TUAIRISC BHEO ar Olltoghchán 2016…

Tuairisc Bheo ar chomhaireamh na vótaí d’Olltoghchán 2016 ar Tuairisc.ie. Bígí linn anseo do na scéalta is déanaí i gcaitheamh na deireadh seachtaine...

TUAIRISC BHEO ar Olltoghchán 2016…

 

Straps Stamp Staid na himeartha…

1.55 Tá 85 suíochán buaite anois agus i measc na dTeachtaí Dála nuathofa, tá deichniúr a bhfuil an Ghaeilge acu. Is iad na Teachtaí Dála sin ná Micheál Martin (FF), Michael McGrath (FF), Thomas Byrne (FF), Peadar Tóibín (SF), Enda Kenny (FG), Seán Ó Fearghaíl (FF), Maureen O’Sullivan (NS), Dessie Ellis (SF), Aengus Ó Snodaigh (SF) agus Aindrias Ó Muinceacháin (FF). Fágann sé sin go bhfuil an céatadán is airde cainteoirí Gaeilge ag Sinn Féin, ag 25%, ach go bhfuil Fianna Fáil sna sála orthu ag 24% acu. Táthar ag súil go dtoghfar tuilleadh Teachtaí Dála le Gaeilge ón dá pháirtí amárach nuair a thosófar ar an gcomhaireamh arís. Táthar ag súil freisin go mbeidh cainteoirí eile Gaeilge i measc na dTeachtaí Dála a bheidh ag Fine Gael amárach freisin.

Thug 41 TD de na 85 TD nuathofa geallúint uathu go dtacóidís leis na trí héileamh a bhí ag Conradh na Gaeilge le linn an fheachtais. Chuir an Conradh liosta de na hiarrthóirí a thug an gheallúint uathu ar a suíomh feachtais. Thug gach uile TD de chuid Fhianna Fáil agus Sinn Féin le fios go dtacóidís leis na héileamh ar choiste buan Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,  Aire Sinsearach le Gaeilge, agus maoiniú breise d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta. Níor thug ach aon TD amháin ó FG an gheallúint chéanna uaithi – Marcella Corcoran-Kennedy.

Straps Staid na himeartha…

01.30: Nuachtáin an lae inniu…

CcQLrY2WoAEHxzA

CcQwWGmW0AE6355

Straps Staid na himeartha…

01.10 Tá trí shuíochán anois buaite ag Páirtí an Lucht Oibre. Atoghadh an Tánaiste Joan Burton i mBaile Átha Cliath Thiar, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin i Loch Garman agus an tAire Oideachais Jan O’Sullivan i gCathair Luimnigh.  Chaill an tAire Cumarsáide Alex White a shuíochán i mBaile Átha Cliath – Ráth an Dúin agus tá an tAire Comhshaoil Alan Kelly, leascheannaire an pháirtí, i mbaol a shuíochán siúd a chailliúint i dTiobraid Árann. Go dtí seo, tá 27 suíochán caillte ag an bpáirtí. Tá seisear Teachtaí Dála fós san iomaíocht don pháirtí, ina measc an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin.

Straps Stamp Staid na himeartha…

01.00 Is é Aindrias Ó Muineacháin (FF) an chéad iarrthóir Gaeltachta a toghadh in Olltoghchán 2016. Toghadh ar an naoú comhaireamh i gCorcaigh Thiar Thuaidh, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Is ball de Bhord Údarás na Gaeltachta é Ó Muineacháin, rud a fhágann go mbeidh folúntas le líonadh ansin. Ba é Michael Creed (FG) a bhuaigh an chéad suíochán sa dáilcheantar Gaeltachta seo agus is é Michael Moynihan (FF) a bhuaigh an tríú ceann. Chaill Áine Collins (FG) a suíochán anseo.

Stamp Port Lairge

00.47 Tá an ceithre shuíochán líonta anois. Fuair Fianna Fáil, Sinn Féin agus Fine Gael suíochán amháin araon agus ba chuig an iarrthóir neamhspleách John Halligan a chuaigh an ceathrú suíochán. Toghadh Mary Butler (FF) ar an gcéad chomhaireamh, David Cullinane (SF) ar an an séú comhaireamh, Halligan ar an ochtú comhaireamh agus John Deasy ar an naoú comhaireamh – an comhaireamh deireanach. Ba é John Deasy an t-aon duine den cheathrar nár thug geallúint uaidh le linn an fheachtais go dtacódh sé leis an trí héileamh a bhí ag Conradh na Gaeilge dá dtógfaí é. Níor thug duine ar bith den cheathrar le fios do Tuairisc.ie nuair a bhí suirbhé á dhéanamh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a bhí ag seasamh, go raibh an teanga ar a dtoil acu.

Straps An toghchán ón tolg

Seans gurb é scéal Maureen O’Sullivan ceann de na scéalta is suntasaí ó Olltoghchán 2016. Níos luaithe inniu bhí a feartalaoi á scríobh ach ansin dhein sí teacht aniar a bhain geit as na saoithíní agus dhein sí aiséirí a d’fhágfadh Lazarus in áit na leathphingne.  Agus í ag caint le Márín Ní Ghadhra luaigh sí cúpla babhta go raibh a toil curtha leis an gcailliúint aici agus í ag smaoineamh ar shaol nua taobh amuigh den pholaitíocht. Anois, tar éis aon chomhaireamh déag, tá sí tofa. Tá oidhre Tony Gregory fós sa Dáil agus faoi mar a dúirt Gearóid Ó Tuathaigh go geanúil, tá meas forleathan uirthi ar fud na tíre agus ana-chuid daoine a bheadh neodrach ó thaobh na polaitíochta sásta go bhfuil na cosa tugtha léi aici. Stamp Gaillimh Thiar 00.27 Deireadh leis an gcomhaireamh don oíche. Tá an bhearna atá idir Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Catherine Connolly (NS) laghdaithe go mór. Níl ach 443 eatarthu anois agus an Comhairleoir Connolly ag géarú go sciobtha ar an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá Hildegarde Naughton (FG) tar éis dul níos faide chun tosaigh arís ar a comhghleacaí John O’Mahony agus é nach mór cinnte gurb í a thógfaidh an dara suíochán d’Fhine Gael. Dúirt Ó Clochartaigh go mbeidh “lá drámatúil romhainn amárach” nuair a ndéanfar vótaí aistrithe Mike Cubbard (NS) a dháileadh ar na hiarrthóirí atá fágtha. An botún a bhí ann ag Sinn Féin gan an dara hiarrthóir a bheith acu i gCathair na Gaillimhe? Beidh le feiceáil amárach. Straps Staid na himeartha…

