TUAIRISC BHEO ar Olltoghchán 2016…

Tuairisc Bheo ar chomhaireamh na vótaí d’Olltoghchán 2016 ar Tuairisc.ie. Bígí linn anseo do na scéalta is déanaí i gcaitheamh na deireadh seachtaine…

Straps Staid na himeartha…

Mná sa Dáil

Stamp Dún na nGall

20.00 Tá an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh (FG) agus Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir (FF) tar éis an tríú agus an ceathrú suíochán a bhuachan.

Cé go raibh roinnt scéalta ann i dtús an lae inné go raibh suíochán McHugh i mbaol agus cé gur tháinig laghdú mór ar vóta a pháirtí i nDún na nGall, anois beidh McHugh ag filleadh ar an Dáil. Beidh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir agus a lucht tacaíochta sásta anois gur chinn sé seasamh an athuair do Dháil Éireann. Toghadh é chun na Dála den chéad uair i nDún na nGall Thiar Theas sa bhliain 1981 agus choinnigh sé a shuíochán in gach toghchán go dtí 1997. Níor ghlac sé páirt sa toghchán sin, ó toghadh ina Fheisire Eorpach é i 1995. D’fhill sé ar pholaitíocht na hÉireann sa bhliain 2002 agus d’éirigh leis suíochán Dála a bhuachan arís i 2007. Sa bhliain 2009, d’fhill sé arís ar an Eoraip mar Fheisire Eorpach ach chaill sé a shuíochán i bParlaimint na hEorpa sa bhliain 2014.

Is idir Pringle  (NS) agus Mac Lochlainn (SF) atá an suíochán deiridh sa dáilcheantar cúig shuíochán seo.

Graph Sean Ó C

Stamp Gaillimh Thiar

Catherine Connolly
Catherine Connolly TD. An chéad bhean a toghadh i nGaillimh Thiar le 24 bliain.

17.26 Is iad Éamon Ó Cuív (FF), Noel Grealish (NS), Seán Kyne (FG), Catherine Connolly (NS) agus Hildegarde Naughton (FG) na TD nua do Ghaillimh Thiar. Níor éirigh leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaig (SF) suíochán a bhuachan. Beidh díomá ar go leor de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nár éirigh le hurlabhraí Gaeilge Shinn Féin an beart a dhéanamh agus meas air mar dhuine a bhfuil tuiscint aige ar cheist na teanga agus ar cheist na Gaeltachta.

Fágann an toradh seo go bhfuil triúr Teachtaí Dála i nGaillimh Thiar ag Cathair na Gaillimhe agus beirt ag Conamara. Cé gur mhéadaigh Clochartaigh ar an vóta a bhí aige in Olltoghchán 2011, níor mhéadaigh sé a dhóthain é agus níor éirigh leis dóthain aistriúchán a fháil sa chathair sa deireadh. Cuirfear an cheist anois ar bheart stuama a bhí ann ag Sinn Féin gan an dara hiarrthóir – Mairéad Farrell – a bheith acu sa chathair.

Is í Catherine Connolly an chéad bhean a toghadh anseo le 20 bliain. Ba í Máire Geoghan-Quinn (FF) an bhean dheiridh a toghadh sa dáilcheantar, sa bhliain 1992. Ní hamháin sin, ach toghadh an dara bean sa dáilcheantar inniu freisin – Hildegarde Naughton (FG). Seo é an chéad uair riamh a toghadh beirt bhan anseo.

Bhí sé ina chath dearg idir Naughton agus Trevor Ó Clochartaigh (SF) chun an cuigiú suíochán a bhuachan. Chaill Ó Clochartaigh a sheans ar an suíochán nuair a roinneadh vótaí John O’Mahony (FG) ar na hiarrthóirí a bhí fágtha sa rás tar éis an 12ú comhaireamh.

