TUAIRISC BHEO: Cearta Oideachais agus Gaillimh le Gaeilge os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

Seo tuairisc bheo ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais agus ionadaithe Chearta Oideachais ag labhairt faoin mBille Iontrála Scoile agus ionadaithe ó Ghaillimh le Gaeilge ag labhairt faoi chur chun cinn na teanga sa chathair sin

TUAIRISC BHEO: Cearta Oideachais agus Gaillimh le Gaeilge os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

15.54 Catherine Connolly sásta go bhfuil éileamh Chearta Oideachais soiléir anois agus nach bhfuil aon mhíthuiscint ann agus nach mbainfí mí-úsáid as aon leasú a dhéanfaí ar an mBille Iontrála Scoile.

15.49 Ba bhreá le Cearta Oideachais cruinniú a bheith acu leis an Aire Oideachais Richard Bruton, a deir Siobhán Nic Gaoithín. Ní raibh aon chomhfhreagras ag an eagraíocht leis an Roinn Oideachais go dtí seo. Beartaíodh gurbh fhearr dul caol díreach chuig lucht scríofa na reachtaíochta.

15.46 Níl aon dímheas ag Cearta Oideachais ar dhaoine nach labhraíonn Gaeilge lena ngasúir atá ag freastal ar Ghaelscoileanna, a deir Colmán Ó Drisceoil.

15.44 Tá Cearta Oideachais sásta leis na freagraí, agus leis an tacaíocht agus an tuiscint atá léirithe ag polaiteoirí agus coistí éagsúla dóibh go dtí seo. Is ardú meanman é, a deir Ó Drisceoil. Deir sé nach bhfuil ró-éileamh ar Ghaescoileanna agus go bhfuil easpa soláthair ann.

15.42 Tá castacht ag baint le saol na Gaeltachta nach bhfuil i gceist sna cathracha, a deir Colmán Ó Drisceoil. Tá gach tuismitheoir a chuireann gasúr chuig Gaelscoil báúil ar bhealach éigin leis an teanga – ní hamhlaidh atá sa Ghaeltacht.

15.34 “An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Chuile Shórt Eile Faoin Spéir” tugtha ag Ó Cuív anois ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta…

15.33 Tá tacaíocht Fhianna Fáil ag Cearta Oideachais, a dúirt Éamon Ó Cuív. Fágann sé sin go bhfuil tacaíocht Shinn Féin, Fhianna Fáil agus Pháirtí an Lucht Oibre ag an eagraíocht.

15.31 Seasann Trevor Ó Clochartaigh leis na héilimh atá ag Cearta Oideachais agus seasann a pháirtí, Sinn Féin, leo, a deir sé. Aithníonn sé na deacrachtaí atá ag tuismitheoirí taobh amuigh den Ghaeltacht gasúir a thógáil le Gaeilge agus deir sé go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt dóibh.

15.27 Tá achoimre déanta ag ionadaithe Chearta Oideachais ar a n-imní maidir leis an mBille nua agus na hargóintí atá acu maidir leis an mBille a leasú sa gcaoi go mbeadh cead ag Gaelscoileanna tosaíocht a thabhairt do ghasúr arb í an Ghaeilge an teanga baile atá acu, sa chás go mbeadh ró-éileamh ar scoil.

15.19 Cearta Oideachais i láthair an Choiste anois. Tá imní ar an eagraíocht faoin mBille Iontrála Oideachais atá ag dul trí Thithe an Oireachtais. Cuireadh aighneacht faoi bhráid na Roinne in 2011 lena n-imní a léiriú. Tugadh aird ar an imní sin i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn in 2014.

15.16 Pléifidh an Coiste an maoiniú a theastaíonn ón eagraíocht agus an lárionad Gaeilge a luadh níos luaithe. Má thagann an Coiste ar chomhaontú maidir leis na ceisteanna sin, cuirfear litir ar aghaidh chuig an Aire Heather Humphreys. Tá deireadh anois leis an gcuid seo den chruinniú. Tiocfaidh an grúpa Cearta Oideachais isteach anois leis an mBille Iontrála Scoile a phlé.

