TUAIRISC: Áit sa stair bainte amach ag Bhulf Tón ag Comórtas Peile na Gaeltachta…

D’éirigh leis an gCeathrú Rua an ceann is fearr a fháil ar sheaimpíní 2017, 2016 agus 2015 i gComórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo sna Dúnaibh, ach fuair Bhulf Tón na Mí an ceann is fearr orthu sa chluiche ceannais. Ba iad muintir na háite a bhí ag ceiliúradh i gcraobh na sóisear

TUAIRISC: Áit sa stair bainte amach ag Bhulf Tón ag Comórtas Peile na Gaeltachta…

Tá comórtas na sinsear ag Comórtas Peile na Gaeltachta buaite ag Bhulf Tón na Mí den chéad uair riamh agus an ceann is fearr faighte acu i gcluiche ceannais an lae inniu in aghaidh na Ceathrún Rua. Farasbarr cúig phointe a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha agus cé nach dtabharfadh an méid sin léargas cruinn do dhuine ar scéal an chluiche, bhí an bua tuillte ag Bhulf Tón.

Is beag a bhí idir na foirne ar feadh tréimhsí fada den chluiche ceannais seo sna Dúnaibh agus aon phointe amháin a bhí idir na foirne cúig nóiméad roimh an deireadh. Is ina dhiaidh sin a d’aimsigh Bhulf Tón na cúil a chinntigh an bua dóibh agus údar díomá a bheidh ann don Cheathrú Rua gur ghéill siad na cúil chéanna chom bog sin.

Agus 56 nóiméad imeartha, ghearr Niall O’Reilly isteach ón gcliathán chun iarracht a thabhairt faoi chúilín. Ní raibh an iarracht sin sách fada ach theip ar an lánchúlaí Iarflaith Ó Conchubhair agus ar an gcúl báire, Diarmuid Mac Donnacha, an liathróid a ghlanadh amach agus san eangach a chríochnaigh sí.

Trí nóiméad ina dhiaidh sin bhí cúl ag Bhulf Tón. Seoladh pas isteach chomh fada leis an lántosach mór, Fiachra Ward, agus cé gur thit an liathróid uaidh, d’éirigh leis í a chiceáil thar an líne. Cé gur éirigh le Cillín de Paor cúl breá a fháil don Cheathrú Rua in am cúitimh, bhí rás na nGaillimheach rite.

Chruthaigh an Cheathrú Rua go maith go dtí sin. Chuir siad tús láidir leis an gcluiche agus bhí siad ceithre phointe chun cinn agus gan ach deich nóiméad imeartha. Oisín Ó Gríofa a fuair an chéad dá scór dóibh agus bhí lámh aige freisin sa chúl, a fuair siad tar éis 11 nóiméad.

Chuaigh Ó Gríofa ar ruathar ó lár páirce agus bhuail sé an trasnán le hurchar ceart. Nuair a phreab an liathróid ar ais bhí Seán Óg Ó Loideán san áit cheart chun í a fhliceáil isteach san eangach. Ar an drochuair d’fhir Chonamara, gortaíodh Ó Gríofa sa ghluaiseacht chéanna agus ba mhór an chailliúint é as sin go deireadh.

D’fhág an cúl sin go raibh an Cheathrú Rua chun tosaigh, 1-3 i gcoinne 0-2, ach tháinig Bhulf Tón ar ais go láidir agus fuair siad trí chúilín as a chéile. Iarimreoir na Mí Cian Ward a fuair péire díobh sin. Fuair Seán Óg Ó Loideáin agus Niall O’Reilly Bhulf Tón scóranna maithe ansin roimh leath ama, rud a d’fhág pointe amháin idir na foirne ag an mbriseadh, agus an Cheathrú Rua 1-4 in aghaidh 0-6 chun tosaigh.

Ní rófhada a bhí an farasbarr sin ag fir Chonamara i ndiaidh leath ama áfach mar fuair Bhulf Tón cúl go luath sa dara leath. Seoladh pas mór fada i dtreo Fhiachra Ward agus nuair nár léigh Iarfhlaith Ó Conchubhair preabadh na liathróide i gceart, fuair Ward seilbh na liathróide os comhair an chúil. Thug sé pas trasna an chúil uaidh do Conor Sheppard, a chuir críoch leis an ngluaiseacht.

D’aimsigh Cian Ward cic saor eile ina dhiaidh sin do Bhulf Tón, scór a d’fhág ceithre phointe chun cinn iad, 1-8 in aghaidh 1-4. Ach díreach mar a rinne fir na Mí sa chéad leath, tháinig an Cheathrú Rua ar ais. D’aimsigh Peadar Ó Conghaile agus Pádraig Ó Loideáin pointí agus nuair a sheol Cormac Ó Cualáin iarracht bhreá thar an trasnán agus sé nóiméad fágtha, ní raibh ach an bhearna is lú idir na foirne.

Is go luath ina dhiaidh sin a tháinig na cúil chinniúnacha, áfach, agus briseadh croí a bhí i ndán don Cheathrú Rua sa deireadh in ainneoin gur éirigh leo seaimpíní 2017, 2016 agus 2015 a chloí ar a mbealach chuig an gcluiche ceannais.

I gcluiche ceannais na sóisear, muintir na háite a bhí ag ceiliúradh nuair a thug na Dúnaibh an lá leo i gcoinne Ghaeil Fhánada. Ba iad fir Fhánada rogha na n-údar roimh an gcluiche toisc iad a bheith ag imirt i Roinn 2 na sraithe i nDún na nGall agus na Dúnaibh a bheith ag imirt i Roinn 4, ach ba léir gur spreagadh mór a bhí san ócáid don fhoireann baile.

Ba iad a d’aimsigh na chéad trí scór den chluiche agus bhí siad 0-5 in aghaidh 0-1 agus gan fiú ceathrú uaire féin imeartha. Tháinig Gaeil Fhánada ar ais go láidir áfach agus ní raibh eatarthu ach pointe ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-4.

Ag na Dúnaibh a bhí an lámh in uachtar arís ag tús an dara leath nuair a d’fhág scóranna ó Shéamus Mac Giolla Bhríde agus Dónal Mac Giolla Bhríde trí phointe chun cinn iad. Choinnigh Gaeil Fhánada orthu ag teacht ar ais, áfach, agus dhá phointe a bhí idir na foirne agus cúig nóiméad fágtha, 0-10 ag na Dúnaibh agus 0-8 ag Gaeil Fhánada. Nuair a d’aimsigh Séamus Ó Frighil cúl do Ghaeil Fhánada bhí an chuma ar an scéal gur croíbhriste a bheadh muintir na háite agus a bhfoireann chun deiridh den chéad uair sa chluiche.

Beidh pobal na nDúnaibh ag ceiliúradh gaisce Allen Pasoma as seo go ceann tamaill, áfach, agus cúl na cinniúna aimsithe ag an bhfear óg. A bhuíochas de Pasoma bhí siad dhá phointe chun cinn ar a gcomharsana nuair a séideadh an fheadóg dheiridh, 1-12 in aghaidh 1-10 agus craobh na sóisear buaite acu ag Comórtais Peile na Gaeltachta den cheathrú huair.

 

Fág freagra ar 'TUAIRISC: Áit sa stair bainte amach ag Bhulf Tón ag Comórtas Peile na Gaeltachta…'

  • Seán

    Ach an raibh focal Gaeilge ag aon duine acu. Ní ceart Comórtas Peile na Gaeltachta a thabhairt ar seo níos mó, is masla é.