Beidh Éamon Ó Cuív, Seán Kyne agus Noel Grealish ag filleadh ar an Dáil. Tá Ó Cuív ann le 24 bliain anuas, tá Grealish ann le 14 bliain agus toghadh Kyne den chéad uair in Olltoghchán 2011.

Is comhairleoir cathrach í Catherine Connolly nár éirigh léi in Olltoghchán 2011. Bhí sí ina méara, faoi bhratach Pháirtí an Lucht Oibre, ar an gcathair in 2004-5. Is seanadóir de chuid Fhine Gael í Hildegarde Naughton. Bhí sí ina méara ar an gcathair in 2011-12.

Straps Cathal Mac Coille

Tá ár neamhthoil soiléir. Vótálamar Dé hAoine in aghaidh na bpáirtithe a bhí i mbun rialtais le cúig bliana anuas, agus níl mianach rialtais sna roghanna a rinneamar.

Cibé seift a phléifidh na páirtithe go discréideach sna laethanta atá romhainn, ní féidir leo neamhshuim a dhéanamh dár neamhthoil.

Mar atá ráite ag Éamon Ó Cuív agus Timmy Dooley ó thosaigh an comhaireamh, d’fhógair Fianna Fáil go soiléir agus go minic roimh an olltoghchán nach rachaidís i gcomhrialtas le Fine Gael. Agus, ar ndóigh, thug Fine Gael an gheallúint chéanna chomh minic céanna.

Beidh leithscéalta móra riachtanach má tá sé i gceist anois ag an dá phríomhpháirtí gan na geallúintí sin a chomhlíonadh. Beidh an cheist seo le freagairt chomh maith: ‘Cén fáth go bhfuil rialtas á bhunú agaibh nár vótáil duine ar bith ina fhabhar?’

Idir an dá linn, tá ábhar machnaimh do gach páirtí sna freagraí a tugadh ar cheist a chuir suirbhé iarvótála RTÉ ar 4,283 vótóir Dé hAoine.

An cheist: ‘cad é an t-údar imní is mó a bhí agat agus do rogha á déanamh agat?’

Na freagraí

Sláinte agus ospidéil    20%

Cúrsaí eacnamaíochta  18%

Seasmhacht rialtais        9%

Táillí uisce                     8%

Tithíocht                         6%

Fostaíocht                       6%

Cúrsaí áitiúla                  6%

Cáin                                5%

Ábhair eile                    17%

Ar ndóígh, ní hionann gach freagra a thugtar i bpobalbhreitheanna agus an ghlanfhírinne. Mar sin féin, léiríonn na freagraí thuas contrárthacht ghlan idir meon an phobail agus an laghdú ginearálta ar cháin/táillí a thairg na príomhpháirtithe dóibh.

DHÁ DHROCHBHUILLE DON RIALTAS

Tá gach cosúlacht ar scéal an chomhairimh go mbeidh Fine Gael chun cinn ar Fhianna Fáil faoi dheireadh, agus idir 50 agus 53 suíochán acu sa Dáil nua.

Ach níl deireadh fós leis na drochscéalta faoin bpáirtí agus a suíocháin caillte tráthnóna ag an Aire Leanaí James Reilly i mBaile Átha Cliath–Fine Gall, agus ag an Aire Stáit Tom Hayes i dTiobraid Árann.

Straps Stamp Staid na himeartha…

16.42: Tá 124 Teachta Dála tofa anois agus ardú beag tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge atá ina measc. Tá Gaeilge ag 17 de na Teachtaí Dála nua. Is ionann an méid sin agus 14% de na Teachtaí atá tofa go dtí seo. Tá an céatadán is airde cainteoirí Gaeilge ag Sinn Féin, ag 29%, agus iad imithe go mór chun cinn ar Fhianna Fáil atá tite síos go 22% ó toghadh iarrthóirí eile dá gcuid nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Tá an dá pháirtí sin, go mór mór chun tosaigh ar pháirtithe an rialtais dheireanaigh agus gan duine ar bith den seisear TD ó Pháirtí an Lucht Oibre compordach lena gcuid Gaeilge. Tá Gaeilge ag triúr TD de chuid Fhine Gael, nó 8% de na Teachtaí Dála uilig atá tofa anois don pháirtí sin. Níl ach TD neamhspleách amháin ann go dtí seo a bhfuil Gaeilge aici – Maureen O’Sullivan i mBaile Átha Cliath Lár. Táthar ag súil go dtoghfar Seán Kyne (FG) agus Catherine Connolly (NS) i nGaillimh Thiar go luath, beirt eile a bhfuil an teanga acu.