00:08: Nuachtáin an lae inniu…

Screen Shot 2016-02-28 at 00.06.27 Straps An toghchán ón tolg An bhfuil sé in am soip go fóill? Níl ná an diabhal é. Tá painéal Vóta 2016 tar éis dul i bpiobáin a chéile. Tá seo chomh maith acu óir go bhfuil deireadh le codladh, faoi mar a dúirt Mary Coughlan.   Cosaint láidir déanta ag Eamon Gilmore ar a bhfuil déanta ag Páirtí an Lucht Oibre i rith a dtréimhse Rialtais. Chuir sin muc ar gach mala ag Liadh agus thug sí fogha faoi ag rá go raibh ‘athbhreithniú ar chúrsaí staire’ ar bun aige.   Thug Mary Coughlan fogha faoi Liadh ansin ag rá gur bhreá léi go mbeadh Gerry Adams mar Thaoiseach ar feadh scaithimh le go gcuirfí deireadh le teallaireacht Shinn Féin.   Lig Maolra fad na téide leo agus dhein iad a cheistiú go dian gan a bheith aon phioc tiarnúil. D’iarr sé ar Gilmore, mar shampla, dá mbeadh greim ar a aiféala aige an mbeadh ‘Frankfurt’ luaite in aon chor aige sa toghchán deireanach.   Tá ‘corónú’ déanta ar Mhichael Healy-Rae i gCiarraí leis an vóta céadrogha is mó sa tír. Beidh a dheartháir ina dhiaidh aniar amárach uair éigin. Cad déarfadh Jackie dá mairfeadh sé? Straps Turas Toghcháin

Stamp Gaillimh Thiar 23.45 Séamus Sheridan (CG) curtha as an áireamh agus a chuid vótaí aistrithe chuig na hiarrthóirí eile. Tá an bhearna atá idir Catherine Connolly (NS),atá ar 5,450 vóta, agus Trevor Ó Clochartaigh (SF), atá ar 6,162. Tá Hildegarde Naughton (FG), atá anois ar 4,964 vóta, tar éis dul chun cinn ar a chomhghleacaí John O’Mahony, a bhfuil 4,915 vóta aige. Tá an seachtú comhaireamh ar siúl anois, agus táthar ag rá nach mbeidh an t-ochtú ceann anocht ann. Straps Turas Toghcháin 22.34: Cad a dhéanfaimid feasta gan an Saol Ó Dheas?

Straps Staid na himeartha… 22.24: Na nuachtáin amárach… Screen Shot 2016-02-27 at 22.19.06 Stamp Corcaigh Thiar Thuaidh 22.05 Níor toghadh duine ar bith tar éis an séú comhairimh. Glactar leis go mbeidh dhá shuíochán ag Fianna Fáil – ag Aindrias Ó Muineacháin, as Múscraí, agus ag Michael Moynihan – agus suíochán amháin ag Fine Gael – ag Michael Creed. Tá an chosúlacht air, mar sin, go gcaillfidh Áine Collins (FG) a suíochán. Bhuaigh Collins an tríú suíochán in Olltoghchán 2011 nuair a fuair sí 17.2% den vóta. Straps An toghchán ón tolg Maolra agus an Gizmo   Dar liom féin go bhfuil a chuntas giolcaireachta féin tuillte ag an ngiúirléid a bhí i lámha Mhaolra Mhic Dhonncha is é ag an bhfalla eolais. Bhí tine ar chraiceann Mhaolra nó gur chlis na ciútraimintí air. Níor chuir sé dá bhuille é ambaiste agus an carúl á chaitheamh aige gurb é an cadhnra a bhí ídithe, mar atá le muintir an tí, dar leis. Tuigimid dóibh. Tá teaspach na maidne sleamhnaithe uainn anseo chomh maith.  Straps An toghchán ón tolg Toghchán ón Tolg 10