15.14 Tá maoiniú faighte ón Roinn, ón gComhairle Cathrach agus ón scéim Cairde Ghaillimh le Gaeilge. Ba mhaith leis an eagraíocht duine nua a fhostú ach teastaíonn tuilleadh airgid.

15.11 Diúltaithe ag Éamon Ó Cuív ainm iomlán na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a rá mar thógfadh sé an iomarca den am cainte atá ceadaithe dó…

15.11 Bernadette Mullarkey, cathaoirleach na heagraíochta, ag caint faoi Ghaillimh 2020. Bhí an teanga lárnach san iarratas, a deir sí. Tá sí cinnte go bhfuil an tsuim ann sa chathair an teanga a chur chun cinn mar chuid de Ghaillimh 2020, agus go gcuirfear lámha i bpócaí chuige sin. Mar sin féin, a deir Ó Muircheartaigh, tá géarghá le maoiniú breise.

15.08 Níl Gaillimh le Gaeilge ag plé leis an nGaeltacht nó leis an gcuid eile den chontae cheal acmhainní. Cuirtear fáilte roimh dhaoine a thagann isteach chuig an gcathair ag lorg eolais agus cúnaimh, ach tá a ndóthain le déanamh ag lucht Ghaillimh le Gaeilge sa chathair.

15.06 Bhí sé níos deacra dul i bhfeidhm ar ghnólachtaí 30 bliain ó shin. Cuirtear fáilte roimh Ghaillimh le Gaeilge anois agus an cúnamh a chuireann an eagraíocht ar fáil. Tháinig TK Maxx go Gaillimh cúpla bliain ó shin, a deir sí, agus chroch siad comharthaíocht dhátheangach gan aon chomhfhreagras a fháil ó Ghaillimh le Gaeilge mar chonacthas dóibh gur cathair dhátheangach í.

15.03 Aontaíonn Ó Muircheartaigh nach leor píosa páipéir ar a maítear stádas dátheangach a bheith ag an gcathair. Beidh Coiste Stiúrtha ann a chinnteoidh nach “declaration gan bhrí” atá sa stádas. Tá dóchas aige freisin go mbeidh an teanga mar chuid lárnach de ‘Ghaillimh 2020’. Tá an stádas dátheangach á lorg le fada ag Gaillimh le Gaeilge, a deir sé, agus tá an eagraíocht tiomanta é a chur i gcrích.

15.00 Aontaíonn Iognáid Ó Muircheartaigh, iar-uachtarán OÉ, Gaillimh, gur mór an trua cinneadh na hollscoile maidir leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin. Tá an reachtaíocht a leagann cúram speisialta ar an Ollscoil ó thaobh na Gaeilge de luaite aige. Is údar dóchais é sin, dar leis. Tá súil aige go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile, beag beann ar an athrú riachtanais.

14.57 An Seanadóir Joe O’Reilly ag fiafraí ar tháinig méadú ar úsáid na Gaeilge i nGaillimh ó bronnadh stádas dátheangach ar an gcathair anuraidh.

14.55 Cén dearcadh atá ag Gaillimh le Gaeilge ar lárionad Gaeilge i gcathair na Gaillimhe? An bhfuil aon chumarsáid déanta leis an gComhairle Cathrach maidir lena leithéid? – Ó Cuív.

14.54 An raibh aon rud leagtha síos nuair a bronnadh stádas sa dá chás – mar Chathair Dhátheangach agus mar Bhaile Seirbhíse – le go dtuillfí an stádas sin? a fhiafraíonn Ó Cuív. Tá díomá léirithe aige maidir le cinneadh OÉ, Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost uachtarán na hollscoile. Cén chaoi ar féidir le Gaillimh le Gaeilge déileáil leis an gcinneadh sin – an mbeidh tionchar ag cinntí mar seo ar an stádas dátheangach, má leanann institiúidí móra na cathrach ag baint de stádas na Gaeilge?

14.51 “Go hiontach gur bronnadh stádas oraibh…ach céard is fiú stádas gan plean?” a fhiafraíonn Ó Cuív.