 

Thug 50% de na Teachtaí Dála nuathofa le fios le linn an fheachtais go dtacóidh siad leis na héilimh atá déanta ag Conradh na Gaeilge go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge le Gaeilge líofa, go dtabharfaí breis maoiniú d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta agus go mbunófaí coiste buan oireachtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Straps Turas Toghcháin

Stamp Gaillimh Thiar

Trevor Ó Clochartaigh ag plé cúrsaí le iarrthóír eile John Connolly.
Trevor Ó Clochartaigh ag plé cúrsaí le iarrthóír eile John Connolly.

15.4o: Ní haon mhagadh a bhí ar bun ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh nuair a dúirt sé go raibh lá drámata i ndán dúinn i nGaillimh Thiar. Agus farasbarr John Connolly (FF) roinnte anois, tá Noel Grealish (NS) tofa agus is ag Catherine Connolly (NS) a bheidh an tríú suíochán sa dáilcheantar cúig shuíochán seo. Tá John O’Mahony (FG) curtha as an áireamh anois agus uair na cinniúna don triúr iarrthóirí atá fágtha ag teannadh linn. Is iad Trevor Ó Clochartaigh, Hildegarde Naughton (FG) agus Seán Kyne (FG) atá fós fágtha sa rás. An fhadhb a bheidh anois ag Trevor Ó Clochartaigh ná fanacht chun tosaigh ar Hildegarde Naughton nuair a bheidh vótaí a comhghleacaí John O’Mahony á roinnt. Beidh Ó Clochartaigh ag súil go rachaidh níos mó de vótaí O’Mahony chuig Seán Kyne agus tá seans fós ag Seanadóir Shinn Féin ar an gcúigiú suíochán.

Straps Staid na himeartha…

15.04: Is é James Reilly (FG), a chaill a shuíochán inniu i mBaile Átha Cliath Fine Gall, an t-aon leas-cheannaire ar phríomhpháirtí nár toghadh an athuair in Olltoghchán 2016. Tá a shuíochán buaite arís ag leas-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Alan Kelly, i dTiobraid Árann agus d’éirigh le Mary Lou McDonald (SF) a suíochán siúd a choinneáil i mBaile Átha Cliath Lár inné. Níl aon leas-cheannaire ar Fhianna Fáil ó d’éirigh Éamon Ó Cuív as an gcúram sin ceithre bliana ó shin. Toghadh Ó Cuív arís i nGaillimh Thiar, mar a bhfuil sé ina Theachta Dála le 24 bliain, inniu.D’éirigh le ceannaire agus leas-cheannaire an Chomhaontais Ghlais dhá shuíochán a bhuachan ina ndáilcheantar freisin – rud a fhágann gurb í seo an chéad uair a bheidh Teachtaí Dála de chuid an Chomhaontais sa Dáil le cúig bliana. Toghadh na trí cheannaire atá ar an bpáirtí nua, na Daonlathaigh Shóisialacha, inné: Stephen Donnelly, Róisín Shortall agus Catherine Murphy. Tá a suíochán caillte ag ceannaire Renua, Lucinda Creighton, ach tá a leas-cheannaire Billy Timmins fós san iomaíocht i gCill Mhantáin.

