TUAIRIM TUAIRISC: Gníomh eisceachtúil radacach atá ag teastáil don Ghaeilge sa chóras oideachais

Caitheadh an Roinn Oideachais uathu pé idé-eolaíocht atá ag cur bac orthu an rud ceart a dhéanamh ar son na Gaeilge

TUAIRIM TUAIRISC: Gníomh eisceachtúil radacach atá ag teastáil don Ghaeilge sa chóras oideachais

Bhí scata scéalta le seachtain anuas ag Tuairisc faoi thuarascáil nua na Roinne Oideachais maidir le staid na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Tuarascáil thábhachtach atá inti agus ba dheas dá dtabharfadh na meáin eile aird níos mó uirthi.

Foilsíodh an tuarascáil mar chuid den obair atá ar siúl ag coiste sa Roinn Oideachais ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge.

Bíodh is nach é sin go díreach an polasaí a gealladh i gClár an Rialtais, tá a leithéid ag teastáil.

Sea, tuarascáil an-mhaith atá inti agus tá moladh tuillte ag an gcoiste a d’ordaigh agus ag lucht na staitisticí a d’ullmhaigh.

Tá tús curtha anois chomh maith le próiseas comhairliúcháin phoiblí i leith an pholasaí nua.

Tá go maith, ach aon duine atá ag cuimhneamh ar pháirt a ghlacadh sa phróiseas sin, ba cheart ceist shonrach amháin a bheith ar bharr a dteanga acu.

Cad ina thaobh go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú cheana féin d’fhianaise a gcuid taighde féin?

Insíonn gach aon fhíric, gach aon fhigiúir agus gach aon bhlúire eolais sa tuarascáil bhreá nua seo an scéal céanna.

Níl dóthain scoileanna lán-Ghaeilge againn.

De réir thaighde na Roinne, ní dheachaigh ach 36% de na daltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

I 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Níl aon ghaelcholáiste i 13 contae.

Is léir, mar sin, ón dtuarascáil seo an phráinn mhór atá ag baint lena thuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.

Dhéanfadh a thuilleadh scoileanna dá leithéid an-mhaitheas agus is léir an dochar mór atá á dhéanamh don teanga dá n-uireasa

Cad ina thaobh mar sin go bhfuil an beagán tráchtaireachta atá sa tuarascáil bhreá eolaíoch nua seo chomh doicheallach roimh bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua?

An chúis, a deirtear, ná nach mbeidh mórán scoileanna in aon chor á mbunú sna blianta amach romhainn mar gheall ar an athrú ar chúrsaí déimeagrafacha atá ar na bacáin.

Ní haon leithscéal an méid sin.

Ní haon bhaol an t-athrú sin ar chúrsaí déimeagrafacha don Bhéarla, ná don oideachas lán-Bhéarla, ach ní gá gur baol a bheadh ann don Ghaeilge ach oiread dá mbeifí sásta eisceacht a dhéanamh do chéad teanga oifigiúil an stáit.

Agus is gá, mar is léir ó thuarascáil na Roinne féin, eisceacht a dhéanamh.

Gníomh eisceachtúil radacach atá ag teastáil.

Déarfá gur cúis mhaith atá san fhianaise go léir sa tuarascáil bhreá seo an gníomh radacach sin a dhéanamh don ngaeloideachas agus don nGaeilge.

Bheadh dul amú ort, is cosúil.

Deir an Roinn Oideachais gur dócha nach mbeidh ach ‘deiseanna teoranta’ ann gaelscoileanna agus gaelcholáistí nua a bhunú sna blianta amach romhainn.

Cearta bunúsacha oideachais agus teanga? Gabh ár bpardún, ach deiseanna teoranta a bheidh ann.

Bás teanga? Gabh ár bpardún, ach ní bheidh againn ach deiseanna teoranta teacht i gcabhair uirthi.

Sop an aonaid Ghaeilge in áit scuab an ghaelcholáiste atá chugainn de réir dealraimh.