Eamon Gilmore agus Enda Kenny ag déanamh comhbhróin lena chéile agus ag moladh a chéile ar Vóta 2016. B’ait an feic é. Beirt iar-chomhghleacaithe agus piardaí móra a bhfuil a mbuillí tugtha, nó geall le bheith tugtha. Gilmore ag caint go sollúnta is ag moladh don Taoiseach Rialtas a chur le chéile go luath. Ceann d’íomhánna an toghcháin agus ceann de bhuaiceanna chlúdach TG4.   Is iomaí duine ag Dia agus is iomaí iarrthóir agus Teachta Dála ag toghchán.   Bhí sin le feiscint tamaillín ó shin ar Nuacht a naoi ar a RTÉ mar a raibh na deartháireacha Healy-Rae i radharc amháin, le Michael ag cur síos ar na ‘smart alecs’ thuas i mBleá Cliath agus go gcaithfidh siad gabháil trína dheartháir as seo amach má tá uathu fogha a thabhairt faoi féin. Sa chéad tuairisc eile bhí Shane Ross, duine de na ‘smart alecs’ úd b’fhéidir? Ní deartháir do Thadhg riabhach Dónall crón. Stamp Gaillimh Thiar 21.25 Tá an tríú comhaireamh thart agus gan aon duine tofa fós ach tá sé soiléir cé aige a mbeidh an chéad trí cinn de shuíocháin – Éamon Ó Cuív (FF) atá anois ar 9,679, Noel Grealish (NS) ar 7,308 agus Seán Kyne (FG) ar 6,232. Cuóta de 10,712 atá i gceist anseo. Níl soiléireacht fós faoin dá shuíochán dheireanacha agus iomaíocht ghéar idir Trevor Ó Clochartaigh (SF), Catherine Connolly (NS), John O’Mahony agus Hildegarde Naughton. Braithfidh cuid mhaith ar an ord ina mbeidh na hiarrthóirí sin nuair a chuirfear iarrthóirí láidre eile ar nós Néill Uí Thuathail, Derek Nolan agus John Connolly as an áireamh. Tá tuairimíocht láidir san ionad comhairimh nach n-éireoidh leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh suíochán a fháil do Shinn Féin i ndeireadh na cúise, a deir ár gcomhfhreagraí Máirtín Ó Catháin. Faoi láthair, agus an cheathrú comhaireamh ar siúl,  tá 5,815 vóta ag Ó Clochartaigh rud a fhágann sa cheathrú háit é. Beidh an chuid is mó de na haistriúcháin as seo amach ag teacht ó iarrthóirí i gCathair na Gaillimhe agus tá imní ar Shinn Féin nach dtiocfaidh a ndóthain de na vótaí sin as Gaillimh siar go Conamara. Mura dtoghfar Ó Clochartaigh is cosúil gur ag an Seanadóir Hildegarde Naughton as Cathair na Gaillimhe atá an seans is fearr ar an gcúigiú suíochán. Stamp Ciarraí 21.15: FÍSEÁN: AGALLAMH le Toiréasa Ferris: ‘Cic sa tóin a bhí i bpobalbhreith TG4 do Martin Ferris’ Straps Cathal Mac Coille 21.10: FF agus FG? Is ionann ’fíordheacair’ agus indéanta   Chríochnaigh an choimhlint agus an comhaireamh éasca sa tír go gairid tar éis a seacht a chlog.   Níor sheas ach seisear iarrthóirí i ndáilcheantar nua Laoise, inar toghadh triúr.   Toghadh Seán Fleming ó Fhianna Fáil ar an gcéad chomhaireamh, agus Brian Stanley ó Shinn Féin nuair a shroich sé an cuóta ar an tríú comhaireamh.   Is ina dhiaidh sin a toghadh Charlie Flanagan ó Fhine Gael, ar an tríú comhaireamh chomh maith, ach gan an cuóta a bheith sroichte aige.   Is sampla breá an méid sin den chreimeadh atá tagtha ar vóta Fhine Gael. Is ar an gcéad chomhaireamh a toghadh Charlie Flanagan i Laois-Uíbh Fháilí in 2011. An iarraidh seo, cé nach bhfuil sa dáilcheantar nua ach a chontae dúchais féin, agus ainneoin é a bheith ina aire rialtais, is sna sála ar iarrthóirí Fhianna Fáil agus Shinn Féin a toghadh é, gan fiú an cuóta bainte amach aige.   Tá páirtithe an chomhrialtais fós ag dul ar gcúl agus na vótaí á gcomhaireamh. Bhí ciall mar sin leis an iarracht a rinne Leo Varadkar anocht leis an mbróg a chur ar an gcos eile nuair a fiafraíodh de an mbeadh sé sásta dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil   “The people have clearly decided not to re-elect this government,” arsa Leo le RTÉ. Dúirt sé freisin nár chóir glacadh leis mar sin gur ar Fhine Gael a bhí an fhreagracht maidir le rialtas nua a chur ar bun.   Bhí ciall lena chaint.   Ach má fhágtar as an áireamh an t-easaontas follasach atá ann idir gach páirtí/dream eile seachas Fianna Fáil agus Fine Gael, ba chóngaraí fós don fhírinne an méid a bhí le rá ag an Aire Simon Coveney.   Bheadh sé “fíor-dheacair” teacht ar shocrú comhrialtais le Fianna Fáil, a dúirt Simon Coveney.   Is ionann “fíor-dheacair” agus indéanta sa chás seo.   Iarfhocal: Tá na Glasaigh ar ais i nDáil Éireann. Cúig bliana tar éis do vótóirí an páirtí a ruaigeadh ar fad ó Theach Laighean, tá Catherine Martin tofa i mBaile Átha Cliath-Ráth Droma, agus dóchas ag na Glasaigh fós go dtoghfar Éamon Ryan i ndáilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas. Straps Staid na himeartha… 21.08: GAILEARAÍ: An obair sa chúlra ar RTÉ RnaG agus TG4  Stamp Gaillimh Thiar 20.40 Tá an tuairimíocht ag an ionad comhairimh ag dul i dtreis nach n-éireoidh le hiarrthóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh suíochán a fháil. Meastar go mbeidh dóthain vótaí ag Fine Gael le cinntiú go dtoghfar Hildegarde Naughton nó John O’Mahony i dteannta Sheáin Kyne. Ag Éamon Ó Cuív (FF) a bheidh an chéad suíochán agus is í an tuairimíocht is coitianta anois ag an ionad comhairimh go mbeidh suíochán ag Catherine Connolly (NS). Chuaigh sí gar do shuíochán a bhaint amach in Olltoghchán 2011 ach chaill sí le 17 vóta nuair a toghadh Seán Kyne. Maigh Eo 20.36 Tá an Taoiseach Enda Kenny (FG) atofa arís ar an gcéad chomhaireamh. Tá Michael Ring (FG) sa dara háit agus tógfaidh sé an dara suíochán. Ag Dara Calleary (FF) a bheidh an tríú suíochán agus beidh dianiomaíocht don cheathrú suíochán idir Lisa Chambers (FF) agus Michelle Mulherne, tríú hiarrthóir Fhine Gael. Straps An toghchán ón tolg

N’fheadar Dia ná duine cá rachaidh na haistriúcháin i nGaillimh Thiar. Sin é an port atá ar RnaG agus Vóta 2016 araon. Cathair v tuath, Gaeltacht v Galltacht, tíreolas v dílseacht pháirtí. “D’fhéadfadh aon rud tarlú anseo,” a deir Cóilín Ó Neachtain RnaG agus é á phrapáil féin d’oíche fhada i dtailte na hOllscoile. Nuair a chuirfear Fidelma Healy-Eames as an áireamh, d’fhéadfadh Hildergarde Naughton go leor aistriúchán a ghothnú mar go bhfuil Órán Mór mar bhunáit ag an mbeirt acu. Rachaidh roinnt acu go Seán Kyne chomh maith. Céard faoi aistriúcháin idir John O’Mahony agus Naughton, dhá champa nach raibh ag tarrac le chéile, dar le Cóilín?  Céard faoi Catherine Connolly agus aistriúcháin ó iarrthóirí na cathrach, cosúil le Tom Holohan agus Seamus Sheridan?  Céard faoi Trevor Ó Clochartaigh atá i bhfad siar sa dáilcheantar? Céard faoi na haistriúcháin idir an bheirt iarrthóirí ó FF, John Connolly agus Mary Hoade? Dar liom go dtabharfaidh an dáilcheantar seo duais an chastróvaics leis. Stamp Dún na nGall 20.35 Tá Charlie McConalogue tofa ar an gcéad chomhaireamh agus 12,533 vóta aige, 315 vóta os cionn an chuóta aige. Meastar go dtoghfar Pearse Doherty (SF) agus Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir (FF) don dara agus don tríú suíochán. Beidh an dá shuíochán dheireanacha idir Joe McHugh (FG), Thomas Pringle (NS) agus Pádraig Mac Lochlainn (SF). Deir RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil a gcuid foinsí i Sinn Féin ag rá leo gurb é Pringle seachas Mac Lochlainn a thabharfaidh leis an suíochán deiridh. Straps An toghchán ón tolg