Straps An toghchán ón tolg

14.27: Curiarracht na Healy-Raes

Tá an deartháir tofa. B’éigean don cheann comhairimh féin gáire a dhéanamh. Bheadh Chris Haddington in ann an ceiliúradh i gCill Gharbháin a fheiceáil ón spás, dar le Páidí Ó Lionáird ar Vóta 2106. Domhínithe, ach ag luí le réasún ag an am céann. Go leor comhlachtaí acu agus go leor postanna á gcur ar fáil acu, a deir Liadh Ní Riada. ‘‘Tugann siad aire dá bpaiste féin.’

Chaith Bernie Ní Chuinn, gur ó Iarthar Dhuibhneach ó dhúchas di, luach a leathphingne isteach.

Dar léi go mbeidh mótarbhealach siar i dtreo an Daingin agus leapacha go leor in ospidéal an Daingin.

Labhair sí faoina gcumas cur ina luí ar lucht na tuaithe go bhfuilid in áit na leathphingne. Oireann na caipíní agus an seanBhéarla dá n-íomhá agus dá dteachtaireacht, dar léi.

Obair chrua, ó dhubh go dubh, ar an talamh. Ní hamháin go bhfuil clinic acu i mbaile an Daingin, ach tá dhá cheann acu in Iarthar Dhuibhneach, tuairim is dhá uair an chloig óna mbunáit i gCiarraí Theas.

Deir Seán Kelly, agus é idir mhagadh agus dáiríre, gur go Cill Gharbháin a bheidh scoláirí polaitíochta ag dul sna blianta amach romhainn. Ceacht múinte acu do na ‘smart alecs’ agus d’innill pholaitíochta na mórpháirtithe atá sofaisticiúil, mar dhea. 

‘Ollscoil Pholaitíochta Chill Gharbháin,’ a deir Páidí go seanbhlastúil, é sin nó rannóg faoi leith in Ollscoil Chorcaí, nó UCK faoi mar a thugann muintir na Ríochta uirthi go seanbhlastúil.

Comhbhrón le Jimmy Deenihan, atá sa Táin ó thaobh na caide agus cúig bhonn uile Éireann ina ghlac aige. Mheasc Páidí a chumas cosanta suas le ceann Pháidí Uí Shé, is é ag rá nár ghéill sé ach pointe amháin sna cluichí ceannais a d’imir sé. Ní hionann gaiscí ar pháirc na himeartha agus gaisce leanúnach sa bhosca vótála, fiafraigh do John O’Mahony é.

Mar fhocal scoil dúradh go mb’fhéidir, agus arís eile iad idir mhagadh agus dáiríre, go mba cheart go mbeadh an tríú iarrthóir rite acu. Ná habair go fóill é mar go bhfuil mac Danny, Johnny, ar an gcomhairle contae.

Stamp Ciarraí 13.25 Tá tús curtha leis an gceathrú comhaireamh. Toghadh Danny Healy-Rae, deartháir an Teachta Dála Michael Healy-Rae, ar an dara comhaireamh ar maidin. Tá trí cinn de shuíocháin fágtha le líonadh agus meastar go dtoghfar Brendan Griffin (FG), John Brassil (FF) agus Martin Ferris (SF). Stamp Gaillimh Thiar

Clann Uí Chuív ag ceiliúradh. Ó chlé: (geansai gorm) Seán Ó Bioragra, Emer, iníon Éamon agus a iníon féin, Emer; an teachta nua-thofa lena garmhic, Seán agus Éamon, Áine, bean chéile Éamoinn agus Mairéad óg, Anna Ní Mhurchu agus Éamon Óg Ó Cuív.
Clann Uí Chuív ag ceiliúradh. Ó chlé: Seán Ó Bioragra, Emer, iníon Éamoin, agus a hiníon féin, Emer; an Teachta Dála nuathofa lena garmhic, Seán agus Éamon, Áine, bean chéile Éamoinn agus Mairéad óg, Anna Ní Mhurchu agus Éamon Óg Ó Cuív.

