Tuairisc.ie an t-ardán nuachta ar líne is mó tóir i measc phobal na Gaeilge – suirbhé

Deirtear i dtuarascáil nua faoi dhearcadh phobal na teanga i leith seirbhísí nuachta na Gaeilge go bhfuil daoine sásta leo ach go bhfuil gá le tuilleadh acmhainní

Tuairisc.ie an t-ardán nuachta ar líne is mó tóir i measc phobal na Gaeilge – suirbhé

Is é Tuairisc.ie an t-ardán nuachta Gaeilge ar líne is mó tóir ag pobal na teanga, de réir suirbhé nua a rinneadh do TG4.

De réir an tsuirbhé nua, an mórshuíomh Béarla RTÉ.ie agus Tuairisc.ie an dá fhoinse nuachta ar líne is mó a bhíonn ag pobal na Gaeilge.

“Tá ag éirí go maith le www.tuairisc.ie dul i bhfeidhm ar an gcroíphobal teanga seo, agus tá aoisghrúpaí níos óige ag triall ar fhoinsí neamhthraidisiúnta ar líne chun a gcuid nuachta a fháil. Tá éileamh ar sholáthar Gaeilge TG4 agus RTÉ, ach ceaptar go bhfuil an soláthar níos fearr i mBéarla i réimsí ar leith, go háirithe an nuacht idirnáisiúnta agus nuacht ag eascairt ón iriseoireacht iniúchta,” a deirtear sa tuarascáil nua.

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar le Red C, a rinne an taighde do TG4 faoi dhearcadh phobal na Gaeilge i leith na seirbhísí nuachta a bhíonn ar fáil dóibh.

Coimisiúnaíodh an taighde tráth a ndeir TG4 féin nach bhfuil “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

Deirtear sa tuarascáil gur díol spéise é líon na ndaoine a dúirt go mbaineann siad úsáid as an suíomh seo ‘i gcónaí nó go minic’ agus é chun tosaigh ar leithéidí RTÉ.ie, www.irishtimes.com, www.independent.ie agus www.journal.ie.

 

Mar chuid den suirbhé, cuireadh ceist ar dhaoine cé na foinsí ar líne is mó a bhíonn acu ó thaobh na nuachta Gaeilge agus luaigh leath de na daoine a nocht a dtuairim Tuairisc.ie.

485 freagra ar fad a fuarthas ar an gceist sin agus luaigh 238 acu Tuairisc.ie.

631 foinse nuachta éagsúil a luadh sna freagraí agus ba é Twitter, a luaigh 119 duine, an tseirbhís ba ghiorra do Tuairisc.ie. Níor luaigh níos mó ná 30 duine aon seirbhís eile.

“Luaigh muid áiteanna eile sa  tuarascáil seo go bhfuil éileamh suntasach ar www.tuairisc.ie i measc phobal labhartha na Gaeilge mar fhoinse nuachta, agus tá sé le feiceáil arís anseo,” a deirtear sa taighde.

Chomh maith leis sin luadh cuntas Twitter Tuairisc.ie níos minice ná aon chuntas eile sna freagraí ar cheist faoi na cuntais nuachta is mó a lean daoine ar na meáin shóisialta, i mBéarla agus i nGaeilge.

An t-éileamh ar Tuairisc.ie ceann de na húdair spéise a bhaineann leis an suirbhé nua faoi na meáin Ghaeilge, a deir duine d’údair an taighde, Aodh Ó Coileáin, léachtóir sna meáin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

“Is é Tuairisc.ie an t-ardán digiteach is mó a bhfuil tóir ag pobal na Gaeilge air don nuacht. Tá na soláthaireoirí [soláthróirí] nuachta traidisiúnta, RTÉ agus TG4, ag déanamh go maith ach tá pobal na Gaeilge ag éileamh go mbeadh siad níos feiceálaí ar líne.

“Tá éileamh ag teacht chun cinn ón taighde go bhfuil an soláthar náisiúnta agus idirnáisiúnta Gaeilge róchosúil leis an soláthar i mBéarla. Go deimhin, tá cuid mhaith daoine ag rá nach bhfuil i gceist uaireanta ach aistriúchán ar an nuacht Bhéarla.

“Tá sé suntasach go bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg níos mó scéalta áitiúla agus níos mó den nuacht iniúchta. Ceann de na rudaí a léimeann amach ón taighde ná go bhfeictear nach bhfuil na meáin Ghaeilge ag giniúint nuachta minic go leor, gur nuacht athchúrsáilte atá ann, go mórmhór i gcás na nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta.”

Dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie gur “dea-theist” ar fhoireann bheag Tuairisc.ie é go bhfuil an tseirbhís “ábalta é a fhéachaint le seirbhísí nuachta a bhfuil i bhfad Éireann níos mó acmhainní acu”.