Gearóid Ó Tuathaigh, Joe O’Toole, Áine Ní Chiaráin ar an bpainéal le Máirín Ní Ghadhra ó chianaibh. An Teachta Dála Gerry Adams i mbun agallaimh le Máirín agus ceisteanna crua go maith á gcaitheamh chuige. Seo an fear céanna nach raibh in ann agallamh Gaeilge a dhéanamh le TG4. Tagairtí ginearálta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don Údarás ina chuid freagraí. Dhein sé spior spear de cheisteanna faoina cheannaireacht féin. Stamp Gaillimh Thiar Galway Candidates 7   Straps Stamp Staid na himeartha… 19.30 Tá triúr iarrthóirí le Gaeilge tofa cheana chun na Dála, agus Peadar Tóibín (SF) caithréimeach sa Mhí Thiar. Toghadh beirt Ghaeilgeoirí níos túisce i gCorcaigh Theas Lár – Micheál Martin agus Michael McGrath ó Fhianna Fáil. Straps An toghchán ón tolg Screen Shot 2016-02-27 at 18.05.54   Tá Pádraig Ó Céidigh agus Tony Killeen tagtha go Baile na hAbhann.   Chuir an Céideach na cainteanna comhrialtais i gcomparáid le rince. Cuireadh chun rince ón mbuachaill, an cailín ag toiliú nó ag eitiú. Níl an rince tosnaithe ina cheart fós, dar leis. Carúl á chaitheamh ag Páidí lena chomharsa Liadh Ní Riada á rá go bhfuil a fhios aige gur rinceoir maith í (é ag iarraidh í a mhealladh i dtreo chaint ar chomhrialtas arís eile). ‘Braitheann sé ar an bport,’ a deir Liadh go deisbhéalach.   Go gairid ina dhiaidh sin, bhíothas ag caint le Aindrias Ó Muineachán (FF), go bhfuil gach cuma ar an scéal go dtógfaidh sé an chéad suíochán i gCorcaigh Thiar Thuaidh.   Dar le Páidí, d’fhágfadh sin Teachta Dála agus Feisire Eorpach in aon pharóiste amháin i nGaeltacht Chorcaí. Bhí Páidí gealgháireach ag tagairt do chairdeas na gclann agus é ar a chroídhícheall spéis cleamhnais a ghiniúint (idir na páirtithe agus ní na clanna is dóigh liom).  Straps An toghchán ón tolg Dara Cad é bús faoi na roghanna comhrialtais. Gach aon cheann de na trí mhórpháirtí míshuaimhneach faoi dul i mbun comhghuaillíochta lena chéile. Taibhsítear dom go mb’fhearr le Fianna Fáil agus Sinn Féin gan a bheith sa rialtas. An fál go haer é mar sin rialtas a chniotáil le chéile?   Bhuel, más féidir leis na meithleacha nuachta in RnaG agus TG4 dul i mbun comhghuaillíochta lena chéile nach bhfuil dóchas ann do chách?   An bhfuil an comhnascadh conspóideach seo tar éis tarlú i ngan fhios? I gcaitheamh an lae, bhí tuairisceoirí de chuid RnaG le feiscint ar TG4, Dara Ó Cinnéide, Gearóid Mac Donncha agus  Áine Hensy ina measc. Stamp Gaillimh Thiar 18:33: Tuairisc ó Mháirtín Ó Catháin sa Ghaillimh. Tá imní ar chuid de lucht tacaíochta Catherine Connolly agus Trevor Uí Chlochartaigh go bhféadfaidís a bheith gann ar aistriúcháin i nGaillimh Thiar.  Ina dhiaidh sin féin, is cosúil go gcaithfeadh duine den bheirt sin – ar a laghad – a bheith tofa. Má chliseann ar Connolly nó Ó Clochartaigh is cosúil gur ag Fine Gael – Hildegarde Naughton – a bheadh an suíochán deiridh sa toghcheantar.  Ach, níl sé curtha as an áireamh fós go bhféadfadh seans beag a bheith ag John Connolly (Fianna Fáil). Táthar cinnte go mbeidh suíochán ag Éamon Ó Cuív (Fianna Fáil) agus réasúnta cinnte go mbeidh suíocháin ag Seán Kyne (FG) agus Noel Grealish (Neamhspleách). Straps Stamp Staid na himeartha… 17.56 Tá an chéad iarrthóir a bhfuil Gaeilge aige tofa chun na Dála in Olltoghchán 2016. Toghadh Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil agus Gaeilgeoir líofa, i gCorcaigh Theas Lár. Toghadh chomh maith ar an gcéad chomhaireamh a chomhghleacaí Michael McGrath, urlabhraí airgeadais an pháirtí. File photo: Micheal Martin says he is preparing to become taoiseach. Straps An toghchán ón tolg Ach oiread le holltoghchán 2011 d’fhéadfadh tamall maith a bheith ann sara líonfar an suíochán deireanach i nGaillimh Thiar. Dúirt Niall Ó Tuathail (DS) le Máire T. Ní Mhaidín ó TG4 nach bhfuil sé chun na póstaeir a chaitheamh amach go fóill ar eagla na heagla. Déja vu do Catherine Connolly agus í san iomaíocht don suíochán deireanach. Chuaigh Seán Kyne dian go maith ar lucht ceannais an pháirtí. Bhí feachtas “an-dona” ag an bpáirtí agus rinne Enda Kenny “cúpla bótún”.   Agus Páidí ag caint le Liadh Ní Riada (SF) ar Vóta 2016, dúirt sé nach bhfuil an gnáthchúlra ag Eoin Ó Broin (SF) a shamhlófá le hiarrthóir de chuid Shinn Féin óir fuair sé oideachas príobháideach in Blackrock College.   Bhain an cheist siar as Liadh ábhairín ach níor aontaigh sí leis, dar ndóigh.   Tá go leor cainte faoi chúrsaí comhrialtais ar Vóta 2016. Cinneadh mór le déanamh ag Fianna Fáil agus Fine Gael, ach an mbeadh Sinn Féin sásta a bheith mar an páirtí beag i gcomhrialtas? Dúirt Liadh Ní Riada, agus conach ag teacht uirthi anois, nach mbeidís mar an páirtí sóisearach in aon chomhrialtas. Ag an am céanna, deir Mary Lou McDonald go bhfuil sí chun Gerry Adams a ainmniú mar Thaoiseach. Tháinig conach ar Éamon Ó Cuív chomh maith mar gheall ar an gcaint faoi na cosúlachtaí idir FF agus FG.   Dar leis na cloigne cainte ar fad, áfach, níor mhaith linn lorg na n-ochtóidí luaithe a leanúint mar a raibh trí olltoghchán againn i dtréimhse ocht mhí déag.   Fan na slí tá “na hAirí Rialtais ag titim cosúil le cuileoga”, faoi mar a dúirt Páidí Ó Lionáird.  Stamp Port Lairge 17.17 Tá iarrthóir eile de chuid Fhianna Fáil tar éis a bheith tofa. Toghadh Mary Butler ar an gcéad chomhaireamh. Is í an chéad bhean de chuid Fhianna Fáil a toghadh go dtí seo. Níl aon Ghaeilge aici. Stamp An Mhí Thiar 17.10 Is é iarrthóir Fhianna Fáil Shane Cassells an chéad duine a toghadh sa dáilcheantar agus mar sin an chéad iarrthóir a toghadh i ndáilcheantar Gaeltachta in Olltoghchán 2016. Níl aon Ghaeilge aige. Stamp Gaillimh Thiar 16.55 Tá an teailí deiridh anois ann agus Éamon Ó Cuív ar bharr an liosta ag 15.4%. Tá an t-iarrthóir neamhspleách Noel Grealish taobh thiar de ar 11.1% agus Seán Kyne (FG) sna sála air sin le 9.6%. Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) sa cheathrú háit le 8.9%. Tá an comhairleoir Catherine Connolly (NS) agus iarrthóir eile de chuid Fhine Gael, John O’Mahony, gob ar ghob ag 7.6% agus Hildegarde Naughton (FG) díreach ina ndiaidh ar 7.4%. Tá John Connolly (FF) ar 6% agus an t-iarrthóir céaduaire Niall Ó Tuathail (DS) ar 5%. Tá an t-iar-Teachta Dála Derek Nolan (LO) ar 5%. Straps Turas Toghcháin 16.40 Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha, is dócha…