Tá Éamon Ó Cuív (FF) tofa i nGaillimh Thiar agus an suíochán atá aige ó 1992 coinnithe aige. Idir an dá linn, tá Catherine Connolly (NS) imithe beagnach 300 vóta chun cinn ar Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus vótaí Derek Nolan (LO) aistrithe. Tá farasbarr  Éamoin Uí Chuív (FF) á roinnt anois ar an 11ú Comhaireamh – 391 vóta a bhí le spáráil ag an iar-Aire Gaeltachta nuair a cuireadh Mary Hoade (FF) as an áireamh. Tá tuairimíocht i gcónaí ann go bhfaighidh Fine Gael dhá shuíochán agus go dtabharfaidh aistriúchán John O’Mahony (FG) slán Seán Kyne (FG) agus Hildegard Naughton (FG). Tá 7,201 vóta ag Kyne agus é beagnach 1,200 vóta chun cinn ar Naughton.  Tá 6,833 vóta anois ag Trevor Ó Clochartaigh. Seans gurb é John Connolly (FF) le 5,059 an chéad iarrthóir eile a chuirfear amach. Déanfar sin ach farasbarr Uí Chuív a bheith roinnte. Beidh ar Trevor Ó Clochartaigh sciar maith de vóta Connolly a fháil má tá seans le bheith aige agus é anois tite siar go dtí an cúigiú háit sa dáilcheantar cúig shuíochán. Meastar go bhfaighidh Naughton cuid mhaith de na vótaí cathrach atá fós le dáileadh. Straps An toghchán ón tolg Seán Mac an tSíthigh11.28: Fág fén gCorcaíoch é léamh a dhéanamh ar ghliocas na gCiarraíoch. Deir an Feisire Liadh na Riada arVóta 2016 go bhfuil seanaithne aici ar mhuintir Healy Rae agus go bhfuil ana-chreidiúint ag dul dóibh as an ngaisce toghchánaíochta atá déanta acu. Ina dhiaidh sin féin, tá sí den tuairim go raibh deartháireacha Chill Gharbháin ag ganfhiosaíocht agus rannpháirtíocht Danny beartaithe le tamall. Níor easaontaigh Seán Mac an tSíthigh leis an tuairim. Ceachtanna faoi thíreolas na Ríochta is fearr a thugann tuiscint ar an ‘Healy Rae-bhlóid.’ Fágadh folús i gceantar Chill Airne, go mór mhór nuair a tharraing an t-iarrthóir neamhspleách Tom Fleming amach. Nuair nár líonadh an folús, líon Danny é, agus treoracha cinnte tíreolaíocha tugtha do lucht leanta an rítheaghlaigh maidir le cé dó a thabharfaí an vóta céadrogha.   Tíreolas go mór chun cinn i nGaillimh Thiar chomh maith agus n’fheadar Dia ná duine cén uair go mbeidh cead ag Máire T. Ní Mhaidín bhocht dul abhaile. Tá Éamon Ó Cuív (FF) slán agus Noel Grealish agus Seán Kyne (FG) nach mór slán. ‘Sé an tíreolas a bhuailfidh an bhuille mharfach ar John O’Mahony (FG) . Tá Trevor Ó Clochartaigh fós go mór san iomaíocht ach tá Catherine Connolly (NS) agus Hildergarde Naughton (FG) ag baint na sála de, agus arís eile b’fhéidir gurb é an tíreolas a bhainfidh barrthuisle as.    Tháinig conach ar Liadh nuair a luaigh Dara Ó Cinnéide nach raibh foirne Jonathan O’Brien agus Thomas Gould ag tarrac le chéile chomh maith sin i gCorcaigh Thuaidh-Lár. Mhaígh sí gurb iad Fianna Fáil a scaip an scéal.   