Trí scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge san iomaíocht do chraobh díospóireachta na hÉireann

Beidh babhtaí ceannais Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Ghael Linn ar siúl tráthnóna agus cúrsaí cultúir agus oideachais le plé

Trí scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge san iomaíocht do chraobh díospóireachta na hÉireann

Trí scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge as Baile Átha Cliath a bheidh san iomaíocht do chraobhacha na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2019 a bheidh ar siúl tráthnóna i mBiorra i gContae Uíbh Fhailí.

‘Tá cultúr na tíre slán sábháilte i lámha an aosa óig’ an rún a bheidh á phlé i mbabhta ceannais na sóisear. Is iad na scoileanna a bheidh san iomaíocht do chraobh na sóisear Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, an Daingean agus  Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin as Baile Átha Cliath.

‘Is córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí’ an t-ábhar cainte a bheidh ag na sinsir mar a mbeidh Coláiste Eoin á fhéachaint le trí scoil Ghaeltachta – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus Coláiste Pobail Ráth Chairn.

Is é an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhuaigh an comórtas seo ina fhear óg, an t-aoichainteoir a bheidh ag craobhacha na bliana seo.

Beidh na babhtaí ceannais, a gcuirfear tús leo ag 5pm in Óstán an County Arms i mBiorra, á sruthú beo ar leathanach Facebook Molscéal TG4.

Os cionn 50 foireann, ó scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, a ghlac páirt i gcomórtas Uí Chadhain 2019.

Fág freagra ar 'Trí scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge san iomaíocht do chraobh díospóireachta na hÉireann'