Straps An toghchán ón tolg 16.34 Ar Raidió na Gaeltachta chuir Cormac Ó hEadhra i leith an Aire Stáit Joe McHugh gur deineadh Aire Stáit de le gcinnteofaí go gcoimeádfadh sé a shuíochán. Taibhsíodh dom go raibh an tAire in ísle brí is é i mbun cainte. Caitheadh an mana ‘Keep the Recovery Going,’ isteach i ndroichead na sróna air agus tá íde na muc agus na madraí tugtha ar an mana céanna ó mhaidin. Is gearr go mbeifear ag maíomh gurbh é, thar go leor rudaí eile, a bhain barrthuisle as Fhine Gael. Dhein Deaglán de Bréadún cumas Gaeilge an Teachta Dála  a thréaslú leis cé gur imigh an tAire bocht ar bhóiléagar cúpla babhta i rith a chuid cainte. Tá súil againn go leanfaidh sé lena aistear teanga. Tá buille Renua tugtha cheana féin, dealraíonn sé. ‘An bhfaca éinne cúis le Renua, níl iontu ach Fine Gael, beagáinín ar dheis,’ a deir Ó Cuív agus ceo beag os a chionn. Gach aon leathuair an chloig nó mar sin nach ndéantar tagairt don ‘Healy Réabhlóid’ i gCiarraí. Ní nach ionadh tá mo bheirt á lua mar chomhghuaillithe do chomhrialtas. ‘Níl aon fhadhb agamsa leis na Healy-Raes,’ a deir Éamon Ó Cuív ar Vóta 2016. Dúirt Seán Kelly, ar an gclár céanna, go bhfuil siad beirt thar a bheith réalaíoch agus praiticiúil. Tá ceisteanna faoi chinnireacht Enda Kenny ag teacht chun cinn sna meáin ar fad. Ní nach ionadh, ceistíodh Richard Bruton faoi seo ar RTÉ ach thacaigh sé leis an gceann feadhna. Dhein Joe McHugh an rud céanna ar RnaG. Straps Cathal Mac Coille

16.08: Fianna Fáil agus Fine Gael – níl aon rogha eile ann

Fiú sular toghadh Teachta Dála nua ar bith, ba léir an rogha dhiúltach a bhí déanta ag móramh an phobail in Olltoghchán 2016. Ach bhí rogha eile a rinne na vótóirí níos soiléire fós. Thug pobalbhreith tar éis na vótála RTÉ le fios gur thug 24.8% den phobal vóta céadrogha d’Fhine Gael, 21.% d’Fhianna Fáil, 16% ag Sinn Féin, 7.1% ag an Lucht Oibre, agus thart ar 30% ag na páirtithe eile agus na neamhspleáigh. Ní féidir ciall iomlán a bhaint as na figiúirí seo go dtí go dtoghfar buaiteoirí na suíochán deireanacha i ngach dáilcheantar. Níl sé soiléir fós fiú amháin cé acu a bheidh in uachtar sa 32ú Dáil, Fine Gael nó Fianna Fáil. Ach tá claochlú soiléir tagtha ar léarscáil na polaitíochta, má chuirtear lipéid na bpáirtithe i leataobh. Léiríonn toradh an olltoghcháin seo go bhfuil deighilt mhór shoiléir ann maidir le meon an phobail. Dar lenár bhformhór níl brobh féir cur chuige bunúsach Fhine Gael agus cur chuige Fhianna Fáil (tacaíocht iomlán an dá pháirtí i bpobalbhreith RTÉ: 45.9%). Tá an t-easaontas eatarthu bunaithe thar aon rud eile ar stair agus ar phearsanra. Níl an bhearna idir Sinn Féin agus mionpháirtithe na heite deise (tacaíocht iomlán: suas le 25%) baileach chomh cúng, ach arís dá gcuirfí stair agus pearsanra as an áireamh, aontaíonn siad lena chéile mar gheall ar go leor bunphrionsabal. Mura dtagann páirtithe na heite deise (lena n-áirím Sinn Féin) ar dhearcadh nua maidir le rannpháirtíocht i gcomhrialtas, níl ach rogha rialtais amháin ann: rialtas a bhunófaí ar chomhréiteach de chineál éigin idir Fine Gael agus Fianna Fáil. Ar ndóigh, ní féidir olltoghchán eile sa bhfómhar a chur as an áireamh Slán le Joan agus Enda… Beidh ceannairí Fhine Gael agus an Lucht Oibre díomhaoin sara fada, sílim, mar gheall ar an lear mór suíochán atá caillte ag an dá pháirtí. Tiocfaidh ceannairí nua i gcomharbacht ar Enda Kenny agus ar Joan Burton, sílim, roimh dheireadh na bliana, ar a dheireanaí. 15.36: TOFA – Tá an chéad Teachta Dála tofa sa 32ú Dáil. Is é sin Shane Ross (NS) do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath – Ráth an Dúin.