Tá an tuirse ag breith suas le Páidí Bocht agus chuaigh a theanga ceangailte ina bhuataisí agus é ag iarraidh teideal a thabhairt d’Eoghan Ó Neachtain. Lena cheart a thabhairt dó, ní haon dóithín é cur síos a thabhairt ar thaithí oibre Uí Neachtain. Is iar-phreasrúnaí rialtais é a d’oibrigh faoi thriúr Taoisigh. Ba é a bhí i bhfeighil tráth ar ghnóthaí preasa don arm agus thug sé seal ina dhiaidh sin i mbun an chúraim chéanna san ESB. Bhog sé tamall ó shin ó  ERVIA go dtí an comhlacht caidreamh poiblí Heneghan PR. Lena chois sin, is anailísí rugbaí é mar aon le bheith ina chathaoirleach ar Nurture Africa. B’fhurasta, b’fhéidir ‘fear mór an Spidéil’ a thabhairt air. 07.35: GAILEARAÍ: An comhaireamh i nGaillimh Thiar Cuirfear tús an athuair ag 9 am ar maidin leis an gcomhaireamh i nGaillimh Thiar. Seo blaiseadh de scéal an lae ó Sheán Ó Mainnín. Straps Turas Toghcháin 07.20: Agus lá mór vótála eile amach romhainn, tá léargas maith ar scéal Olltoghchán 2016 ar chlúdach ealaíonta eagrán na míosa seo den iris Comhar. 79 suíochán an sprioc i gcónaí ach conas a bhainfear amach an sprioc sin. Comhar Straps Stamp Staid na himeartha… 01.55 Tá 85 suíochán buaite anois agus i measc na dTeachtaí Dála nuathofa, tá deichniúr a bhfuil an Ghaeilge acu. Is iad na Teachtaí Dála sin ná Micheál Martin (FF), Michael McGrath (FF), Thomas Byrne (FF), Peadar Tóibín (SF), Enda Kenny (FG), Seán Ó Fearghaíl (FF), Maureen O’Sullivan (NS), Dessie Ellis (SF), Aengus Ó Snodaigh (SF) agus Aindrias Ó Muinceacháin (FF). Fágann sé sin go bhfuil an céatadán is airde cainteoirí Gaeilge ag Sinn Féin, ag 25%, ach go bhfuil Fianna Fáil sna sála orthu ag 24% acu. Táthar ag súil go dtoghfar tuilleadh Teachtaí Dála le Gaeilge ón dá pháirtí amárach nuair a thosófar ar an gcomhaireamh arís. Táthar ag súil freisin go mbeidh cainteoirí eile Gaeilge i measc na dTeachtaí Dála a bheidh ag Fine Gael amárach freisin. Thug 41 TD de na 85 TD nuathofa geallúint uathu go dtacóidís leis na trí héileamh a bhí ag Conradh na Gaeilge le linn an fheachtais. Chuir an Conradh liosta de na hiarrthóirí a thug an gheallúint uathu ar a suíomh feachtais. Thug gach uile TD de chuid Fhianna Fáil agus Sinn Féin le fios go dtacóidís leis na héileamh ar choiste buan Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,  Aire Sinsearach le Gaeilge, agus maoiniú breise d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta. Níor thug ach aon TD amháin ó FG an gheallúint chéanna uaithi – Marcella Corcoran-Kennedy. Straps Staid na himeartha…