14.50 Obair na heagraíochta molta ag Éamon Ó Cuív freisin. An dá rud is feiceálaí atá déanta ag Gaillimh le Gaeilge, dar leis, ná an chomharthaíocht ar na gnólachtaí agus na logainmneacha Gaeilge atá curtha chun cinn ar eastáit nua tithíochta agus sráideanna/bóithre sa chathair.

14.49 Deacair a shamhlú, a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil Gaillimh le Gaeilge 30 bliain ar an bhfód. Tréaslaíonn sé a gcuid oibre leis an eagraíocht agus deir sé gur eiseamláir do chathracha eile iad. Ceisteanna curtha aige faoin maoiniú, faoin difríocht atá tagtha ar an gcathair in imeacht tríocha bliain agus tuairim na heagraíochta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á lorg aige. Ceist aige faoin stádas dátheangach  freisin – an gciallaíonn sé rud ar bith i ndáiríre nó an rud é nach bhfuil ach ar pháipéar? Ceisteanna eile curtha faoin gcuid eile den chontae agus faoi na ceantair oifigiúla Ghaeltachta atá sa chathair.

14.45 Ba cheart an chathair a fhorbairt mar lárionad turasóireachta Ceiltí/Gaelaí agus í a chur chun cinn faoin lipéad sin ar fud an domhain. Bheadh an Ghaeilge lárnach ina leithéid de thogra.

14.42 Tá cinneadh an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne an chathair a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta an-tábhachtach do stádas na teanga sa chathair, a deir Ní Chonghóile.

14.40 Ba chóir Gaillimh a bhrandáil mar chathair dhátheangach do thurasóirí agus lógó oiriúnach chuige sin a dhearadh. Ba chóir an lógó agus an teideal ‘Gaillimh: An Chathair Dhátheangach’ a úsáid an oiread agus is féidir, a deir Ní Chonghóile.

14.38 Cuirtear logainmneacha Gaeilge ar eastáit tithíochta agus forbairtí eile nua sa chathair, agus bhí lámh ag Gaillimh le Gaeilge san obair sin. I measc na dtograí eile atá ar siúl ag an eagraíocht, tá Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar ar ghnólachtaí sa chathair a chuireann an teanga chun cinn.

14.37 Tá Bríd Ní Chonghóile anois ag cur síos ar na seirbhísí éagsúla a chuireann Gaillimh le Gaeilge ar fáil – aistriú comharthaíochta agus biachlár ina measc. Tá an eagraíocht ag leibhéal maoinithe “nach féidir titim faoi” anois, a deir Ní Chonghóile, agus í ag lorg “méadú substaintiúil” ar an maoiniú go mbeidh an eagraíocht in ann díriú ar réimsí taobh amuigh de réimse an ghnó i nGaillimh.

14.34 Lá mór a bhí ann do Ghaillimh nuair a d’fhógair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Gaillimh a bheith ina cathair dhátheangach anuraidh. Bhí an stádas sin ar cheann de mhórspriocanna Ghaillimh le Gaeilge. Tá tionchar mór ag Gaeltacht na Gaillimhe ar an gcathair, a deir Ní Chonghóile, agus béim leagtha aici ar an luach a bhaineann leis an teanga ó thaobh na heacnamaíochta de. Tá sí cinnte gur chabhraigh an stádas dátheangach le hiarratas na cathrach ar stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa anuraidh, a deir sí.

14.30 Fáilte chroíúil curtha roimh ionadaithe Ghaillimh le Gaeilge ag Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly. Tá Bríd Ní Chonghóile agus Iognáid Ó Muircheartaigh i láthair. Tá triúr Teachtaí Dála i láthair, agus deir Catherine Connolly go bhfuil an Dáil ina suí faoi láthair agus nach féidir le gach ball den Choiste a bheith i láthair.

14.28 Tá tús curtha leis an gcruinniú ach é i seisiún príobháideach i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Cearta Oideachais agus Gaillimh le Gaeilge os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge'