Troid mhór Katie Taylor i mBaile Átha Cliath curtha ar athlá

Bhí an dornálaí as Cill Mhantáin agus Amanda Serrano le haghaidh a thabhairt ar a chéile ar an 20 Bealtaine ach tá sé fógartha go bhfuil an troid le cur siar agus Serrano gortaithe

Troid mhór Katie Taylor i mBaile Átha Cliath curtha ar athlá

Katie Taylor. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Tá an troid mhór a bhí le bheith ag Katie Taylor i mBaile Átha Cliath an samhradh seo curtha ar athlá.

Bhí an dornálaí as Cill Mhantáin agus Amanda Serrano le haghaidh a thabhairt ar a chéile ar an 20 Bealtaine ach tá sé fógartha anois go bhfuil an troid le cur siar de thoradh gortú a bhain do Serrano.

Bhí an troid le bheith ar an gcéad cheann ag Taylor in Éirinn ó thosaigh sí ag troid go gairmiúil in 2016.

Bhí caint ann go reáchtálfaí an ócáid i bPáirc an Chrócaigh ach deimhníodh ag tús mhí Feabhra gur sa 3Arena a bheadh an bheirt ag troid. Ní raibh na ticéid don troid curtha ar díol go fóill.

Tá an choimhlint le cur siar tamaillín anois, áfach, agus gortú ag cur as do bhean Phortó Ríce.

Níl aon fhógra déanta go fóill maidir le cén uair a bheidh an bheirt ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís.

Bhuaigh Taylor ar Serrano i dtroid i Madison Square Garden i Nua-Eabhrac mí Aibreáin anuraidh.

Fág freagra ar 'Troid mhór Katie Taylor i mBaile Átha Cliath curtha ar athlá'