01.30: Nuachtáin an lae inniu…

CcQLrY2WoAEHxzA CcQwWGmW0AE6355 Straps Staid na himeartha… 01.10 Tá trí shuíochán anois buaite ag Páirtí an Lucht Oibre. Atoghadh an Tánaiste Joan Burton i mBaile Átha Cliath Thiar, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin i Loch Garman agus an tAire Oideachais Jan O’Sullivan i gCathair Luimnigh.  Chaill an tAire Cumarsáide Alex White a shuíochán i mBaile Átha Cliath – Ráth an Dúin agus tá an tAire Comhshaoil Alan Kelly, leascheannaire an pháirtí, i mbaol a shuíochán siúd a chailliúint i dTiobraid Árann. Go dtí seo, tá 27 suíochán caillte ag an bpáirtí. Tá seisear Teachtaí Dála fós san iomaíocht don pháirtí, ina measc an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin. Straps Stamp Staid na himeartha… 01.00 Is é Aindrias Ó Muineacháin (FF) an chéad iarrthóir Gaeltachta a toghadh in Olltoghchán 2016. Toghadh ar an naoú comhaireamh i gCorcaigh Thiar Thuaidh, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Is ball de Bhord Údarás na Gaeltachta é Ó Muineacháin, rud a fhágann go mbeidh folúntas le líonadh ansin. Ba é Michael Creed (FG) a bhuaigh an chéad suíochán sa dáilcheantar Gaeltachta seo agus is é Michael Moynihan (FF) a bhuaigh an tríú ceann. Chaill Áine Collins (FG) a suíochán anseo. Stamp Port Lairge 00.47 Tá na ceithre shuíochán líonta anois. Fuair Fianna Fáil, Sinn Féin agus Fine Gael suíochán amháin araon agus ba chuig an iarrthóir neamhspleách John Halligan a chuaigh an cheathrú suíochán. Toghadh Mary Butler (FF) ar an gcéad chomhaireamh, David Cullinane (SF) ar an an séú comhaireamh, Halligan ar an ochtú comhaireamh agus John Deasy ar an naoú comhaireamh – an comhaireamh deireanach. Ba é John Deasy an t-aon duine den cheathrar nár thug geallúint uaidh le linn an fheachtais go dtacódh sé leis na trí héileamh a bhí ag Conradh na Gaeilge dá dtógfaí é. Níor thug duine ar bith den cheathrar le fios do Tuairisc.ie nuair a bhí suirbhé á dhéanamh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a bhí ag seasamh, go raibh an teanga ar a dtoil acu. Straps An toghchán ón tolg

Seans gurb é scéal Maureen O’Sullivan ceann de na scéalta is suntasaí ó Olltoghchán 2016. Níos luaithe inniu bhí a feartalaoi á scríobh ach ansin dhein sí teacht aniar a bhain geit as na saoithíní agus dhein sí aiséirí a d’fhágfadh Lazarus in áit na leathphingne.  Agus í ag caint le Márín Ní Ghadhra luaigh sí cúpla babhta go raibh a toil curtha leis an gcailliúint aici agus í ag smaoineamh ar shaol nua taobh amuigh den pholaitíocht. Anois, tar éis aon chomhaireamh déag, tá sí tofa. Tá oidhre Tony Gregory fós sa Dáil agus faoi mar a dúirt Gearóid Ó Tuathaigh go geanúil, tá meas forleathan uirthi ar fud na tíre agus ana-chuid daoine a bheadh neodrach ó thaobh na polaitíochta sásta go bhfuil na cosa tugtha léi aici. Stamp Gaillimh Thiar 00.27 Deireadh leis an gcomhaireamh don oíche. Tá an bhearna atá idir Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Catherine Connolly (NS) laghdaithe go mór. Níl ach 443 eatarthu anois agus an Comhairleoir Connolly ag géarú go sciobtha ar an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá Hildegarde Naughton (FG) tar éis dul níos faide chun tosaigh arís ar a comhghleacaí John O’Mahony agus é nach mór cinnte gurb í a thógfaidh an dara suíochán d’Fhine Gael. Dúirt Ó Clochartaigh go mbeidh “lá drámatúil romhainn amárach” nuair a ndéanfar vótaí aistrithe Mike Cubbard (NS) a dháileadh ar na hiarrthóirí atá fágtha. An botún a bhí ann ag Sinn Féin gan an dara hiarrthóir a bheith acu i gCathair na Gaillimhe? Beidh le feiceáil amárach. Straps Staid na himeartha…