24/02/2016 Independent Alliance. Pictured in Buswells Hotel in Dublin today was Independent Alliance member Shane Ross TD. Following statements made during last night's Leaders Debate, the Independent Alliance today discussed introducing legislation to eradicate cronyism in Irish politics. Photograph: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Stamp Ciarraí 15.35 Tá an chosúlacht ar an scéal go gcaillfidh an t-iar-Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan (FG) a shuíochán agus go mbeidh dhá shuíochán ag rítheaghlach na Ríochta, Michael agus Danny Healy-Rae. Beidh os cionn 20,000 vóta (25.9%) ag Michael Healy-Rae ar an gcéad chomhaireamh agus os cionn 10,000 (12.8%) ag a dheartháir. Ag Brendan Griffin (FG) a bheidh an tríú suíochán agus é 9,642 vóta (12.2%) aige. Tá Martin Ferris (SF) sa cheathrú háit faoi láthair agus 9,223 vóta (11%) aige. Sa chúigiú háit sa teailí deiridh, tá John Brassil (FF) agus 8,075 vóta (10.2%) aige. Níl ag Jimmy Deenihan ach 6,448 vóta (8.2%) agus is deacair a fheiceáil cén chaoi a ndéanfaidh sé an bhearna a chúngú chun dul chun tosaigh ar Brassil nó Ferris don suíochán deireanach. Stamp Gaillimh Thiar 15.25 Tá teailí ar fáil anois ar 98% de na boscaí agus pictiúr níos soiléire den leagan amach a bheidh ar chúrsaí. Tá Éamon Ó Cuív (FF) ar bharr an liosta le 15.1% agus Noel Grealish (NS) sa dara háit ar 10.6%. Seán Kyne is láidre d’iarrthóirí Fhine Gael agus é ar 9.8%. Tá iarrthóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh sa cheathrú háit ar 8.9% agus Catherine Connolly (NS), ar 7.9% sa chúigiú háit sa dáilcheantar cúig shuíochán seo. Tá sé suntasach go bhfuil an céatadán céanna vóta ag Fianna Fáil agus Fine Gael sa dáilcheantar seo, iad araon ar 24%. Is í Hildegarde Naughton ó Fhine Gael a bhfuil 7.2% den vóta céadrogha aici atá sa cheathrú háit agus a comhghleacaí John O’Mahony sna sála uirthi ar 7%. Cuirfear suim freisin i vóta an Teachta Dála Derek Nolan (LO) – tá seisean ar 5%, an vóta céanna agus atá Niall Ó Tuathail (DS). Stamp Corcaigh Thiar Thuaidh 15.10 Más fíor don teailí deiridh, beidh dhá shuíochán ag Fianna Fáil agus ceann amháin ag Fine Gael. Tá Aindrias Ó Muineacháin ar bharr an liosta le 9,056 vóta agus 7,295 vóta ag Michael Moynihan. Idir eatarthu, tá Michael Creed (FG) ar 9,014 vóta. Cé go bhfuil a chomhghleacaí as Fine Gael Áine Collins, a bhí ina Teachta Dála sa Dáil deireanach, sa cheathrú háit ar 6,354, is cosúil anois go gcaillfidh Fine Gael ceann dá suíochán agus go mbuafaidh Fianna Fáil suíochán breise. Bhí Corcaigh Thiar Thuaidh i measc na ndáilcheantar ba mhó inár thit vóta Fhianna Fáil in Olltoghchán 2011, tráth a thit sé ó 53% go dtí 25%.   Straps An toghchán ón tolg Toghchán an Tolg 2   14.53: Tá sé olc a dhóthain a bheith ag caint ar chúrsaí comhrialtais cheana féin, agus gan oiread is Teachta amháin tofa go fóill, ach níos measa ná sin táthar anois ag caint ar olltoghchán eile. Dia idir sin agus an tailí.   Piardaí móra cosúil le Joan Burton, Emmet Stagg, Mick Wallace, Alex White agus James Reilly i mbaol.   Cuimhneoimis chomh maith ar Mary Coughlan, Alan Dukes agus Eoghan Ó Neachtain bocht is iad ag rith agus ag rás, siar is aniar, idir Baile na hAbhann agus Casla.   Tá meitheal bhreá bailithe le chéile ó mhaidin ag Raidió na Gaeltachta; Áine Chiaráin, John Walsh, Donncha Ó hÉallaithe, Déaglán de Bréadún agus Joe O’Toole ina measc.   An-úsáid á baint as na meáin shóisialta. Tuairiscí físe á seoladh díreach ar Twitter ag Irene Ní Nualláin, Uinsionn Mac Dubhghaill agus Pádraic Ó Neachtain.   Súp á bhaint ag Maolra as falla an eolais. Cormac Ó hEadhra ag tabhairt ‘dineasáir’ ar roinnt de lucht Fhianna Fáil agus Mary Coughlan ag iarraidh a fháil amach an raibh sí féin ar dhuine díobh.   Cad é bús faoi na Healy-Raes agus tagairt á déanamh go leanúnach do sheiftiúlacht na beirte agus Danny a chur san iomaíocht déanach go maith sa bhfeachtas.   “He’s not heavy he is my brother,” a deir Noel Whelan go deisbhéalach ar RTÉ.   Ar Vóta 2016 bhí Trevor Ó Clochartaigh agus Éamon Ó Cuív ag cur síos ar na cúiseanna nár cheart go mbeadh comhghuaillíocht eatarthu. Cé go raibh Ó Cuív diongbháilte de nach rachadh a pháirtí i gcomhrialtas, ba léir mar sin féin go raibh sásamh á bhaint aige as an ndíospóireacht faoi chúrsaí comhrialtais. Straps Turas Toghcháin 14.24: Meastú an bhfuil Twitter beagáinín ródhian ar Derek Nolan?

Straps Turas Toghcháin

14.17: Ráiteas an lae go dtí seo!

 

Stamp Gaillimh Thiar 14.11 87% den teailí: Éamon Ó Cuív (FF) 15.3%, Noel Grealish (NS) 10.5%, Seán Kyne (FG) 9.8%, Trevor Ó Clochartaigh 9.3%, Catherine Connolly (NS) 7.8%, John O’Mahony (FG) 7.3%, Hildegarde Naughton (FG) 7%, John Connolly (FF) 5.9%, Niall Ó Tuathail (DS) 5.2% agus Derek Nolan (LO) 5%. Ó Cuív, Grealish agus Kyne slán, de réir cosúlachta agus cogadh dearg fós don dá shuíochán dheireanacha.Stamp Ciarraí 14.06: Tá cuma níos fearr ar Martin Ferris i gCiarraí anois le breis agus 6,000 vóta. Tá an tailí ag tabhairt le fios go bhfuil Michael Healy-Rae i ngiorracht 60 vóta don chuóta agus gan ach dhá thrian do na boscaí oscailte i gCiarraí. Tá breis agus 7,000 vóta ag Danny is é sa dara háit. Suíochán do John Brassil (FF) chomh maith le Jimmy Denihan (FG) agus Brendan Griffin (FG) á fhéachaint le chéile don suíochán deireanach. Arthur Spring (LO) fágtha ar an trá fholamh. Straps Turas Toghcháin

Níor maith liom a bheith á gcomhaireamh. Pictiúr: RollingNews.ie
Níor maith liom a bheith á gcomhaireamh. Pictiúr: RollingNews.ie

Straps Staid na himeartha… 14.02: GAILEARAÍ: Íomhánna ón gcomhaireamh… Straps Turas Toghcháin 13.57  Tuairiscítear nach raibh an iomaíocht chomh géar sin i dtoghchán eile atá ar siúl inniu. Tá Cóilín Ó Cearbhaill tofa ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge arís.

