Triail mná as Conamara curtha ar athló

Is sa Bhealtaine seo chugainn a chuirfear tús le triail Maureen Folan, ar as Carna, Co. na Gaillimhe, ó dhúchas di

Screen-Shot-2015-11-24-at-16.05.08-770x429

Tá triail mná 42 bliain d’aois as Carna, Conamara, curtha ar athló go dtí an Bhealtaine seo chugainn. Bhíothas le tús a chur lena triail tráthnóna i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe.

Dé Máirt seo caite, phléadáil Maureen Folan, ar as Carna ó dhúchas di ach a bhfuil seoladh anois aici ag 5 Inis Teampaill, Cionn Locha, Co. Liatroma, neamhchiontach sa 17 cúis atá curtha ina leith.

Baineann na cúiseanna sin le goid suimeanna airgid arbh fhiú €30,950 san iomlán iad ó Bhanc-Aontas Éireann (AIB) ar Bhóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh, idir an 5 Lúnasa 2004 agus an 25 Meitheamh 2005.

Tugadh giúiré seisear ban agus seisear fear le chéile le fianaise a éisteacht sa triail ach ansin cuireadh in iúl dóibh go bhfuil an triail curtha ar athló, tar éis do na habhcóidí cosanta agus ionchúisimh teacht ar aon fhocal nach gcuirfí deireadh leis an triail faoin Aoine bheag seo.

Scaoil an Breitheamh Rory McCabe leis an ngiúiré agus ghabh leithscéal le lucht an ghiúiré as aon mhíchaoithiúlacht a bhí ann de bharr an triail a bheith curtha ar athló.

Shocraigh sé go gcuirfí tús leis an triail Dé Máirt, an 10 Bealtaine 2016.