Ná glactar leis.

Tá sé in am ag an Roinn Oideachais fás suas agus géilleadh d’fhíricí an tsaoil.

Cuiridís an ruaig ar pé easpa misnigh atá ag cur stop leo beart a dhéanamh de réir a bhfianaise féin.

Caithidís uathu pé idé-eolaíocht atá ag cur bac orthu an rud ceart a dhéanamh.

Agus léidís arís torthaí a dtaighde féin ina dtuarascáil bhreá féin.

Fág freagra ar 'TUAIRIM TUAIRISC: Gníomh eisceachtúil radacach atá ag teastáil don Ghaeilge sa chóras oideachais'

  • Seán ÓM

    Is maith liom an abairt
    “Sop an aonaid Ghaeilge in áit scuab an ghaelcholáiste”.

    Ceart iomlán agaibh faoi na fadhbanna. Ach ní fheicim aon réitigh san alt seo.

    3 cheist.

    Meánscoileanna Béarla a thiontu ina ngaelcholáistí? Cén ceantracha indeanta?

    Mini-ghaelcholaisti le rogha ábhar teorannta a bhunú? Cad é an iosmheid ábhar is múinteoirí?
    Cad é an Gaelcholáiste IS LÚ sa tír mar mhúnla?

    Cén ról atá le himirt ag na gaelscoileanna bunleibhéil i bhfeachtas chun Gaelcholáistí a bhonu?

    Smaointí agus eolas don fheachtasóir le bhur dtoil.

  • Liamo

    Ní dóigh go bnfuil sé praicticiúil méanscoil Bhéarla a thiontú ina Ghaelcholáiste tá Gaeilge meirgeach an-lag ag na múinteoirì sna scoileanna Béarla tá a fhios againne. Beidh sé i bhfad níos fearr Gaelcholáiste neamhspleách a bhunú sna háiteachaí seo ina mbeidh dlús mic léinn mar shampla: sa Mhuileann gCearr óir tá dhá ghaelscoil ann agus ceann eile sa dTulach Mhór, ceann a bhunú i mBéal Átha na Slua a clúdódh Áth Luain agus Béal Átha na Slua, ceann eile bPort Laoise don phéire sa chontae agus ceann in Éadan Dhoire. Táim ag ceapadh ó thaobh múinteoirí de go mbeidh cuid d’ábhár ar Skype nó Zoom le mhúinteirí ó Ghaelcholáistí eile nó méanscoileanna Gaeltachta agus iad ag roinnt ranganna. Go bhfios donsa níl ach gaelcholáiste amháin théis teacht ar an bhfód idir 2019 agus 2022 sè sin Gaelcholáiste Mhaigh Nuad cé go raibh an Roinn Éadóchais sásta tacú le bunú beagnach 20 cinn eile trí Bhéarla

  • Agus sin sin

    Cad chuige nach bhféadfadh bunscoileanna fás ag a bheith ina mór scoileanna- i. bun agus iarbhunscoil faoi aon scoil amháin. Seachas iarbhunscoil ‘nua’ a bhunú, sa chaoi sin sheachnófaí an siar is aniar ó thaobh cead pleanála agus na troideanna pátrúnachta do scoileanna ‘dara leibhéal’.
    Mar shampla, sa cheantar sin i mBÁC a raibh an agóid ann an tseachtain seo de bharr gan iarbhunscoil lán-Ghaeilge, d’fhéadfaidís araon aontú ar bhunscoil amháin sa cheantair a uasghrádú ina scoil chéad agus dara leibhéal, agus rachadh daltaí na mbunscoileanna eile ón gceantar isteach in san scoil uasghrádaithe sin don dara leibhéal. Déantar seo i roinnt tíortha eile, nó ceal acmhainní d’fhéadfaí Bliain 1 go 3 a chur leis an mbunscoil (ar laghad bhainfeadh na daltaí leibhéal an T. Shóisearaigh amach ansin).