  Stamp Gaillimh Thiar 13.51 Duine as gach beirt a vótáil ar an gCeathrú Rua inné, thacaigh siad le Trevor Ó Clochartaigh (SF). Fuair an Seanadóir 49% de vótaí na Ceathrún Rua de réir an teailí. Thug duine as gach ceathrar ansin a dtacaíocht d’Éamon Ó Cuív (FF). Fuair an Teachta Dála as Corr na Móna 27% den vóta. Fágann sin nach raibh fágtha ach 24% den vóta le roinnt ar an 18 iarrthóir eile. Is léir cén rogha comhrialtais atá ag muintir na Ceathrún Rua! 13.45 Os cionn trí cheathrú cuid de bhoscaí oscailte (78%) agus seo mar a bhreathnaíonn an scéal. Éamon Ó Cuív (FF) fós ar bharr an liosta (14.8%) agus bearna idir é agus an chéad iarrthóir eile Noel Grealish (NS) atá ar 11%. Tá Trevor Ó Clochartaigh (SF) sa tríú háit ar 9.2% agus Seán Kyne (FG) an-ghar dó ar 8.9%. Is í Catherine Connolly (NS) atá sa chúigiú háit faoi láthair, ar 7.8%, ach tá beirt iarrthóirí de chuid Fhine Gael, Hildegarde Naughton ar 7.3% agus John O’Mahony ar 7.2% sna sála uirthi. Os a choinne sin, bainfidh Catherine Connolly buntáiste as aistriúchán ó bheirt atá taobh thiar di, Niall Ó Tuathail (DS) atá ar 5.2% agus Derek Nolan (LO) atá ar 5.1%. Beidh sé ina chogadh dearg. Straps Turas Toghcháin 13.30 Bhí an ‘Joe O’Reilly’ mícheart san íomhá seo ag The Irish Times ó chianaibh. Joe Micheart Ar ndóigh, cheartaigh ‘nuachtán an taifid’ a mbotún gan mhoill ach féach nach bhfuair siad réidh ar fad leis an Joe O’Reilly eile agus é fós le feiceáil taobh thiar den iarrthóir ó Fhine Gael, Joe O’Reilly. Stamp Ciarraí Le leath dos na boscaí oscailte i ndáilcheantar Chiarraí is iad na deartháireacha Healy-Rae atá ar thosach cadhnaíochta agus an chuma ar an scéal anois go dtógfaidh siad an chéad dá shuíochán. Tá gaisce na ndeartháireacha ó Chill Gharbháin ar cheann de scéalta móra an olltoghcháin go dtí seo. De réir an tailí is déanaí tá 26% den vóta ag Michael agus 13% ag Danny. Ina ndiaidh aniar tá Martin Ferris (SF) le 12% agus John Brassil (FF) le 11%.  Dealraíonn sé ag an bpointe seo go mbeidh comhrac an bhradáin idir an Teachta Brendan Griffin (FG) agus an tAire Stáit Jimmy Dennihan (FG) agus an bheirt acu i dtaoibh le 9%. “Is eisceachtaí iad na Healy-Raes,” a deir Éamon Ó Cuív agus leamhgháire air.

Stamp Dún na nGall 13.08: Tá Fianna Fáil ar 31%, Sinn Féin agus na neamhspleáigh ar comhchéim ar 26%, agus Fine Gael ar 15%. Tá an teailí beagnach críochnaithe agus an chosúlacht air go bhfuil Pádraig Mac Lochlainn (SF) go mór faoi bhrú. Straps Turas Toghcháin

Ní gach duine a bhfuil spéis acu sna tallies!

27/2/2016. General Election 2016 - Counting of Votes. Scenes from the counting of votes for the Dublin West Constituency, at the Phibblestown Communmity Hall Count Centre in Blanchardstown, Dublin. Photo shows two-year-old Isabel Power from Clonsilla taking in the count after finishing ballet class. Photo: RollingNews.ie
Isabel Power, 2 , Cluain Saileach, in ionad vótála BÁC Thiar. Pictiúr: RollingNews.ie

 


Straps Staid na himeartha… 12.57: Beidh Fianna Fáil san iomaíocht don dara suíochán i gCill Dara Theas, Dún na nGall agus Loch Garman, léiriú dar le Seán Dorgan, Ard-Rúnaí Fhianna Fáil, go bhfuil “lá iontach” i ndán don pháirtí agus gur “spectacular rejection” atá i ndán do pháirtithe an chomhrialtais.


Straps An toghchán ón tolg Pic don achoimre 12:45: Páidí Ó Lionáird i mbun na cadrála, Maolra Mac Donncha i mbun na bhfigiúirí agus Eimear Ní Chonaola sa seomra nuachta ar bhuille na huaire. Dhein Vóta 2016 ar TG4 gaisce beirt iar-Thánaistí, Eamon Gilmore agus Mary Coughlan a mhealladh go Baile na hAbhann. Ina dteannta siúd, tá an Feisire Eorpach Seán Kelly, Alan Dukes agus Liadh Ní Riada. Na pobalbhreitheanna díreach tar éis vótála go mór chun cinn ar maidin.  Ní raibh aon oidhre air seo ach an casadh timpeall agus útamáil le paráidí srl. a bhíonn ar siúl roimh chluichí ceannais an CLG agus gan ón lucht féachana ach an imirt a chur sa tsiúl. “B’fhéidir nach bhfuil ag éirí go maith le Renua ach beidh Rae nua againn i gCiarraí, ” a deir Seán Kelly go seanbhlastúil. Éamon Ó Cuív, tagtha isteach go Baile na hAbhann le tamaillín beag tar éis a bheith amuigh ag siúl ar maidin. An ‘eagraíocht ar an talamh,’ is cúis leis an teacht aniar atá déanta ag Fianna Fáil. Níl sé ag dul thar fóir leis an mbuaileam sciath go fóill, áfach. A thuairim féin go bhfuil comhrialtas le FG as an áireamh. “Ní thagann ár bhfealsúnacht le fealsúnacht Fhine Gael.” Chuaigh Ó Cuív agus Liadh Ní Riada i bpíobáin a chéile ábhairín. Admhaíonn Ní Riada go bhfuil SF agus FF cóngarach go maith dá chéile maidir le polasaithe maidir leis an nGaeilge agus cúrsaí tuaithe. Ach ní bheidís, a deir sí, sásta dul i gcomhrialtas mura mbeadh an “lámh in uachtar acu”. An é FF agus SF an chomghuaillíocht is fearr don Ghaeilge?


Stamp Gaillimh Thiar 12.35 Tá Éamon Ó Cuív (FF) le bheith ar bharr an liosta i nGaillimh Thiar de réir an teailí is deireanaí agus 62% de na boscaí oscailte. Tá Noel Grealish (NS) sa dara háit faoi láthair ar 11% agus Trevor Ó Clochartaigh (SF) ar 9.2% sna sála air. Ag Seán Kyne atá an vóta is airde de chuid Fhine Gael faoi láthair, 8.5%, agus gan a chomhghleacaí Hildegarde Naughton ach beagán taobh thiar dó ar 7.8%. Tá an tríú hiarrthóir atá ag Fine Gael, John O’Mahoney ag 7.6% ach níl boscaí a bhunáite i nDeisceart Mhaigh Eo ar fad oscailte fós. Tá Catherine Connolly (NS) beagán chun cinn ar O’Mahony ar 7.7% agus ní féidir í a chur as an áireamh fós. Straps An toghchán ón tolg Brandy 6 - Ó cuív 12.23: Éamon Ó Cuív, tagtha isteach go Baile na hAbhann, tar éis a bheith amuigh ag siúl ar maidin. An ‘eagraíocht ar an talamh,’ is cúis leis an teacht aniar atá déanta ag Fianna Fáil. Níl sé ag dul thar fóir leis an mbuaileam sciath go fóill, áfach. A thuairim féin go bhfuil comhrialtas le FG as an áireamh. “Ní thagann ár bhfealsúnacht le fealsúnacht Fhine Gael.” Straps Staid na himeartha… 12.20:  Is cosúil go mbeidh an Comhairleoir Contae Donnchadh Ó Laoghaire (SF) san iomaíocht don suíochán deireanach i gCorcaigh Lár Theas. Ball de Bhord Fhoras na Gaeilge é Donnchadha Ó Laoghaire a thug seal ag obair mar chúntóir parlaiminte ag an an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. D’fhéadfadh gur idir Ó Laoghaire agus Jerry Buttimer (FG) a bheidh sé don suíochán deireanach i gCorcaigh Lár Theas. Tá seans mór ag Ó Clochartaigh féin ar shuíochán i nGaillimh Thiar.   Straps Staid na himeartha… 12.07: GAILEARAÍ: Íomhánna ón gcomhaireamh… Straps Turas Toghcháin 12.01: Na Caipíní i gCiarraí!