“As an mbreis is €10 milliún atá á chaitheamh ag an stát ar sheirbhísí nuachta Gaeilge, tá níos lú ná 3% de á chaitheamh ar Tuairisc.ie. Is léir go bhfuil gaisce thar a n-acmhainn á dhéanamh ag foireann bheag agus saoririseoirí an tsuímh. Is léir chomh maith gur mhaith le daoine go gcuirfí leis an soláthar nuachta a bhíonn ag Tuairisc.ie, ach is deacair giorria a chur as tor nach bhfuil sé ann.

“Tá súil againn go dtabharfaidh an Coimisiún Um Thodhchaí na Meán aird ar an éileamh go gcuirfí infheistíocht cheart ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge go háirithe. Deirtear sa tuarascáil seo go mbíonn pobal na teanga ag brath ar fhoinsí nuachta Béarla ‘beagnach in aghaidh a dtola go minic’ agus níl sin ceart ná cóir.”

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, deir údair na tuarascála gur seirbhís nuachta “níos mó agus níos leithne” atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge ó TG4.

Deirtear sa tuarascáil gurb amhlaidh go bhfuil daoine sásta le soláthar na meán Gaeilge ach go bhfuil gá acu le tuilleadh acmhainní.

Dúirt 55% de na daoine a d’fhreagair an suirbhé oscailte go bhfaigheann siad a gcuid nuachta teilifíse ó TG4 “i gcónaí nó go minic”, i gcomparáid le 74% i gcás RTÉ.

59% a dúirt go bhfaigheann siad a gcuid nuachta raidió i gcónaí nó go minic ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, i gcomparáid le 52% i gcás RTÉ Radio 1.

Thug 82% de na daoine a d’fhreagair ceist faoin soláthar nuachta le fios go raibh TG4 ar fheabhas nó go maith, agus cheap 84% go raibh soláthar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fheabhas nó go maith, i gcomparáid le 66% i gcás www.tuairisc.ie.

“In ainneoin nach bhfuil an ráta sástachta chomh hard ag www.tuairisc.ie leis an dá chraoltóir, luaitear an suíomh seo mar cheann de na príomhfhoinsí digiteacha atá ag pobal labhartha na Gaeilge sa suirbhé oscailte. Moltar san aiseolas a fuair muid caighdeán na scríbhneoireachta agus ábhar an tsuímh sin,” a deirtear sa tuarascáil.

Maidir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt 56% gur uaidh a fhaigheann siad a gcuid nuachta áitiúla i nGaeilge i gcónaí nó go minic — an céatadán is airde.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont go raibh plean ullmhaithe ag an stáisiún le dul i ngleic le cuid de na pointí sa tuarascáil agus go raibh an plean sin le cur faoi bhráid Aire na Meán go luath.

Phléifí an scéal chomh maith le RTÉ, a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil, a dúirt sé.

“Faoi láthair, tá clár againn ag a 7pm ach is clár é le hábhar atá á roinnt le RTÉ. Feicfidh tú iriseoirí ar Nuacht TG4 agus fiú ar an micreafón feicfidh tú branda Nuacht, feicfidh tú branda RTÉ agus branda RTÉ/TG4. Níl aon láithreacht dhigiteach nuachta againn, níl aon seirbhís nuachta againn atá ar [fáil] an t-am ar fad. I ndáiríre níl againn ach feasachán ag a 7pm agus teastaíonn uainn é sin a athrú.

Dúirt Alan Esslemont le Admhaidin ar RTÉ RnaG go bhfuil “comhpháirtíocht láidir” idir TG4 agus RTÉ ach gur “easnamh soiléir” é nach bhfuil seirbhís nuachta ar líne níos fearr ag TG4.

“Is léir ón taighde seo agus ó thuairimí Bhord TG4 go gcaithfidh muid bogadh ar aghaidh agus bogadh i dtreo seirbhís níos fearr do TG4 féin.”

Maidir le cé a chuirfeadh an tseirbhís ar líne sin ar fáil do TG4, dúirt Esslemont go raibh an méid sin le plé le RTÉ agus gur ceist acmhainní a bhí ann cuid mhór.

“Is ag RTÉ atá an saineolas iriseoireachta. Má bhreathnaíonn tú ar fhoireann TG4, níl aon saineolas iriseoireachta taobh istigh de TG4 faoi láthair.”

Cuireann údair na tuarascála cúpla fainic faoi na torthaí inti agus faoi chineál an duine a ghlac páirt ann. Deirtear, mar shampla, go bhfuil “seans láidir ann go bhfuil spéis ag formhór acu i gcúrsaí nuachta, mar gur shocraigh siad suirbhé faoin soláthar nuachta trí Ghaeilge a líonadh”.

Fág freagra ar 'Tuairisc.ie an t-ardán nuachta ar líne is mó tóir i measc phobal na Gaeilge – suirbhé'

  • Bríd

    Tá sibh thar barr. Comhghairdeachas libh.