00:08: Nuachtáin an lae inniu…

Screen Shot 2016-02-28 at 00.06.27 Straps An toghchán ón tolg An bhfuil sé in am soip go fóill? Níl ná an diabhal é. Tá painéal Vóta 2016 tar éis dul i bpiobáin a chéile. Tá seo chomh maith acu óir go bhfuil deireadh le codladh, faoi mar a dúirt Mary Coughlan.   Cosaint láidir déanta ag Eamon Gilmore ar a bhfuil déanta ag Páirtí an Lucht Oibre i rith a dtréimhse Rialtais. Chuir sin muc ar gach mala ag Liadh agus thug sí fogha faoi ag rá go raibh ‘athbhreithniú ar chúrsaí staire’ ar bun aige.   Thug Mary Coughlan fogha faoi Liadh ansin ag rá gur bhreá léi go mbeadh Gerry Adams mar Thaoiseach ar feadh scaithimh le go gcuirfí deireadh le teallaireacht Shinn Féin.   Lig Maolra fad na téide leo agus dhein iad a cheistiú go dian gan a bheith aon phioc tiarnúil. D’iarr sé ar Gilmore, mar shampla, dá mbeadh greim ar a aiféala aige an mbeadh ‘Frankfurt’ luaite in aon chor aige sa toghchán deireanach.   Tá ‘corónú’ déanta ar Mhichael Healy-Rae i gCiarraí leis an vóta céadrogha is mó sa tír. Beidh a dheartháir ina dhiaidh aniar amárach uair éigin. Cad déarfadh Jackie dá mairfeadh sé? Straps Turas Toghcháin

Stamp Gaillimh Thiar 23.45 Séamus Sheridan (CG) curtha as an áireamh agus a chuid vótaí aistrithe chuig na hiarrthóirí eile. Tá an bhearna atá idir Catherine Connolly (NS),atá ar 5,450 vóta, agus Trevor Ó Clochartaigh (SF), atá ar 6,162. Tá Hildegarde Naughton (FG), atá anois ar 4,964 vóta, tar éis dul chun cinn ar a chomhghleacaí John O’Mahony, a bhfuil 4,915 vóta aige. Tá an seachtú comhaireamh ar siúl anois, agus táthar ag rá nach mbeidh an t-ochtú ceann anocht ann. Straps Turas Toghcháin 22.34: Cad a dhéanfaimid feasta gan an Saol Ó Dheas?

Straps Staid na himeartha…

22.24: Na nuachtáin amárach… Screen Shot 2016-02-27 at 22.19.06 Stamp Corcaigh Thiar Thuaidh 22.05 Níor toghadh duine ar bith tar éis an séú comhairimh. Glactar leis go mbeidh dhá shuíochán ag Fianna Fáil – ag Aindrias Ó Muineacháin, as Múscraí, agus ag Michael Moynihan – agus suíochán amháin ag Fine Gael – ag Michael Creed. Tá an chosúlacht air, mar sin, go gcaillfidh Áine Collins (FG) a suíochán. Bhuaigh Collins an tríú suíochán in Olltoghchán 2011 nuair a fuair sí 17.2% den vóta. Straps An toghchán ón tolg Maolra agus an Gizmo   Dar liom féin go bhfuil a chuntas giolcaireachta féin tuillte ag an ngiúirléid a bhí i lámha Mhaolra Mhic Dhonncha is é ag an bhfalla eolais. Bhí tine ar chraiceann Mhaolra nó gur chlis na ciútraimintí air. Níor chuir sé dá bhuille é ambaiste agus an carúl á chaitheamh aige gurb é an cadhnra a bhí ídithe, mar atá le muintir an tí, dar leis. Tuigimid dóibh. Tá teaspach na maidne sleamhnaithe uainn anseo chomh maith.  Straps An toghchán ón tolg Toghchán ón Tolg 10

Tuilleadh anseo

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO ar Olltoghchán 2016…'