  Stamp Gaillimh Thiar 11.54: D’fhéadfadh bua gan choinne a bheith ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar, más fíor do thuairiscí áirithe. Is beag duine a bhí ag súil go mbeadh an múinteoir scoile as Bearna, John Connolly, san iomaíocht, ach féach go bhfuil roinnt tráchtairí anois den tuairim go bhféadfadh níos mó suíochán a bheith ag Fianna Fáil ná mar a bheidh ag Fine Gael.

  11.43: Tá 34% de na boscaí oscailte anois. Tá Éamon Ó Cuív (FF) chun cinn agus é ar 15%. An t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly, a bhí 17 vóta gann ar shuíochán i 2011, ina dhiaidh sin ar 10.8%. Tá Trevor Ó Clochartaigh (SF), 10.5%, chun cinn ar an Teachta Dála Seán Kyne (FG) 10%. Táthar ag tuar go mbeidh an dara suíochán ag Fianna Fáil, agus é faighte ag John Connolly atá ar 7.6% faoi láthair.


Straps Turas Toghcháin 11.41: Trí rogha i ndiaidh an chomhairimh… Turas Toghchán 1


Stamp Dún na nGall

11.36Joe McHugh i mbaol i nDún na nGall?

Tá Ard-Rúnaí Fhine Gael Tom Curran den tuairim go bhfuil Aire na Gaeltachta Joe McHugh (FG) i mbaol i nDún na nGall. Dúirt an t-iar-Thánaiste Mary Coughlan ar Vóta 2016 ar TG4 go raibh drochchuma ar chúrsaí do McHugh chomh maith gan ach vóta cuíosach á fháil aige ina cheantar féin. “Bhí an teachtaireacht mhícheart ag Fine Gael, tá sé chomh simplí leis sin,” a deir Coughlan. D’fhéadfadh Enda Kenny féin a bheith i mbaol chomh maith mar cheannaire ar Fhine Gael, más fíor do Curran.

11.30: Tuairisc ó Leitir Ceannainn: Fianna Fáil ar 34%, Fine Gael ar 14%, Sinn Féin ar 27% agus na Neamhspleáigh ar 25%. Tá Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir an-íseal faoi láthair ach táthar ag súil le méadú an-mhór ar a vóta-sa agus ar vóta Shinn Féin nuair a osclófar na boscaí sna Gleanntaí. Tá leath na mboscaí sa dáilcheantar oscailte anois. Stamp An Mhí Thiar 11.25: Tuairiscítear go bhfuil Shane Cassells (FF) ar 27%, Peadar Tóibín (SF) ar 24%, Damien English (FG) ar 21% agus Ray Butler (FG) ar 12% sa Mhí Thiar. Tá trí shuíochán le buachan sa dáilcheantar.

    Stamp Ciarraí

‘Imní ar Thoireasa Ferris faoi shuíochán a hathar’

11.04: Deir an Comhairleoir Toiréasa Ferris lenár gcomhfhreagraí in ionad an chomhairimh i gCiarraí go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an tuar ag teacht faoin tairngreacht agus go bhfuil imní uirthi faoi shuíochán a hathar, Martin Ferris (SF). Tá Micheal Healy Rae (NS) ar barr an chomhairimh in Eas Daoi, paróiste beag ar an dtaobh eile ar fad den chontae óna bhaile dúchais i gCill Gharbháin. 37% den vóta ag muintir Healy-Rae. Is cosúil go mbeidh an dá shuíochán ag rítheaghlach Chiarraí mar a tugadh le fios i bpobalbhreith TG4 le linn an fheachtais. Deir ár gcomhfhreagraí i gCiarraí linn go bhfuil an chosúlacht ann go mbeidh suíochán an duine ag Michael agus Danny Healy-Rae, ceann ag Brendan Griffin (FG), ceann ag John Brassil (FF). Idir an Teachta Dála Martin Ferris (SF) agus an Teachta Dála agus Aire Stáit Jimmy Deenihan (FG) a bheidh sé don suíochán deireanach anseo. Dealraíonn sé go bhfuil a chosa nite ag an Teachta Dála Arthur Spring (LO).


Stamp Gaillimh Thiar 10.50: An scéal is déanaí ó Mháirtín Ó Catháin atá in ionad an chomhairimh i nGaillimh dúinn. Tá Catherine Connolly (NSPL) chun tosaigh ar Derek Nolan (LO) i gcathair na Gaillimhe agus tá vóta maith faighte ag Noel Grealish sa chathair.  Tá mórán an vóta céanna faighte go dtí seo ag an triúr iarrthóirí ag Fine Gael: Seán Kyne, John O’Mahony agus Hildegarde Naugton. Tá vóta maith faighte ag Éamon Ó Cuív (FF) sa chathair freisin agus Niall Ó Tuathail (DS) ag déanamh go maith i gCathair na dTreabh.


Stamp Dún na nGall 10.36: Tá an tally is déanaí ó Dhún na nGall ag Aodha Ó Fearraigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta


Straps Staid na himeartha…

Na pobalbhreitheanna díreach tar éis vótála

10.25: Tá an dá phobalbhreith díreach tar éis vótála (ceann an Irish Times agus ceann RTÉ) curtha le chéile againn tá an scéal mórán mar a chéile. Titim thubaisteach ar thacaíocht pháirtithe an chomhrialtais. Teacht aniar déanta ag Fianna Fáil. Tuilleadh suíochán do Shinn Féin.

An dá phobalbhreith le chéile (bunaithe ar 9,543 duine a ceistíodh)

Graph Poll POC

Pobalbhreith an Irish Times

Graph Donncha

Pobalbhreith RTÉ

Graph RTE


10.00: Fáilte romhaibh a chairde go dtí ár dTuairisc Bheo ar chomhaireamh na vótaí d’Olltoghchán 2016 ar Tuairisc.ie. Bígí linn anseo i gcaitheamh an lae do na scéalta is déanaí.


 

 

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO ar Olltoghchán 2016…'