoic curtha dínn againn, ná go bhfaca muid Covid-19 amach romhainn.

Bhí an AP7, an príomh-mhótarbhealach idir Barcelona agus an Fhrainc dubh le carranna. Bhí na céadta carr, ba chosúil, ag tabhairt aghaidh ar an teorainn.

Chas muid air an raidió go drogallach, go bhfeicfeadh muid céard a bhí ag tarlú. Bhí Príomh-Aire na Fraince, Jean Castex, tar éis a fhógairt nár cheart do mhuintir a thíre taisteal go dtí an Chatalóin toisc go raibh ardú tagtha ar líon na ndaoine a bhí buailte ag an ngalar sa réigiún. Ba shoiléir go raibh imní ar dhaoine go ndúnfaí an teorainn arís agus bhí siad ag deifriú leo abhaile.

Níos measa a fuair cúrsaí anseo ó shin. D’fhógair rialtas na Breataine Dé Sathairn go gcaithfidh gach duine a fhilleann ón Spáinn coicís coraintín a dhéanamh. D’fhógair an Iorua deich lá coraintín má théann tú ansin ón Spáinn. Tá chuile sheans go ndéanfadh tíortha eile amhlaidh. Is mór an imní gur buille marfach a bheidh anseo d’earnáil na turasóireachta sa Spáinn.

Tagann timpeall ocht milliúin déag turasóir ón mBreatain chuig an Spáinn gach bliain, a bhformhór siúd sa gCatalóin.

Níor oscail suas ach timpeall 25% de na hóstáin i mBarcelona ó osclaíodh teorainneacha na tíre, agus tá baol ann anois go mbeidh siad ag dúnadh arís. Is cinnte anois go gcuirfear na mílte pacáistí turasóireachta ar ceal agus tá TUI, ceann de na comhlachtaí móra turasóireachta sa Bhreatain, tar éis a gcuid eitiltí a chur ar ceal.

Tá an-imní ar na húdaráis sláinte anseo go bhfuil ráig nua ag tosú agus tá siad ag déanamh gach iarracht í a choinneáil faoi smacht.

Tá an líon cásanna nua Covid-19 ag ardú an t-am ar fad. Tá muid ag teannadh le 8,000 cás nua sa gCatalóin le seachtain anuas. Léiríonn na staitisticí an difríocht idir an Spáinn agus áiteanna eile. Má bhreathnaíonn muid ar an líon cásanna nua le coicís anuas ar bhonn per capita, is mar seo atá: as 100,000 tá 4.9 cás nua san Iodáil, 5.2 in Éirinn, agus 37.9 sa Spáinn. Tá an scéal níos measa anseo i gcuid de na réigiúin, mar shampla i dTír na mBascach, tá muid ag 50.5 agus sa gCatalóin ag 111. Tá réigiúin Aragón, atá béal dorais leis an gCatalóin, an-bhuailte ag 237.9 in aghaidh an 100,000.

Níl an tír ar fad sa mbád céanna.

Tá ráta na gcásanna nua in aghaidh an 100,000 sna hOileáin Chanáracha ag 5.8, agus sna hOileáin Bhailéaracha ag 8. Dá bhrí sin tá rialtas Pedro Sanchez anseo ag impí ar rialtas Boris Johnson gan coraintín a chur i bhfeidhm ar dhaoine a bheadh ag filleadh as na hoileáin sin. Má éiríonn leis, ní mór an faoiseamh a bheidh ann. Tá an chosúlacht air go bhfuil an dara ráig den ghalar ar leic an dorais againn anseo, agus go bhfuil géarchéim eacnamaíochta ina horlaí tríthi.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN gCATALÓIN: An ghéarchéim sláinte agus eacnamaíochta ag dul in olcas arís'

  • Paul Humphreys

    alt den scoth